AR NA SAOLTA SEO
Blagadóireacht na Gaeilge, R.I.P.
Breandán Delap Breandán Delap Breandán Delap

Tá Breandán Delap den tuairim go bhfuil an ghaoth imithe as blaganna na Gaeilge agus tá sé in amhras an bhfuil aon ní in ann dóibh feasta.

Íomhá
Goitse, Thír Chonaill
Íomhá
Gaelscéal
Íomhá
Foinse
Íomhá
Raidhse, tráth dá raibh

An bhfuil deireadh le hiriseoireacht an tsaoránaigh as Gaeilge? An bhfuil an cleamhnas idir iriseoireacht na Gaeilge agus ardáin áirithe de chuid na meán úr tite as a chéile? Cá seasann an glór úr Gaeilge a aimsíodh don ghnáthdhuine a bhuíochas d’fhorbairtí ar líne?

Traidhfil blianta ó shin, bhíothas ag caint ar bhreacadh ré úr do mheáin chumarsáide na Gaeilge. Bhí deiseanna úra cruthaithe ag dul chun cinn teicneolaíoch, deiseanna a sháraigh cuid mhaith de na fadhbanna seachadta agus rochtana a bhíodh ina gcrá croí ag iriseoirí na Gaeilge le fada. De bharr na bhforbairtí seo bhí bosca uirlisí cumarsáide ag an saoránach a thug deis dó feidhmiú mar iriseoir ar bhonn domhanda agus ar bheagán costais. Níor ghá gur thomhaltóirí nuachta iad an lucht léitheoireachta nó éisteachta a thuilleadh ach táirgeoirí a bheadh in inmhe a gcuid tuairiscí féin a bhailiú is a chur le chéile. Ní raibh aon ghá le heagarthóir ná le cárta NUJ a thuilleadh le do leagan féin de cheird na hiriseoireachta a chleachtadh.

D’fhág tonnta an chlaochlaithe seo a rian ar iriseoireacht na Gaeilge fosta agus ní fada go raibh rabharta blaganna á sholáthar don té a mbeadh an t-am aige iad a léamh. Bhíodh raon fairsing ábhair faoi chaibidil iontu agus tuairimí á nochtadh faoi achan rud faoin spéir. Ar ndóigh bhí cuid acu chomh leamh le bheith ag amharc ar mhúscán gorm ag fás ar phíosa aráin. Ó am go chéile, áfach, bhíodh seoid ghrinn tuairimíochta nó léirmheas géarchúiseach le fáil iontu. Chuir said ábhar léitheoireachta ar fáil do phobal na Gaeilge sa tréimhse úd idir cliseadh Foinse agus Lá Nua araon agus teacht Gaelscéal agus leagan úr Foinse ar an saol. Líon siad an bhearna a bhí sna meáin chló Ghaeilge ag an am.

Ciúnas na Reilige

Ach tá na blaganna Gaeilge ar fiú iad a léamh tearc go maith, anois. Díomaite de chorrbhlag fánach, is beag nuashonrú a dhéantar ar fhormhór na suíomhanna a áirítear i mblaglann na Gaeilge. Liosta le háireamh a bhí iontu tráth den saol agus daoine ag tuar gur múnla úr a bhí sa bhlagadóireacht do thodhchaí na hiriseoireachta Gaeilge. Ach tá cuma spíonta ar chuid mhór acu fán tráth seo. Tá blaganna ó scríbhneoirí aitheanta ar nós Garraí Johnny Mhorgan, iGaeilge, An Druma Mór, an tImeall, Dónal na Gealaí, Blag Mháirtín Uí Mhuilleoir, blog na Gaeilge srl. imithe le sruth a bheag nó a mhór. Ciúnas na reilige a bhí le cluinstean ó bhlagadóirí na Gaeilge faoi chás an ionsaitheora ghnéis Michael Ferry i nGaoth Dobhair i mí Iúil; cás a bhí ina phríomhscéal ag na meáin fhadbhunaithe ar feadh breis is seachtaine. Thug bailbhe an bhlagasféir Ghaeilge faoi chás chomh tromchúiseach sin - a bhain chan amháin le ceantar Gaeltachta ach le coláiste samhraidh fosta - le fios domsa go bhfuil cleachtadh na gné seo de na meáin úra i nGaeilge chomh marbh le hArt.

