AR NA SAOLTA SEO
An Ghaoth ‘Rua’ i nGleann na nIontas
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Níl cuma ná caoi ar chur chuige fhorbairt áiseanna Shliabh a Liag agus is é tuairim Tony Birtill go bhfuil dochar déanta do cheann de phríomhspriocanna turasóireachta na tíre.

Íomhá
Duilliúr scáinte, cuiríní feoite ag gaoth reo agus athbhuinniú i mbarr géige Mí Iúil
Íomhá
Duilliúr fearnóige tite le gaoth reo Mí Iúil
Íomhá
An gainéad
le Michael Haferkamp ar Vicipéid
Íomhá
Gráin roimh thurasóirí

Cé go bhfuil mé ag obair le Oideas Gael le breis is 20 bliana, cuireann Gleann Cholm Cille iontas orm go fóill. Sin mar a bhí sé nuair a d’phill mé anseo i Mí Meithimh agus d’oscail mé na cuirtíní ar maidin; shíl mé go raibh mé an Fómhar linn go fóill mar bhí dath donn ar dhuilliúr na gcrann agus nuair a shiúil mé síos an bóthairín bhí duilleoga faoi mo chois.

‘An ghaoth rua’, nó ‘an ghaoth reo’ a thug bunadh na háite ar stoirm mhillteanach a mhair cúpla lá agus a rinne an dochar do na crainn, dochar a bhí le feiceáil chomh fada soir le Leitir Ceanainn, d’inis siad dom. Agus scríos an ghaoth ‘rua’ / reo prátaí ar fud an cheantair fosta.

Ach cé go n-éistim leis an nuacht ar RTÉ Raidió 1 gach lá, níor chuala mé iomrá ar an aistíl aimsire neamhghnách seo. “n fáth?” a d’fhiafraigh mé de bhean áitiúil a bhíonn ag obair le TG4. “Mar níor tharla sé i mBaile Átha Cliath nó san oirthear” a dúirt sí liom.

De réir alt a scríobh Michael Viney san Irish Times (11.6.11), rinne goirteamas an tsáile sa stoirm an dochar, dochar a bhí le feiceáil ó Chonmara go Oileán Acla go Dún na nGall: “Even in July, Malin Head gets 10 times as much sodium as Birr in Co. Offaly” a dúirt Viney, atá ina chónaí ar Oileán Acla, san alt.

Ach bhí a lán daoine amhrasach faoin scéal. Dúirt feirmeoir amháin, atá 80 bliana d’aois, liom nach bhfaca sé a leithéid riamh ina shaol fada agus níor chuala sé trácht air fiú nuair a bhí sé óg.

An Traonach

Bhí feirmeoir eile ag glanadh páirce in aice liom, páirc a bhí mothrach le blianta, agus nuair a ghearr sé roinnt tom ar ais thug mé faoi deara go raibh trí ghallán ina seasamh le chéile. Chuir mé an scéal chuig seandálaí áitiúil ach ní bhfuair mé aon tuairim fúthu go fóill. Ní bheadh a fhios agat i nGleann Cholm Cille cad é atá i bhfolach ort!

Rud amháin a bhí i bhfolach orainn agus bhí a fhios againn cad é a bhí ann ná traonach. Seo éan nár chuala mé anseo le 20 bliana, measaim. Crex Crex an t-ainm Laidine atá air mar gurb ’in é an glaoch a dhéanann sé agus é i bhfolach i bhféar fada na páirce.

D’inis mé do mhuintir mo chúrsa timpeallachta gur éan gann é an traonach sa lá atá inniu ann mar gearrann feirmeoirí an féar níos luaithe sa Samhradh anois agus scriosann siad neadacha an traonach dá dheasca. “Ach chuala muid ceann ag an sos tae ar maidin sa pháirc amach os comhair Oideas Gael” a dúirt siad liom. Iontas Eile Ghleann Cholm Cille

Bhí áthas orm an scéal seo a cloisteáil agus ba chuma liom go raibh mé ar an neamheolas sa seomra ranga! Bíonn an traonach le cloisteáil lá agus oíche le seachtain anuas. An rud is annamh is iontach, mar a deir siad.

