Bhí John-Paul McCarthy ag athléamh leabhar tábhachtach a scríobh Michel Foucault, leabhar a mbeidh a theideal tráthúil i dtólamh faraor, Madness and Civilization.
Scríobhadh an fealsúnaí Francach Michel Foucault ó am go chéile de ghuth acadúil a bhí an-chosúil le guth Judge Holden, an diabhal caol, maol, contúirteach i mBlood Meridian ag an údar Cormac McCarthy. réabadh=bursting">="gloss" title="hardly">Is ar éigean a bhuaileadh Holden an bóthar anuas go Meicsiceó gan cloigeann spailpín suarach a réabadh ar an tslí, agus gan léacht stairiúil a aithris a rinne nasc idir imeagla an tSeantiomna agus lúcháir Dante. Ba dhroichead idir tréimhsí agus módhanna intleachtúla éagsúla Foucault freisin, ach go háirithe agus é ag déanamh iarracht tubaistí ilghnéitheacha stair na Fraince a úsáid chun dólás agus brón a linne féin a thuiscint. Fealsúnaí ab ea Foucault go hoifigiúil, agus léargais uilíocha domhanda idir lámha aige ina chuid leabhar éagsúil. Ach cur chuige díograiseach stairiúil a roghnaigh sé, agus ba é an cur chuige sin a thug snas agus ceol dá chuid scríbhneoireachta. Mhaígh Foucault os ard ina staidéar cáiliúil ar an gcarcair go bhféadfaí anam síoraí an duine dhaonna a fheiceáil i measc seancharn cartlainne réigiúnda éigin.
De réir dealraimh, duine rúndiamhrach, uaibhreach, fuarchúiseach fiú amháin, ba ea Foucault ina shaol féin. Ach do léiríodh sé daonnacht agus trua ón gcroí amach ina chuid scríbhinní. Bhaist Truman Capote ‘taidhleoir na mothúchán’ tráth ar Mharlon Brando agus é fé lán seoil ar an ardán. Taidhleoir eile ab ea Foucault, taidhleoir an dhíomá, nó saineolaí ar an gcliseadh agus ar an gciapadh stairiúil fiú. Insa chéad leabhar uaidh, stair an mheabharghalair fé theideal, An Ghealtacht agus an tSibhialtacht nó Madness and Civilization, dhírigh Foucault ar éabhlóid na sainmhínithe éagsúla dar cuireadh ar an ngealtacht.
An Mhaidhm
Agus an stair á samhlú aige mar thonn farraige fanách, scrúdaíodh céimeanna éagsúla an tsainmhínithe casta seo, ón gcur chuige bog, neamheagraithe sa Mhéan-Aois, go dtí teacht i réim rialacha nua a bhaineas le smachtú na ngealt le linn ré Bhreugel nuair a rinneadh cinneadh in iarthuaisceart na hEorpa saoirse na cathrach a bhaint den ghealt agus é do chur fé bhráid an aigéin ar an Narrenschiff, long na n-amadán. (Bhí Gleann na nGealt againn féin go deimhin.)
Mhúscail Muirthéacht na Fraince mothúcháin éagsúla i samhlaíocht Foucault; meas ar an gcosmhuintir a tháinig aniar aduaidh ar Versailles i riocht jacquerie brúidiúil ach a chuir snas uasal orthu féin roimis dhúnmharú an rí, meas ar an fhuinneamh intleachtúil a gineadh, ach blaistear eagla agus amhras freisin. Dar leis, thainig sruthanna intleachtúla éagsúla i dteannta a chéile gan choinne ná chiall, go fiú díreach tar éis na Muirthéachta, iad araon ar thóir phríomhnamhaid an chomhphobail nua-aimseartha úrnua acu, an Gealt arís, na daoine sin gan smacht, gan anam, gan soineantacht, iad ar aon beag beann ar chuspóirí uilíocha na Jacobins. Rinne saineolaithe Hôpital Général Phárais iarracht an ghealtacht a scrúdú fé choincheapanna an leighis, agus má dhein, chuireadar riocht nua ar an ngealt. Sa Mhéan-Aois, ba bhochtáin cromtha fén lobhra iad a bhformhór, ach anois, b’othair leighis iad fé chúram stáit. Rinne airí agus póilíní Phárais iarracht an ghealtacht do chíoradh le coincheapanna a bhaineas leis an gcoiriúlacht agus le an slándáil náisiúnta. Agus cheap na saineolaithe éagsúla go bhféadfaí rúndiamhrachacht na gealtachta a nochtadh fé mar ba chonspóidí polaitiúla eile i leabhar Rousseau iad.
An Chroch Chéasta
Ba mhinic do Foucault críoch thobann a chur lena chur síos stairiúil, agus léargas neamhghnách lonrach a thriail. Ba ghealt é Íosa Chríost dar leis, an chéad ghealt sa stair fiú; luaitear mac an athar shleamchúisigh a chuir iachaill air dul fé chúram dhlí na Rómhánach, an t-athair a dhiúltaigh aon chúnamh a thabhairt dá mhac agus a cholainn á réabadh ag tairní, an t-athair a nasc an grá le ciapadh agus céasadh poiblí, an mac dar ghlac leis an dearcadh seo. Ba é píonós seo na páise bunfhréamh aigne ait na Críostaíochta, dar le Foucault, an dearcadh sin a chomórann fulaingt agus fuascailt, an tinneas dar maolaíodh, an peaca dar maitheadh, an bochtán dar fáisceadh tar éis dó dólás an tsaoil a bhlaiseadh. Scríobh sé freisin mar gheall ar an dlúthnasc a d’airigh sé idir an teanga agus an básfheachtas chun saol síoraí a dh’fháilt ab ea an teanga - agus ní foláir gur rith an nasc seo leis agus focal scoir Íosa á chíoradh. (Tugadh cur síos comhthreomhar sa leabhar ‘Maria Cross’, le Conor Cruise O Brien, agus cumhacht shamhlaíochtúil an Chéasadh á cíoradh sa nualitríocht).
In ainneoin charthanacht a chuid próis, chuir Foucault in aghaidh an trua stairiúil sin a fheictear fós go forleathan i saothar ‘raidiceach’ scoláirí a thugann aghaidh ar an gcartlann chun peacaí ársa a cheartú. Agus píonós an bháis á chíoradh aige i Smacht agus Píonóis: Teacht an Phríosúin, rinne sé uaibhreas agus mórtas na scoláirí seo a bhéimniú, ach go háirithe siadsan a cháin an píonós sin in ainm na “daonnachta” gan aon tuiscint ar neamhspléachas mórálach dothuigthe na staire , “as if the body of the philosopher or theoretician had come between executioner and victim to affirm his own law.” Cheapfá anseo nár bhain an stair linn féin de dheascaibh an bhearna leathan ama, bearna a thagann salach ar aon fheachtas mórtasach ex post facto trúáin na 18ú aois a tharrtháil. Ní léir ar éirigh le Foucault riamh comhréiteach intleachtúil a aimsiú idir an dá chur chuige a fheictear ina shaothar, viz., an cur chuige stairiúil aibí seo, cur chuige a dhealaíonn idir an lá seo agus eachtraí na staire, agus na cuspóirí fealsúnachta níos uilí a d’fhoghlaim sé sa tSorbonne, cuspóirí a chuir ar thóir rúndiamhracht anama an duine é.
- Is scríbhneoir staire ó chathair Chorcaí John-Paul McCarthy.