AR NA SAOLTA SEO
Cnéacha an Ghrá
John Paul McCarthy John Paul McCarthy

Chuir JP McCarthy spéis i gcaint Albie Sachs, Breitheamh na Cúirte Bunreachtúla san Afraic Theas. Loiteadh Albie Sachs go dona i mbuamáil a rinne an NIS air sa bhliain 1988.

Íomhá
An Breitheamh Albie Sachs, Cúirt Bhunreachtúil na hAfraice Theas
le Ram Eisenberg ar Vicipéid
Íomhá
Cúirt Bhunreachtúil na hAfraice Theas
le André-Pierre, Stellenbosch, ar Vicipéid
Íomhá
Cathair Maputo, inar gortaíodh Sachs go dona 1988
le Amigo Dia, Vicipéid

Shiúil sé go mall i leith ardán na léachta, an leathshúil ghonta druidte, an leathlámh a leathshíobadh de clúdaithe le léine ildaite den chineál a chaitheann Mandela. Suíonn an Breitheamh Albie Sachs síos os comhair an tslua, agus nochtann sé a chroí. “Thosnaíos ag gol nuair a chuir ár gcúirt iachall ar Rialtas na hAfraice Theas drugaí frith-HIV a thabhairt do leanaí nuabheirthe. Nuair a thánag chugam féin tar éis an charrbhuama a scrios mo cholainn i 1988, d’fhéach mé láithreach bonn baill ar mo mhagairlí. Lagaíonn an seanchosc Afraiceach ar phósadh homaighnéasach an t-ocras daonna is bunúsaí, ocras na drúise”.

Chaith Sachs ceithre bliana déag ar an gcúirt bhunreachtúil is cumhachtaí ar domhan, Cúirt Bhunreachtúil na hAfraice Theas. Fuair sé deis shainiúil a chomhphobal féin a athdhearadh de réir phrionsabal dleathach nua-aimseartha, agus tá fonn air an soiscéal sin a scaipeadh. Seantéamaí na drámaíochta a úsáideann Sachs ina léachtaí. I dtús báire, aithníodh Éagóir na cinedheighilte. Anson, tháinig na Slánaitheoirí, Mandela, Oliver Tambo, Ruth First. Agus fé dheireadh fuarthas Fuascailt na faidhbe i riocht bunreachtuil. Lastiar den rómánsúlachas seo áfach, airítear éadóchas éigin.

Táirge an Áir

Nuair a léitear breithiúnais Sachs, ní léir ar tháinig sé slán i ndáiríre as na tubaistí éagsúla a bhain dó roimis 1994 (Roimis an bhuamáil, imthreorannaíodh é i gcillín ar feadh 170 lá). D’fhéadfaí a mhaíomh gur shíolraigh a chuid carthanacht dleathach as na tubaistí sin - gur leanbh de chuid na himeagla nó gur táirge den ár í - agus má shíolraigh, an léiríonn a chuid breithiúnais gur rud múnlaithe, deartha fiú an charthanacht sin? Rinne Wilde tagairt do ‘chneácha an ghráidh’ i De Profundis. An é sin a fheictear i bprós maoithneach Sachs, agus é lán go béal leis na mothúcháin, le féiníogaireacht agus le brionglóidí deasa? Cén chinéal carthanachta í an trócaire a mhúsclaítear díreach i ndiaidh chliseadh agus ciapadh inmheánach pearsanta? An bhféadfaí carthanacht a fhoghlaim, agus é a chur de ghlan mheabhair fiú? Nó ar chóir focal nua a chumadh dosna mothúcháin ildaite a bhlaistear i saothar scríte Sachs, focal cuí sainiúil a thabharfadh le fios nach féidir idirdhealú a dhéanamh idir an grá dleathach sin agus an éagóir mhillteach a rinneadh air?