An Gainéad

Tá Carraig na Roise, Gleann Cholm Cille, luaite sa leabhar Finding Birds in Ireland le Eric Dempsey agus Michael O’Clery. Is é an gainéad an t-éan is ansa liom ansin - tá sé an-mhór, an-deartha is maorga agus tá sé go hiontach é a fheiceáil ag tolgadh anuas ó airde an aeir síos díreach ingearach ag 90 céim isteach san fharraige le hiasc a cheapadh faoin fharraige.

Bíonn siad i bhfad uaim de ghnáth, ach faraor fuair mé gainéad marbh ar an trá a raibh téad i bhfostú ina ghob. Níl a fhios agam cén dóigh ar tharla seo, ach chuir sé brón orm, agus ar an mbuíon a bhí in éineacht liom, éan maorga mar seo a fheiceáil marbh mar gheall ar rud saorga de dhéantús an duine. An bhfaca léitheoir ar bith an léithéid riamh?

Chuir rud saorga eile isteach orainn agus sinn amuigh ag siúl ar Lúb an Túir - sorn a bhí caite ar leataobh an chosáin. Seo ceann de na Lúb Siúlóidí atá leagtha amach ar fud na tíre chun siúlóirí a mhealladh chuig Éirinn. Ba léir gur thóg duine éigin a bhfuil tarracóir aige an sorn suas an cnoc le fáil réidh leis. Fuair sé réidh leis, ceart go leor, ach rinne sé dochar don turasóireacht, an tionscal is tábhachtaí i dTír Conaill, ag an am céanna. Cad é is fiú Lúb Siúlóidí Náisiúnta a leagan amach muna dtugtar aire dóibh.

Ar an ábhar sin, thug mé faoi deara nach bhfuil biseach ar bith ar Sliabh Liag ón Samhradh anuraidh. (Beo, eagrán 113, Meán Fómhair 2010). Seo an tarraingt turasóireachta is mó sa cheantar seo (uimhir 18 sa Lonely Planet de ‘Top 25 Irish Tourist Experiences’) agus d’ainneoin ráiteas ó Mary Hanafin (5/8/10) go mbeadh an rialtas ag caitheamh dhá milliún €uro ar ‘fhorbairt’ ar Shliabh Liag, tá droch-chuma ar an áit go fóill.

Madaidh Scaoilte is Clocha Ceangailte

Tá rudaí saorga, mar clár fógraí amaideach agus binsí plaisteacha fós sa charrchlós ag Bun Glas, os comhair aillte Sliabh Liag agus graffiti péinteáillte i litreacha móra dearga ‘Carl loves Breege’ díreach ag deireadh Cosán an Aon Fhir, cóngarach do bharr an sliabh. Graffiti atá ansin ó Samhradh 2009!

Roimh sin, tá an líne carraigeacha atá péinteáilte buí, geal, feiceálach agus gránna ón fhothrach séipéil go dtí imeall na n-aillte ansin go fóill. Thug na siúlóirí ‘Bóthar na mBrící Buí’ ar an milleadh seo, milleadh atá mar chuid de ‘fhorbairt na háite’!

Deir fógra in aice leo: ‘Treoróidh na marcanna buí ar na clocha agus ar bholláin i dtreo thoir thuaidh thú ar ais go cosán rochtana an Oilithrigh. Ná fág aon rian de do thuras le do thoil.’ Ach cad é atá sna clocha buí ach rian gránna millteanach, déanta ag daoine gan meas ar bith acu ar an timpeallacht?

Cé go bhfuil a lán airgid caite ar an adhfhuafaireacht thuas luaite, níor deisíodh an cosán traidisiúnta in aon slí, d’ainneoin an fógra a bhí sa charrchlós anuraidh a mhaígh: ‘tá clár oibre athchóirithe agus deisiúcháin idir lámha.’ (Beo eagrán 113, Meán Fómhair 2010).

Bíonn an clábar millteanach agus contúirteach ar an chosán ar lá atá fliuch agus éiríonn sé níos measa gach bliain.

Tarlaíonn an cineál dochair seo ar chosáin cháiliúla mar Striding Edge sa Lake District i Sasana ach níl sé deacair a dheisiú - tá na scileanna forleathan agus an teicneolaíocht simplí. Cuireann sé iontas orm nach bhfuil an cosán ar Shliabh Liag deisithe go fóill.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.