Bhí Tony Birtill ag machnamh ar an mbaint atá ag an ealaíon le gnóthaí muirthéachta, gaol a bhí feiceálach i Learpholl céad bliain ó shin.
Ní dóigh liom go raibh Charlotte Keenan, coimeádaí Dánlann Walker i Learpholl, ag súil le círéibeacha ar na sráideanna nuair a d’eagraigh sí an taispeántas Art in Revolution: Liverpool 1911, atá ar siúl ansin faoi láthair, ach sin mar a bhí sé sa cathair i Mí Lúnasa 2011.
I Mí Márta 1911, d’eagraigh The Sandon Studios Society, scaifte ealaíontóirí radacacha i Learpholl, taispeántas Iarimpriseanach ó mhór-roinn na hEorpa agus ealaíon nua-aimseartha as Éirinn agus as an mBreatain chun dúshlán údáráis na healaíne a thabhairt. Bhí sé lonnaithe sa Walker Art Gallery an t-am sin.
Chum an scríbhneoir/ealaíontóir Roger Fry an téarma ‘Iarimpriseanachas’ chun cur síos ar shaothar ealaíontóirí mar Gauguin, van Gogh, Matisse, Sérusier, Signac agus Cézanne agus bhí pictiúirí dá gcuid sa taispeántas i Learpholl i 1911.
D’eagraigh Roger Fry an taispeántas ‘Manet and the Post-Impressionists’ i Londain geimhreadh na bliana roimhe sin, 1910, agus ba mhór an oilbhéim é sa phríomhchathair ag an am. “Míchuíbheasach” an tuairim a nochtadh sna nuachtáin ag an am, rud go deimhin a spreag suim sa phobal ann. Ach bhí meas mór ag a lán scríbhneoirí agus ealaíontóirí ar an taispeántas: “In, or about, December 1910 human character changed,” a dúirt Virginia Woolf, an t-úrscéalaí, faoin imeacht.
Mc Crossan agus Lavery
Bhunaigh scaifte iarmhic léinn ón Scoil ealaíne in Ollscoil Learphoill The Sandon Studios Society i Learpholl i 1905. Ina measc bhí Mary McCrossan(1863-1934), bean de bhunadh na hÉireann. Ealaíontóirí neamhspleacha, cruthaitheacha, nuálacha a bhí sa chumann seo a bhí ag iarraidh Learpholl a shaoradh ó thionchar Londain mar ionad ealaíne ann féin. Mheall sé ealaíontóirí ó áiteanna eile, John Lavery, cuirim i gcás. Rugadh i mBéal Feirste agus tógadh i nGlaschú é, áit a raibh sé ina bhall den ‘Glasgow Boys’, dream ealaíontóirí nua-aimseartha sa chathair sin. Bhí sé breá sásta saothar dá chuid féin a bheith sa taispeántas i Learpholl i 1911 in aice le pictiúirí a bhí sa taispeántas ‘scannalach’ i Londain agus pictiúirí Ciúbacha de chuid Picasso agus saothar Augustus John agus Albert Lipczinski.
“The Sandon exhibition was the first time that works by the Post-Impressionists were shown alongside British(sic) artists of the day. Art in Revolution: Liverpool 1911 aims to evoke this exhibition and examine its impact on the local art scene against the background of political unrest in Liverpool,” a dúirt an coimeádaí, Charlotte Keenan.
Chomh maith leis na pictiúirí, tá tráchtanna ó dhíospóireacht ar Iarimpriseanachas a tharla tar éis an taispeántais i Márta 1911. “Anarchy in the paint pot, mutiny in the brush” an tuairim a bhí ag an Oirmhinneach Lund, a bhí luaite sa nuachtán The Liverpool Courier ag an am. Rinne na meáin chumarsáide ceangal idir athrú sóisialta agus athrú ealaíonta. Mar fhreagra ar an Oirmhinneach Lund, dúirt George Harris ón Sandon Society: “Post-Impressionsim....was a revolution certainly, and respectable people objected to revolutions.”
