AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
An tSúil Nimhe
Balor Balor Balor

Tháinig Balor slán trí Shamhradh na hÉireann, samhradh a d’fhág Rónán Mac Aodha Bhuí sna seáiníní fada le fuacht.

Íomhá
Póit ar Rónán i ndiaidh oíche chraiceáilte
Rose O Donnell, Picasaweb
Íomhá
Neamní neamní a seacht Odious Gael cois Loch Michigan
Íomhá
Minc an phortaigh
Nataly N., Picasaweb
Íomhá
Gerrymander Mac Adhaimh, an Dún Dealganach

Tá Balor bocht idir dhá chomhairle an mhí seo, a léitheoirí dílse. Idir dhá cheann na meá atá sé, idir dhá stól; agus cé gur mí Mheán an Fhómhair atá ann, tá sé idir dhá thine Bhealtaine. I ndáiríre píre is idir dhá áit atá sé, nó tá sé ag iarraidh a intinn bhocht a shocrú ar ionad saoire chun cúpla seachtain a chaitheamh ann ar a shuaimhneas, a bholg biata blonagach le grian gheal dheireadh an tsamhraidh, a thóin théagartha thathagach le gráinníní gainmheacha na trá, cúpla galún de shú na braiche áitiúla lena thaobh, agus scaifte péas armtha ina seasamh i bhfáinne thart air chun mná óga áille na háite a choinneáil amach óna cholainn fhearga fheiceálach. Ó nár dheas é, dá mb’fhéidir! Ach cá bhfuil a leithéid d’áit?

Ní thig le duine ar bith a chur ina leith riamh go mbíonn Balor an Bhéil Bhinn ag sodar i ndiaidh na n-uaisle, ach, agus é ag iarraidh cinneadh a dhéanamh sa chás seo, smaoinigh sé ar chinn scríbe a bhí – nó a bheas – ag roinnt de mhaithe agus de mhóruaisle na tíre seo agus iad ag dul ar a laethanta saoire i mbliana. Ar nós mhuintir na tuaithe fud fad na hÉireann, bíonn an dinnéar ag na maithe agus móruaisle i lár an lae agus na laethanta saoire acu i ndiaidh an Chraobhchluiche Iomána. Ní dheachaigh cuid acu rófhada ó bhaile.

Fadbhuailteacht, Fadbheartacht agus Fadfhulangacht

Bhí an duine is airde céim acu ar fad rud beag luath lena scíste. I nGleann Cholm Cille a chaith Íosa Mhic Giolla Mháire tréimhse eile i mbliana, í ag ligean uirthi gur ag foghlaim na Gaeilge a bhí sí; ach nach bhfuil a fhios ag an saol mór – agus ag Kevin Myarse ón Indo – go bhfuil Gaeilge bhlasta na nGael Gaelach ó Ghaeltachtaí Gaelacha na Gaeilge Gaelaí ar a toil aici le fada an lá – a bhuíochas sin do May Mac Ránais agus d’eagarthóir Gaelach Gaeilge an Irishman’s Times. Bhí Máirtín Matánach, a fear céile fadfhulangach fadbheartach fadbhuailteach, in éineacht léi, cé nach bhfuil an galfchúrsa i Málainn Bhig ar oscailt níos mó. Cad tuige, mar sin, go raibh siad seo agus cuid mhór Gaelgeoirí móra aitheanta eile cruinnithe le chéile i nGleann Beag Lách sin an Cheoil ag deireadh mhí Iúil?

Ar mhaithe leis an aimsir? Ní shíleann muid é; bhí Rónán Mac Aodha Bhuí i láthair agus a chuid longjohns air, mar is gnách. Ar mhaithe lena sláinte? Ní shíleann muid é; tá súlach an phortaigh fós ag stealladh as na sconnaí ann. (Rud a fhágann uisce dorcha sna tithe agus éadan dorcha ar gach éinne san áit.) Cén fáth, más ea? Tá rud inteacht eile ar siúl. B’fheidir go bhfuil sé in am Binse Fiosraithe a chur ar bun. Mistéir atá ann gan amhras ar bith, nó ní mheallfadh bunadh sámhánta suanmhar na háite sin leithéidí Balor bíogúil brufanta biorbach. Cad é atá ag Leamh Ó Cuinneagáin agus ag muintir Odious Gael nach bhfuil ag an chuid eile againn? Mar a deir Balor na Siosmaide: rúndiamhair dúrúnda dúshlánach atá ann.