Gineann a chuid léachtaí íomhánna malartacha: an t-othar leochaileach ag dul i ngleic leis an mbreitheamh sotalach, uilechumhachtach; an apparatchik soineanta a bhaist “giolla na saoirse” air féin in iomaíocht leis an bhfealsúnaí aibí a thug comhairle do Ronald Dworkin fé choinceapanna teibí cosúil le “reverse onus”, “proportionality review” agus “justiciability”. Nuair a léigh Sachs an bunreacht óg chun cearta nua a thabhairt do thrúáin éagsúla - thug sé an vóta do choirpigh, ceart pósadh do lánúin homaighnéasacha, agus seans do mháithreacha imeacht as géibheann ar mhaithe lena bpáistí – ní léir an é cumhacht nó leochaileacht a bhí á tháispeáint aige?

Díoltas Cuí Polaitiúil

Thaispeáin Sachs réimse ait mothúcháin i rith an ama. Nuair a dhúisigh sé tar éis a bheith gan aithne gan urlabhra i ndiaidh na mótarbhúamála a rinne na póilíní rúnda air, dhearbhaigh sé os ard gur theastaigh uaidh bualadh lena fheallmharfóir teipthe. Nuair a chuirtear ceisteanna air i leith an díoltais chuí pholaitiúil gur chóir a ghearradh ar mhuintir Afrikans na tíre, deineann sé beag is fiú de chaint bhinibeach an ANC, (a pháirtí féin). Mhaígh sé go “dtiocfaidh bláthanna galánta as stumpa mo láimh ghonta nuair a chuirfear sochaí neamhdhíoltasach i dteannta a chéile.” Nuair a rinne an feallmharfóir féin achainí air labhairt leis ina oifig phríobháideach sa Chúirt Bhunreachtúil, thug Sachs cead dó teacht isteach, cé gur dhiúltaigh an breitheamh lámh an chuairteora a thógaint. Shainmhínigh Sachs ceithre chineálacha den fhírinne don Truth and Reconciliation Commission agus ba chuma leis fé chlaonadh pholaitiúil na tuairisce oifigiúil uathu.

Cuireann foréigean an cóimheá intleachtúil inmheánach as a riocht. Feictear mothúcháin as riocht i mbreithiúnais Sachs, ach go háirithe nuair a cuireadh iachall air teorainn bhunreachtúil a chur ar chearta an chreidimh. Dhiúltaigh sé i Christian Education v Minister cead a thabhairt do scoileanna seicteacha príobháideacha píonóis colainne a chur ar dhaltaí. I Minister v Fourie, dhiúltaigh Sachs stádas dleathach a thabhairt do sheanáiteamh na gCríostaíoch nach féidir le bean amháin bean eile do phósadh. Cé gur theip ar an lucht creidimh os a chomhair, rinne Sachs urraim fhada, áibhéileach fiú, insa dhá bhreithiunas seo don chreideamh féin mar fhoinse fhiúntach mhórálach, cé go raibh sé tar éis cur síos goilliúnach a dhéanamh ina phrós ar naimhdeas an chreidimh. Urraim ait é seo, ceiliúradh teibí, foirmeálta dea-bhéasach gan bhaint fiú le hordú údarásach Sachs. Ar chaill sé an cumas naimhdeas glan a chur in iúl nuair a tháinig sé beo as an mbuamáil sin?

Bhaineadh Sachs úsáid níos díograsaí as scoláirí léannta ina mbreithiúnais ná as dlíodóirí eile. Comhairleoirí speisialta dó ab ea Foucault, Dicey agus Rawls. Níor luaigh sé William James riamh áfach, ach go háirithe an staidéar intleachtúil cáiliúil aige ar an nasc idir an gcreideamh agus an áibhéil spriodálta, The Varieties of Religious Experience. Agus saothar Tolstoy á chíoradh aige, rith sé le James go gcabhraíonn an creideamh trí mhaolú sealadach seachas trí shlánú iomlán. Níor chloígh an creideamh an dólás riamh, ach thug sé ainm nua dó: Bhain Tolstoy lúcháir as an gCríostaíochas “and realized a good which broke the effective edge of his sadness; yet the sadness was preserved as a minor ingredient in the heart of the faith by which it was overcome.” Dhéanfadh léargas James anseo an chúis i gcás charthanacht an Bhreithimh Sachs agus é cromtha ar thóir rúndiamhracht na faoistine.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR
  • Is scríbhneoir staire ó chathair Chorcaí John-Paul McCarthy.
RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.