Ach cad tuige a laghad gníomhaíochta as Gaeilge ar na meáin úra? Míniú amháin ar an tearcamas seo seans ná go bhfuil léitheoirí na Gaeilge ag dul in aois agus gur fearr leo na seanmhúnlaí a chleachtadh seachas na cinn úra. Míniú eile b’fhéidir ná gur beag sásamh a bhaintear as athchúrsáil a dhéanamh ar ábhar atá ar fáil in áiteanna eile nó i dteangacha eile cheana féin. Is beag aischothú a fuair scríbhneoirí áirithe Gaeilge ar a gcuid blaganna. Go deimhin, ba ó bhuíon beag teoranta de dhílseoirí teanga a tháinig na grabhróga beaga seo d’idirghníomhaíocht. Níorbh fhiú an tairbhe an trioblóid, b’fhéidir.

An Lucht Sclaimhe

Ba mhinic fosta gur maslaí ó dhaoine le hainmneacha cleite a bhíodh mar thoradh ar na tuairimí a nocht blagadóirí na Gaeilge. Tugann scaoilteacht an idirlín ardán d’achan chineál cancráin a bheith ag caitheamh anuas ar dhaoine eile faoi sciath na ganfhiosaíochta. Tá cumhacht gan fhreagracht ag na meatacháin ar líne seo agus thuigfeá d’éinne nach mbeadh ag iarraidh feannadh den chineál sin a tharraingt orthu féin. Sa chomhthéacs sin, b’fhéidir nárbh fhiú an trioblóid le bheith ag scríobh blag i nGaeilge.

Ach seans gurb í an chúis is mó go bhfuil meath tagtha ar bhlaganna na Gaeilge ná nach bhfuil luach saothair ar bith le baint as. Is beag iriseoir gairmiúil atá ábalta a bheatha a bhaint i dtír leis an bhlagadóireacht. Anuas ar sin, ní thig éalú ó ghnáthchúraimí an tsaoil a thiteann ar an iriseoir amaitérach, ar nós airgead a thuilleamh nó clann a thógáil, b’fhéidir. ‘Real life’ a ba chúis le cinneadh an duaisbhuaiteora Éireannaigh ‘Twenty Major’ a bhlag siúd a chaitheamh san aer. Is maith an coincheap é iriseoireacht an tsaoránaigh ach i ndeireadh ama caithfear na billí a íoc!

Twitter - an Toighis Chumarsáide

Thiocfadh leat a mhaíomh ar ndóigh, go bhfuil go leor de bhlagadóirí na Gaeilge bogtha ar aghaidh go Twitter - an toighis chumarsáide is mó atá i bhfaisean san am i láthair. Is cinnte go mbíonn an Ghaeilge go feiceálach forleathan ar Twitter. Seans gur fearr a fhóireann seirbhís mhicreabhlagála dá chineál don duine gnóthach atá ag iarraidh tuairimí a nochtadh ach nach mbeadh an t-am aige suí síos os comhair ríomhaire le blag a chumadh is a chur de. Éilíonn gontacht na formáide (140 carachtar) nach dtéann an scríbhneoir chun fadála ina chuid smaointe. Tá an leagan amach seo thar a bheith sásúil fosta don té a bhfuil guthán póca aige mar nach bhfuil i Twitter go bunúsach ach teachtaireachtaí téacs don idirlíon. Ach ar ndóigh, ní bheifeá ag súil leis an doimhneacht chéanna tuairimíochta uathu is a bheadh ó phostálacha níba fhaide ar nós blag nó colún ar líne.

Eascraíonn an cheist: an féidir fuinneamh a chur i mblagadóireacht na Gaeilge agus í a chur ar ais ar a seanléim? Thiocfadh le Foras na Gaeilge comórtas a chur ar bun le hurraíocht a thabhairt do bhlaganna áirithe a meastar a bheith fiúntach. Ach bhainfeadh sé sin de bhunbhrí na blagadóireachta. Bhíodh idirdhealú i gcónaí ann idir blag agus colún a tharlaíonn a bheith ar fáil ar an idirlíon sa mhéid is gur measadh go raibh deis ag an chosmhuintir an t-ábhar a ghiniúint ann. Táthar ann a déarfadh go mbeadh tacaíocht ó fhoras stáit ag sárú neamhspleáchas na blagadóireachta agus coincheap iriseoireacht an tsaoránaigh.

Ceist eile ar ndóigh ná an fiú athbheochan a dhéanamh ar bhlaganna na Gaeilge nó ar cheart glacadh leis gur claonadh sealadach, gearrshaolach a bhí i mblagadóireacht na Gaeilge a d’imigh le sruth nuair a tháinig an crú ar an tairne. Tá na meáin thraidisiúnta marbh; gura fada buan iad!

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.