Loch Éalú Arís

Ach cá háit a dtéann amhraí eile na hÉireann lena scíth a ligean agus le teacht chucu féin arís i ndiaidh leathbhliain mhór oibre a chur isteach? Tá Éamon Ó Caoimhnis i ndiaidh dul ar ais go dtí Féile na nGael i Milwaukee Cois Locha (Michigan), cé nach bhfuil sé ina aire níos mó. Ach ní dhéanfaidh sé dearmad go deo ar bhéiceacha na cosmhuintire thall; iad fós mar a bheadh macalla ina chuimhne: “Arra, a fheara, tugaigí aire don Aire!” “Dia go deo leis na laethanta a bhí,” a deir Éamó. Tá cuimhne fós aige fosta ar na comórtais a bhíodh ar siúl idir é féin agus an fíor Joe Mac Donagh: an bheirt acu in iomaíocht lena chéile ag iarraidh an t-aitheasc ab fhaide a thabhairt agus an líon ba mhó daoine a chur ina gcodladh.

Tá Bertie an Bligeard i ndiaidh hata de shórt a chaitheamh isteach i scliúchas na huachtaránachta. Deir sé gur iarr a chairde air seanhata a fuair sé ar dhá Euro i bhfad ó shin a chaitheamh isteach, mar go síleann a chairde nach mbeidh go leor aige idir chostais agus phinsean agus tháillí léachta agus aithisc leis na piontaí a choinneáil ag gabháil Tigh Fagan seacht n-oíche na seachtaine. Ar a bhealach chun an Domhain Thoir atá sé anois, le go mbeidh sé ar a chompord sa tSín agus sa tSeapáin, áiteanna a bhfuil an chaint chomh briotach acu nach dtabharfar a chuid Béarla briste féin faoi deara – nó sin a deir muintir faisnéise an iar-Thaoisigh. “Cuid mhór seanchaca!” a deir Balor. “Ní bhíonn cuid Béarla Bhertie briste ach nuair is mian leis – nuair a bhíonn sé ag déanamh leithscéalta. Cuireann sé leis an íomhá – teidí beag béirín ar bhreá leis na mná é a thabhairt abhaile leo – cosúil liom féin!” Cén fáth, mar sin, go bhfuil a thriall ar an Domhan Thoir? “Rúndiamhair eile, gan dabht,” a deir Balor.

Bladar Tóna

Tá Feargus Finnicky Finlay agus a iar-shaoiste Ruairí Ropach Ó Cuinn, chomh maith le Gerrymander Adams agus Ming the Merciful Flanagan ar a mbealach go Féile na bhFéasóg in Cuba, áit a mbeidh roinnt oícheanta go maidin acu lena seanchara Fidelity Castrato – nó lena thaibhse, b’fhéidir – cibé acu a bheas thart ag an am, iad ag caitheamh a gcuid todóg, ag déanamh a gcuid pleananna don mhuirthéacht atá fós le teacht agus ag dul siar ar bhóithrín na smaointe go dtí na seanlaethanta san am fadó nuair a bhí siad uilig fós in ann bladar fríd a dtóin agus nár aithin daoine é mar bhladar.

Tá an plean is fearr ar fad fá choinne laethanta saoire an fhómhair ag Cliarlathas Caitliceach na hÉireann. Tá a dtriall siúd ar Londain Shasana. Tá an dá bhuntáiste ag baint le plean seo easpaig na hÉireann. Beidh siad ábalta dul ar an ragairne gach aon oíche agus má fheictear iad ag titim amach as club inteacht ar a ceathair a chlog ar maidin beidh daoine ag déanamh gur easpaig Phrotastúnacha atá iontu.

Tá Balor ag smaoineamh ar dhul in éineacht leo, ach bhur mbarúil an dtiocfadh leis cuma easpaig a chur air féin? Táthar ann a deir go bhfuil a bholg agus a thóin in oiriúint don bhréagriocht áirithe sin agus go mbeadh sé i measc daoine a bhfuil an spéis chéanna acu san ithe agus san ól... B’fheidir... Hmmmmm... Is féidir go mb’fhéidir... Hmmm... Inseoidh mé daoibh an mhí seo chugainn... B’fheidir!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.