AR NA SAOLTA SEO
Géarchéim na hEaglaise Rómhánaí in Éirinn: athrú creidimh a theastaíonn.
Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe

Tá Caitlicigh stuama trína chéile faoin méid atá tagtha chun solais maidir leis na scéalta faoi shagairt ag baint mí-úsáide as leanaí lena mianta gnéis a shásamh agus le hiarrachtaí na Vatacáine an oilbhéim a cheilt. Tá réiteach simplí á mholadh ag Donncha Ó hÉallaithe dóibh: a ndílseacht mar Chríostaithe do Mhaigh Nuad agus don Róimh a scaoileadh uathu agus dul le Protastúnachas!

Íomhá
Ayatollah Ruhollah Khomeini
le iranblog ar Vicipéid
Íomhá
W. T. Cosgrave
le SAM ar Vicipéid
Íomhá
Coláiste Phádraig, Maigh Nuad
le Finaghy ar Vicipéid
Íomhá
Obair 1,500 bliain ar neamhní

Is deacair do dhaoine óga na linne seo a thuiscint cé chomh docht a is a bhí an greim ag Eaglais Chaitliceach na hÉireann ar an saol poiblí ó bunaíodh an stát seo beagnach 90 bliain ó shin. Go dtí le gairid, bhí faitíos ar an rialtas gníomhú go polaitiúil in aghaidh mianta coiméadacha na nEaspag, a mba nós leo treoracha a leagan síos don rialtas ó Mhaigh Nuad mar a dhéanadh Ayatollah Khomeini san Iaráin, th’éis don tír sin fáil réidh leis an Shah. Le tionchar na hEaglaise Caitlicí in Éirinn a thuiscint i gceart, níor mhiste an leabhar ‘John Charles Mc Quaid: ruler of Catholic Ireland’ le John Cooney a léamh.

Le córas feidhmiúil meánscolaíochta do na Caitlicigh mheánaicmeacha faoi cheannas na hEaglaise agus le greim docht coinnithe ag sagairt ar theagasc na fealsúnachta agus na socheolaíochta sna hOllscoileanna Náisiúnta, ní hiontas ar bith é nach raibh mórán glacadh sa stát nua ‘neamhspléach’ sna 26 Contae, le smaointí réabhlóideacha polaitíochta ná le liobrálachas maidir le cúrsaí gnéis. B’fhéidir gur baineadh amach neamhspléachas teoranta ó Westminister i 1922 ach níor baineadh amach neamhspléachas ó Mhaigh Nuad.

Ní hamháin go raibh rialú na tíre go mór faoi thionchar na n-easpag ach bhí saol príobháideach daoine á rialú acu chomh fada is a d’fhéadfaí. Tá mé den tuairim gur díbríodh an oiread céanna daoine amach as an tír seo de bharr easpa saoirse ina saol pearsanta is a ndeachaigh ar imirce ar chúinsí geilleagair is ar easpa fostaíochta.

Mar a Ghéill an Saorstát do Mhaigh Nuad

Nuair a bunaíodh an Saorstát níor thóg se i bhfad ar na hEaspaig Caitliceacha, William T. Cosgrave agus rialtas Chumann na nGael a scantrú le dlí a thabhairt isteach i 1925 chun deireadh a chur le colscaradh, rud a ghoill ar an mionlach Protastúnach agus a chruthaigh go raibh bunús leis an mana a bhí ag Aontachtóirí Uladh go mba ionann ‘Home Rule’ agus ‘Rome Rule’. Spreag an an cosc ar cholscaradh an file William Butler Yeats le labhairt amach sa Seanad agus a mheabhrú do Chumann na nGael nach ‘petty people’ a bhí sa stoc Protasúnach as a dtáinig sé féin, Burke, Grattan, Swift, Emmet agus Parnell.

Nuair a ghéill Cumann na nGael do Mhaigh Nuad i 1925 bhí na hEaspaig Rómánacha den tuairim go bhféadfaidís tionchar a imirt ar mhórán gach gné de shaol na tíre. Bhí an oiread aitheantais tugtha ag an ‘poblachtánach’ Éamonn De Valera don Eaglais Románach is nach áibhéil a rá go raibh baint nach beag ag Ardeaspag Bhleá Cliath, John Charles Mc Quaid, le dréachtú Bunreacht na hÉireann 1937, a chinntigh go raibh an stát Caitliceach ó dheas beagnach chomh seictreach céanna leis an stát Protastúnach a tógadh ó thuaidh.

Gnéas agus an Eaglais Caitliceach

Cé go bhfuil móráltacht na Críostaíochta ceaptha a bheith bunaithe ar Dheich nAithne a thug Moses leis anuas ó Sinai, th’éis troscadh 40 lá a bheith déanta ar an sliabh aige, ceapfá ó thréadlitreacha na nEaspag Caitliceach nach raibh ach peaca mór amháin ann: sásamh de chineál ar bith a bhaint as an gcollaíocht.