Corraíl Oibre agus Ealaíne
Bhí atmasféar fíor-réabhlóideach sa chathair mí nó dhó ina dhiaidh sin le stailc mhór fhada i measc na n-oibrithe iompair. Chuaigh an ITGWU ar stailc i mBaile Átha Cliath, ag taobhú lena gcomhleacaithe i Sasana, agus ba é Jim Larkin, Éireannach a rugadh i Learpholl, a bhí ina cheannaire orthu.
Bhí 5,000 trúpaí ar dualgas sa chathair agus bhí long chogaidh HMS Antrim ar ancaire in abhainn na Mersey, dhá ní a chuir leis an teannas i Learpholl ar ndóigh.
Ghair Tom Mann, ceannaire na stailce i Learpholl, ar an phobal a dtacaíocht a léiriú leis na hoibrithe ag slógadh ar St George’s Plateau, os comhair the Walker Art Gallery, Dé Domhnaigh 13ú Lúnasa. Thug na meáin chumarsáide ‘Red Sunday’ ar an imeacht, agus thug siad ‘Bloody Sunday’ ar an Domhnach ina dhiaidh mar gheall ar an fhoréigean a bhí ann. 100,000 duine a bhí i lathair agus bhí gach rud suaimhneach go dtí gur ionsaigh na póilíní iad agus d’fhág 180 taismeach san otharlann ina dhiaidh. Dhá lá ina dhiaidh sin, rinneadh iarracht cimí na caismirte a shaorú as carr carcrach agus scaoil na saighdiúirí leis an slua. Mharaigh siad beirt Chaitliceach - Michael Prendergast agus John Sutcliffe. Le hachrann i gcathracha eile mar Hull, bhí imni ar an rialtas go raibh an tír i mbéal muirthéachta.
“Accounts from Liverpool show that the situation there is more like revolution than a strike,” a dúirt an rí George V i dteachtaireacht a sheol sé chuig an Rúnaí Gnóthaí Baile Winston Churchill.
Tá an trácht seo mar chuid den taispeántas, chomh maith le spola de Pathé news ón choimhlint sa chathair, rud atá iorónta leis na círéibeacha nua a bhí le feiceáil ar an teilifís, an mhí seo caite, 2011!
I rith na gcaismirtí i 1911, bhí an Walker Art Gallery ag iarraidh taispeántas bliantúil suntasach, ‘the Liverpool Autumn Exhibition’ a eagrú, ach bhí siad ag brath ar loingeas agus ar an iarnród chun pictiúirí a fháil anall as tíortha éagsúla ach chuir an stailc agus na círéibeacha stad le seachadadh gach ruda: ”Delivery just now is impossible. We have just been victims of the mob’s rage, resulting in five completely broken windows,” a dúirt an Coimeádar Arthur Quigley 10ú Lúnasa 1911.
Learpholl i mBun an Bhacáin
Chroch muintir na háite bacáin leis na póilíní agus saighdiúirí a choinneáil amach as a gceantair féin: “Liverpool is in a state of unrest. I never saw it in such a condition. Military pickets are stationed everywhere,” a dúirt Quigley, 19 Lúnasa 1911.
Ach shocraigh rudaí síos, leis na fostóirí ag géilleadh do na stailceoirí. Fuair siad aitheantas don cheardchumann, ardú pá agus feabhas ar a gcoinníollacha oibre agus bhí an chuid is mó acu ar ais ag obair roimh dheireadh Mhí Lúnasa.
Lean Quigley ar aghaidh leis an taispeántas, ach ní raibh rath air, le laghdú cuairteoirí agus cáineadh sna meáin chumarsáide. Ag caint ag Dánlann Walker i Mí Nollag na bliana 1911, cháin George Bernard Shaw próiseas rogha an taispeántais: “If more than ten per cent of people said they liked it, that picture should be burned, because we have so neglected things that the public do not know what is really great in art.”
Ba léir go raibh tionchar buan ag an Iarimpriseanachas ar shaol na healaíne. Ina léirmheas bliantúil 1911, scríobhadh sa Manchester Guardian: “Something of what is called Post-Impressionism has come to stay.” – B’fhíor dó. Bhí.
Art in Revolution: Liverpool 1911 Meitheamh 24- Meán Fómhair 25 2011. Saor cead isteach. 10r.n.-5i.n. gach lá.