An té atá as obair abhus agus ar mhaith leis taithí saoil is oibre a fháil i dtír gheal eachtrach, tá comhairle ag Alex Hijmans dó: foghlaim blaiseadh den Phortaingéilis, faigh teastas TFL anois agus gabh chun na Brasaíle.
Tá Moisés ag fanacht liom ag an mbac bóthair ag a n-oibríonn sé mar gharda príobháideach slándála. Tá peann agus cóipleabhar faoi réir aige; tá sé in am dá cheacht Béarla laethúil. Fear tanaí gorm é Moisés, cónaí air sa favela (bailecheantar bocht) díreach taobh thiar den cheap árasán ina bhfuil cónaí ormsa. Tá dhá bhliain is fiche d’aois aige, ach ní dhéanfaidh sé an Ardteist go ceann dhá bhliain eile. Ní toisc go raibh air bliain i ndiaidh bliana a dhéanamh arís, ach toisc go mbíonn air a bheith ag obair le linn am scoile le greim a chur ina bhéal, dála oiread bochtán eile sa Bhrasaíl. Na laethanta seo, coinníonn sé súil ar stráice bóthair óna seacht a chlog ar maidin go dtí a seacht a chlog san oíche. Téann sé chuig an scoil i ndiaidh na hoibre. Scoil phoiblí, ar ndóigh; ní bheadh airgead aige do cheann de na scoileanna daora príobháideacha ina bhfuil caighdeán an oideachais níos fearr. Tagann sé abhaile ag a deich san oíche. “How are you?” a fhiafraím de. “Good, my friend!”
Éiríonn sé óna chathaoir phlaisteach bhriste chun rud éigin a bhaint amach as a chábán oibre. Filleann sé le haoibh leathan gáire ar a aghaidh agus leabhar giobalach ina lámha. “Féach,” a deir sé, i bPortaingéilis, mar níl an briathar to look ar eolas aige go fóill. Leabhar scoile Béarla ón gclochaois atá ag cur oiread gliondair air. Tá léaráidí ann d’fhir a bhfuil hataí babhlaera á gcaitheamh acu agus de mhná a bhfuil scáthanna fearthainne ar iompar acu. Níl a fhios agam cé acu is measa, go bhfuil meirg ar na habairtí samplacha sa leabhar, nó nach mbeidh siad de dhíth ar dhuine ar nós Moisés go deo: ‘I am partial to strawberries’. “An é seo an leabhar a mbaineann sibh úsáid as ag an scoil?” a fhiafraím de. Croitheann sé a cheann.
Santú an Bhéarla
Tá gach duine sa Bhrasaíl ag iarraidh Béarla a fhoghlaim. Imreofar cluichí Chorn an Domhain 2014 i 12 chathair ar fud na tíre, agus sa bhliain 2016 eagrófar na Cluichí Oilimpeacha in Rio de Janeiro. Saothrófar na milliúin ar na turasóirí ar fad a mheallfaidh na mórimeachtaí seo, ach le teacht i dtír ar na fámairí chucu, ní mór a bheith in ann cumarsáid a dhéanamh leo. Agus creid é nó ná creid: is fearr an Ghaeilge a bhíonn ag daltaí ghnáthmheánscoileanna na hÉireann tar éis na hArdteiste ná an Béarla a bhíonn ag a gcomhghleacaithe sa Bhrasaíl, áit a bpléitear an t-ábhar céanna sa rang Béarla bliain i ndiaidh bliana: an briathar to be.
Ní bhíonn de rogha ag an té a dteastaíonn uaidh Béarla ceart a fhoghlaim ach cúrsa a dhéanamh ag ceann de na forais teanga phríobháideacha atá á mbunú i ngach uile cheard. Ach cosnaíonn ceann de na cúrsaí seo isteach is amach le 165 euro in aghaidh na míosa – níos mó ná leath an íosphá mhíosúil. Ach cheana féin, éilíonn neart comhlachtaí móra sa Bhrasaíl go mbeadh Béarla líofa ag a bhfostaithe. I bhfocail eile, tá cumas sa Bhéarla anois ar cheann de mhíle mionrud a choinníonn bochtáin na Brasaíle san áit a bhfuil siad, sa favela, i bhfáinne fí de bhochtanas agus d’easpa oiliúna.
“Ach munarb é seo an leabhar a úsáideann sibh ar scoil, cá as a dtáinig sé?” a fhiafraím de Moisés. Seachnaíonn sé mo shúile. “Mo dheartháir a tháinig air. Bíonn sé ag póirseáil trí bhruscar daoine eile, féachaint an bhfuil aon cheo feidhmiúil fágtha ann.” “Ach cad é an leabhar atá in úsáid agaibh ar scoil, mar sin?” Breathnaíonn sé orm amhail is go bhfuil mé díreach i ndiaidh seasamh amach as spáslong. “Níl leabhair ar bith againn i scoil s’againne.”
Ag múineadh Béarla sa Bhrasaíl
Níl amhras ar bith faoi ach go bhfuil borradh faoi earnáil na scoileanna príobháideacha Béarla sa Bhrasaíl, agus beidh go ceann tamaill: agus Corn an Domhain 2014 agus Cluichí Oilimpeacha 2016 ag druidim beidh éileamh ard ar chainteoirí Béarla – agus ar mhúinteoirí Béarla, leis. Oiread éilimh gur cuma le cuid mhaith forais teanga muna mbíonn cáilíocht TEFL ag duine, nó fiú munar cainteoir dúchais é.
Ní shin le rá, áfach, go mbeadh sé éasca teacht i dtír mar mhúinteoir Béarla sa Bhrasaíl. Ní féidir le duine nach bhfuil ceadúnas oibre aige ach sé mhí ar a mhéad a chaitheamh sa tír, agus má dhéanann sé obair agus é sa tír mar thurasóir beidh sé ag briseadh an dlí. B’fhearr don té atá ag smaoineamh ar dhul ag múineadh Béarla sa Bhrasaíl post a lorg le ceann de na forais teanga aitheanta: http://www.ccaa.com.br, http://www.culturainglesa.com.br nó http://www.acbeu.org. Ní mór a chur san áireamh, áfach, go mbeadh Portaingéilis réasúnta ag teastáil ó mhúinteoir Béarla ar bith sa Bhrasaíl – níl ceann ar bith de na suíomhanna thuas ar fáil i mBéarla, mar shampla. Mar ábhar scoir, ní shaothróidh múinteoir Béarla sa Bhrasaíl ach thart ar 10 euro san uair a’ chloig.
Scríbhneoir agus comhfhreagraí idirnáisiúnta é Alex Hijmans a bhfuil cónaí air sa Bhrasaíl. Tá an leabhar is déanaí uaidh, ‘Splancanna ó shaol eile’ (Cois Life), ar fáil ó An Siopa Gathering