Spéisiúil mar sin gur mí-usáid daoine óga ag dornán sagart lena mianta collaíochta a shásamh is bunsiocair le briseadh cumhacht na heaglaise, sa deireadh. Bhí misneach ag Enda Kenny labhairt amach sa Dáil, mar a rinne agus léasadh teanga a thabhairt don Vatacáin faoin mbealach ar chuir an Eaglais Románach isteach ar an bpróiséas fiosrúcháin, a bhí ar bun faoi líomhaintí maidir le sagairt i ndeoise áirithe.

Braithim go bhfuil deireadh tagtha le cumhacht na hEaglaise Románaí in Éirinn agus nach mbeidh mórán tionchair a thuilleadh ag Maigh Nuad ar an saol polaitiúil. Is rud maith é sin, im’ thuairimse.

Is léir go bhfuil mearbhall curtha ar go leor Caitliceach stuama ag easpa móráltachta na heaglaise, dá dtugann siad a ndílseacht. Cosúil liom féin, fuair formhór na gCaitliceach in Éirinn a ndilseacht eaglaise mar oidhreacht agus baistíodh isteach sa Chaitliceachas iad gan aon rogha a bheith tugtha dóibh.

Agus a bhfuil tagtha chun solais ó na tuairiscí éagsúla le gairid, ní hiontas ar bith é nach mian le go leor daoine dílseacht a thabhairt a thuilleadh d’eaglais, ar thábhachtaí leis an foras a chosaint thar aon rud eile. Mar a dúirt an Taoiseach Enda Kenny faoin Eaglais Rómhánach sa Dáil ‘the rape and torture of children were downplayed or ‘managed’ to uphold instead the primacy of the institution, its power, standing and ‘reputation’.

Iompó Creidimh mar Réiteach ar an Scéal

Tá sé scathamh fada ó d’éirigh mise as a bheith ag cleachtadh an chreidimh lenar tógadh mé agus b’fhéidir gur dána an mhaise domsa a bheith ag cur mo ladar isteach sa scéal, ag moladh réitigh do dhaoine a bhfuil an creideamh fós acu. ’Sé an fhadhb a bhí agamsa nach bhféadfainn glacadh leis an gcoincheap den Dia Uilechumhachtach a chruthaigh an duine mar gur a mhalairt a chreidimse: ’sé sin gurb é an duine a chruthaigh Dia ar an gcaoi chéanna is a chruthaigh an duine teangacha, litríocht, ealaíon agus matamaitic, ag baint usáid as samhlaíocht agus réasúnaíocht. Glacaim leis an ‘dia’ atá cruthaithe ag an duine ach ní ghlacaim leis gurb é ‘Dia Uilechumachtach na Críostaíochta’ a chruthaigh an duine ná an domhan.

Nílim ag iarraidh mo leagan amach ar chreidimh a bhrú ar aon duine ach feicim réiteach simplí do Chaitlicigh na hÉireann, a bhraitheann gur deacair dóibh an creideamh a fuair siad le hoidhreacht a chleachtadh a thuilleadh san Eaglais Rómánach. B’fhéidir go bhfuil an t-am tagtha go mba cheart dóibh an cheist a chur orthu féin, an mbeadh sé níos fearr dóibh a ndílseacht eaglaise a athrú ón Eaglais Románach go hEaglais Protastúnach éicint.

Ag deireadh thiar thall, níl mórán de dhifríocht idir an creideamh atá ag Caitlicigh Rómánacha agus baill d’Eaglais na hÉireann sa tír seo, do réir mo thuisceana ar an scéal:

  • Níl an oiread sin difir idir na paidreacha agus na searmanais.

  • Creideann an dá dhream in ‘Íosa Chríost, Aonmhac Dé’ agus gach a leagadh síos do ag Nicea agus Constantinoble sa 4ú aois.

  • Cuireann an Protastúnach níos mó béim ar a bhfuil le léamh sa mBíobla.

  • Tugann an Protastúnachas níos mó saoirse do choinsias an duine maidir le móráltacht pearsanta.

  • Tá riar den daonlathas ag baint leis an bProtastúnachas.

  • Glactar le mná mar mhinistéirí agus mar easpaig Phrotastúnacha.

  • Ceadaítear do mhinistéirí pósadh agus tá dearcadh níos sláintiúla i leith an homaighnéasachais ag Eaglais na hÉireann.

  • Ní iarrann an Protastúnachas ort glacadh leis go bhfuil de chumhacht ag sagart an t-arán agus an fhíon a athrú go corp Chríost agus gur sin atá sa gcomaoineach.

Do na Críostaithe consiasacha atá ag brath éirí as a bheith ag cleachtadh a gcreidimh le barr a ndéistine faoi dhrochiompar na gcléir san Eaglais Caitliceach, nach mb’fhearr i bhfad dóibh iompó ina bProtastúnaigh agus an creideamh pearsanta atá acu in Íosa Críost a chleachtadh i gcónaí. Sin a dhéanfainnse dá mbeinn im’ Chríostaí fós.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.