AR NA SAOLTA SEO
An Lucht Siúil (2)
Mícheál Ó hAodha Mícheál Ó hAodha

Déanann Mícheál Ó hAodha trácht ar leabhair sa dara halt faoin Lucht Siúil, leabhair a scríobh roinnt den Lucht Siúil iad féin.

Íomhá
Campa le taobh an bhóthair 1946
Nat. Archief na hÍsiltíre ar Flickr.com
Íomhá
Bogadh ar aghaidh, d'easpa ceadúnas háicéara
Íomhá
Lucht siúil in Albain 1956
le caoinchead Scottish Studies Archive

Tá scéalaithe ag teacht chun cinn sa Lucht Siúil féin le tamall beag anuas, scríbhneoirí agus staraithe agus é mar chuspóir acu bréagnú a dhéanamh ar chuid den chineshamhlú. Tá leabhar le Seán Maher, leabhar dár teideal The Road to God Knows Where (1972) léite ag daoine áirithe chomh maith leis an leabhar Traveller (1985) le Nan Joyce ach foilsíodh dornán leabhar eile le deireanas nach bhfuair an méid céanna poiblíochta b’fhéidir - ina measc Paveewhack (2001) le Peter Brady agus cuimhní cinn ar nós Parley-Poet and Chanter (2004) le Pecker Dunne agus The Candlelight Painter (2004) le William Cauley. I measc na scríbhneoirí seo tá Mary Warde– bean on Lucht Siúil a d’fhoilsigh a céad leabhar le déanaí – “The Turn of the Hand”: A Memoir from the Irish Margins.

Mar a bheifeá ag dúil leis, tá tagairtí i leabhar seo Mary Warde don tslí ina ndearnadh leatrom ar an Lucht Siúil san am atá thart agus don tslí inar caitheadh anuas orthu. Is as Tuaim i gContae na Gaillimhe di. Rugadh Mary i gcampa ar thaobh an bhóthair os cionn leathchéad bliain ó shin agus tá cuimhne an-mhaith aici ar an saol crua a bhí ag an Lucht Siúil amuigh faoin dtuath, go mór mór sa tréimhse sin idir na Ceathrachaidí agus na Seascaidí – ar ndóigh ba ag deireadh na Seascaidí a thosaigh tréimhse an-chorraitheach i saol an Lucht Siúil in Éirinn – bhog formhór an Lucht Siúil Éireannach isteach sna bailte móra ag an tréimhse sin agus shocraigh a bhformhór ar shaol níos “buanlonnaithe” a bheith acu – an pobal ag dul chun cónaithe ar shuíomh champála agus i dtithe ar bhonn níos fadtéarmaí.

An Dá Phobal

Leagann Mary Ward an sprioc ata roimpi sna cuimhní cinn seo amach ag tús an scéil.

We have lived beside each other for centuries on the small island that is called Ireland. We’ve lived within a stone’s throw of one another – within spitting distance – and yet, there’s never been as much misunderstanding and lack of communication. The same was true in the past and it’s true to a certain extent even today. Because myth forms people’s perceptions of one another. It’s all they have, the only mirror where they can see the other who might be a stranger to them…

Rinne Mary go leor taighde sna leabharlanna agus sna cartlanna don scéal ríspeisiúil seo. Trí iniúchadh a dhéanamh ar scéal a muintire féin – clann Mhic an Bhaird – tugann sí léargas dúinn, ní hamháin ar an scéal a bhain le clann amháin den Lucht Siúil, ach ar léargas ar stair na hÉireann trí chéile.

I’m tracing back now, drawing my way back through the well of the years to where the only history is what is passed down – from gather to cam (father to son). This is oral history now because it’s all that we Irish were left with for the many centuries. All that we had. And a Ward family member, a Traveller Ward – he fought at the Battle of Vinegar Hill. He fought in 1798, spilled blood in the place where the blood flowed like rain. And from death and destruction came rebirth – he met a girl named Brigid Keefe.

She was a settled girl, one of the many women who were involved in the rebellion and often-forgotten….And they married in the place which they then called the “hidden Church”.

Cleamhnas Trasphobail

Tá cur síos thar a bheith spéisiúil tugtha ag Mary Ward ar na tréimhsí a chaith a hathair agus huncail léi i Scoil Cheartúcháin Leitir Fraic. Is ábhar suntais iad na ginealaigh a ndearna sí taighde cúramach orthu agus an tslí inar phós daoine ón bpobal buanlonnaithe baill den Lucht Siúil, go mór mór i ndiaidh an Drochshaoil. Is cosúil nach raibh na bacanna nó an naimhdeas céanna idir na pobail éagsúla .i. an pobal buanlonnaithe agus an Lucht Siúil san am atá thart. Ar ndóigh is féidir na filí taistil, leithéidí Raiftearaí, Eoghan Rua Ó Súilleabháin agus Mícheál Mac Suibhne sa naoú haois déag á áireamh ina measc freisin. Bhí fonn ar Mhary a fháil amach an raibh na taifeadtaí béil a chuala sí timpeall na tine ag teacht leis na taifeadtaí scríofa ar tháinig sí orthu sna hoifigí ginealais agus i dtaifeadtaí an pharóiste. Tríd is tríd, bhí na taifeadtaí ag teacht lena chéile, iad araon bailí agus iad ag deimhniú a chéile.

Deir daoine áirithe gur fágadh an Lucht Siúil amach nuair a bhí stair na hÉireann á scríobh – agus tá an ceart ar fad acu. Má táimíd ag brath ar fhoinsí (Béarla) Sasanacha mar a dhéanann formhór staraithe na hÉireann fiú sa lá atá inniú ann - ní haon iontas é nach féidir linn pictiúr cruinn den stair a fháil. Bhí an ceart ar fad ag an scoláire Declan Kiberd ar ndóigh nuair a bhaist sé Inventing Ireland mar theideal ar an leabhar clúiteach sin aige. I measc na scéalta suimiúla a luann Mary Ward sa leabhar tá cur síos ar eachtra inar chuir fear ón Lucht Siúil (glantóir poll deataigh) agus daoine ón bpobal buanlonnaithe an dallamullóg ar na Dúchrónaigh i nGaillimh nuair a bhí na Tans ag lorg gunnaí agus iad sa tóir chomh maith ar fhir a bhí ar a gcoimeád. Tá seanghriangraif neamhghnácha sa leabhar seo a chaomhnaigh daoine go cúramach le blianta fada – ina measc pictiúr de bheirt buachaillí ón Lucht Siúil agus a máthair a bhí ar cuairt chucu agus a tógadh taobh amuigh de Scoil Cheartúcháin Leitir Fraic sna luathfhichidí. Sa leabhar “The Turn of the Hand” tá iarracht thábhachtach déanta ag Mary Ward a pobal féin a “scríobh ar ais” ar leathanaigh stair na hÉireann, iad a thabhairt isteach ón imeall. Go mba fada buan a saothar!

Is feidir an leabhar “The Turn of the Hand”: A Memoir from the Irish Margins a cheannach ar Amazon nó ar an suíomh seo - http://www.c-s-p.org/ Téann pé brabús a dhéantar ar dhíolachán an leabhair seo go Downs Syndrome Ireland.

Tá an Dr. Mícheál Ó hAodha ag obair sa Roinn Staire in Ollscoil Luimnigh. Tá os cionn 40 leabhar foilsithe aige agus tá an chéad cheann eile ar tí a fhoilsithe le Peter Lang, mar chuid den tsraith – “Re-imagining Ireland”.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.