Maraítear céatadán neamhchiontach chomh maith leis an dream ciontach i rith an ama. Bhí údar buartha ag daoine faoi mharú dleathach Troy Davis le gairid mar a mhíníonn Brian Ó Broin.
Fuair Troy Davis bás ar an 21 Meán Fomhair i mbliana. Níor rud suntasach ann féin é a bhás, ó fhaigheann 6,744 bás gach lá sna Stáit Aontaithe, ach ba é cineál a bháis an rud ba shuntasaí faoi. Ag 10.53i.n. tráthnóna, ceanglaíodh de thralaí otharlainne é, cuireadh diltálaire isteach i bhféithe a dhá sciathán, agus instealladh nimh iontu, sa chaoi go raibh sé marbh faoi 11.08pm.
Níor thimpiste a bhás, ná dúnmharú ach oiread, cé gur cuireadh chun báis é d’aon ghnó. Níor cúisíodh éinne as an marú réamhbheartaithe seo, agus fanann na daoine a mharaigh é saor. Fanfaidh freisin, mar i bhfírinne, maraíodh Troy Davis le caoinchead Stát Georgia, ar leis an charchair inár cuireadh chun báis é. Níor eisceacht é a bhás ach oiread. An lá céanna chuir Stát Texas Lawrence Brewer chun báis agus an lá dár gcionn, chuir Stát Alabama Derrick Mason chun báis. Cuireadh 35 duine chun báis timpeall na Stát Aontaithe cheana féin i mbliana. Ba é Troy Davis an 1,269ú duine a cuireadh chun báis sna Stáit Aontaithe ó 1976, nuair a thug na cúirteanna cead do na stáit agairt an bháis a úsáid arís, tar éis sos ceithre bliana nuair a rialaigh Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe go raibh sé in aghaidh dlí an Bhunreachta.
Gan amhras, níor aingeal é Troy Davis. Óna laethanta scoile amach, bhíodh sé ar guairdeall leis na dronga míchearta. Gabhadh é am amháin i seilbh gunna a raibh an uimhir chláraithe bainte de. Ar an 18 Lúnasa, 1989, bhí sé ag ól agus ag tiomáint timpeall Savannah, Georgia. Seans maith go raibh sé ag tabhairt gréasála do dhaoine, agus go cinnte bhí sé in aice láimhe nuair a chuaigh cúrsaí as smacht ar fad os comhair bialann mearbhia i gceantar Cloverdale, nuair a thosaigh Davis agus a chairde ag bualadh meisceora le stoc gunna. Nuair a rinne garda slándála an tsiopa, Mark Mac Phail, iarracht an léasadh a stad, ardaíodh an gunna, agus lámhachadh Mac Phail faoi dhó, uair amháin san aghaidh, agus uair eile tríd an gcroí.
Póilín Maraithe
B’fhéidir nach mbeadh Davis agus a chairde chomh réidh sin an gunna a úsáid dá mbeadh a fhios acu gur phóilín é an tUasal Mac Phail, a bhí ag obair go páirtaimseartha sa bhialann istoíche chun breis airgid a sholáthar dá mhuirín. Taobh istigh de chúpla uair an chloig, bhí gach póilín sa Stát ag lorg Davis agus a chairde. Theith Davis go teach a mháthar in Atlanta, agus cúpla lá dár gcionn thiomáin sé ar ais agus ghéill sé do na póilíní.
An deacracht ba mhó leis an gcás ná nár ceanglaíodh Davis leis an marú go díreach ariamh. Thug a chairde le fios gurbh eisean an gunnadóir, ach tharraingíodar na líomhaintí seo ar ais ina dhiaidh sin. Níor aimsíodh an gunna a mharaigh an póilín ariamh. Is cosúil go raibh éadaí fuilteacha ag Davis, ach níorbh fhéidir iad a thástáil mar thóg na póilíní iad ó theach a mháthar go mídhleathach, agus b’éigean iad a chaitheamh amach mar fhianaise. Muna raibh fianaise ar bith ina aghaidh, níor mhaolaigh sin rotha na cóire, agus an 28 Lúnasa 1991, tar éis do choiste dhá uair a chloig a chaitheamh á phlé, fuarthas ciontach é. Daoradh chun báis é dhá lá dár gcionn.
Mar is léir, tá fadhbanna uafásacha leis an gcás. Cé gur léir go raibh Davis i láthair nuair a maraíodh Mac Phail, níor cruthaíodh ariamh gurbh eisean a scaoil an t-urchar. Cuireadh chun báis é ar fhocal na beirte eile a bhí páirteach sa dhúnmharú, agus b’shin uile.
Údar Buairimh
Cuireann an cás seo buaireamh ar raidhse daoine. Más féidir Troy Davis a chur chun báis ar fhocal beirt choirpeach, cad chuige nárbh fhéidir le dream ar bith fianaise bhréagach a thabhairt i dtaobh dhúnmharuithe agus agairt an bháis a tharraingt ar dhuine neamhchiontach? Agus seo ar aigne acu, rinne Amnesty International, An Pápa Benedict XVI, an t-iar-Uachtarán Jimmy Carter, an tArdeaspag Desmond Tutu, agus go leor eile, iarrachtaí idirghabháil a dhéanamh thar ceann Davis. Ach níorbh fhiú tráithnín a ladar i ndeireadh báire. Cé gur thóg sé fiche bliain dul tríd na hachomhairc go léir, thograigh na húdaráis an daorbhreith a choinneáil. Bhí a fhios ag an saol go raibh a phort seinnte nuair a dhiúltaigh Ardchúirt na Stát Aontaithe athbhreithniú a dhéanamh ar an scéal ar an 20 Meán Fomhair, ainneoin achainí ar an stát a shínigh milliún duine.
Ní hé bás Troy Davis is mó atá ag déanamh scime do dhaoine, ach chomh éasca is a daoradh chun báis é gan fianaise. Má bhreathnaítear ar na staidrimh, tagann ceisteanna cine chun solais freisin. I mbliana, ba dhaoine gorma iad 42% de na daoine a cuireadh chun báis, cé nach bhfuil ach 12% de phobal Mheiriceá gorm. In 80% de chásanna a bhfuil agairt an bháis i gceist iontu, is daoine den chine geal iad 80% de na híobartaigh (cé gurb iad daoine gorma 50% d’íobartaigh dhúnmharuithe sna Stáit Aontaithe).
Fágtar na staidrimh seo ar lár, ámh. Rud barbartha is ea an agairt bháis. An oíche úd, cuireadh an marú ar fionraí ceithre uair an chloig, fad is a bhí coistí áirithe ag cíoradh an cháis. Ansin, os comhair lucht féachana laistiar d’fhuinneog mhór ghloine, agus ina raibh mac an Uasail Mac Phail é féin, ceanglaíodh Davis den tralaí otharlainne, ag tosú leis na rúitíní, agus ag dul suas an choirp go dtí nárbh fhéidir leis aon rud a bhogadh ach a chloigeann. Cuireadh an diltálaire isteach, agus fanadh ar ordú rialtóir na carchrach.
Sa chás seo, d’ardaigh Davis a chloigeann agus bhreathnaigh ar an lucht féachana. Mhaigh sé nárbh eisean ba chúis le bás Mac Phail go díreach, agus dhearbhaigh go raibh sé neamhchiontach. “Sibhse atá ar tí mé a ídiú,” a dúirt sé, “Trócaire Dé ar bhur n-anamacha.” Dhún sé a shúile, agus níor oscail arís iad.