AR NA SAOLTA SEO
Ulaidh an Chiníochais
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

seal gairid caite ag Robert McMillen ag blaiseadh de shaol beag bán banríonúil Ulaidh an chiníochais. Tchítear dó nach é an dream daoine is forásaí ar domhan atá ag gabháil dó.

Íomhá
Scáil Charraig Fhearghusa
cc. le Stewart ar Geography.org.uk
Íomhá
Ceannaire an BNP
ag britishnationism, Flickr.com, ar Vicipéid
Íomhá
Siopa sa Chabhán
Íomhá
Siopa maith na Polainne

Chláraigh mé le leathanach úr facebook ar na mallaibh, Keep Islam out of Northern Ireland. Ná bí buartha, a léitheoirí, níl mé tite faoi dhraíocht an chiníochais. Chláraigh mé le fáil amach cén seort duine a bheadh ar a leithéid de shuíomh agus cad é na teachtaireachtaí fuatha a bhí siad ag craobhscaoileadh. Bhí díoma orm.

"Islam out u bums ulster is british NO SURRENDER" an ceann a bhaineann barr bómántachta amach agus ainneoin go bhfuil 123 “ball” ag an leathanach, chóir a bheith nach bhfuil teachtaireachtaí ar bith air. I measc na mball sin, tá tréithe i gcoitinne acu. Chomh fada agus is féidir fios a bheith agat, is Protastúnaigh iad uilig, ag brath ar a n-ainmneacha. (Tá contúirt anseo ar ndóigh. Kieran Devlin a bhí ar iarcheannaire an British National Party ó thuaidh. Ainneoin ainm Caitliceach a bheith air, iarpharatrúpaí Protastúnach Sasanach a bhí ann. Bí ag caint ar faux amis!)

Ar scor ar bith, leanann bunús chairde KIOONI Rangers agus/nó Linfield FC, caitheann siad tatúnna, is breá leo Mafia Wars agus Texas Hold-em agus tá a mbunús acu óg agus iad ina gcónaí fá cheantar Charraig Fheargusa. Ní hiontas ar bith é sin, mar tá Carraig Fheargusa mar eiseamláir den dílseacht idir Ulaidh Phrotastúnach agus Coróin Shasana agus an ciníochas a shíolraíonn as an nasc sin i gcásanna áirithe. Ba é an baile an t-aon dún a bhí ag na Sasanaigh lastuaidh den Pháil sa mheánaois; b’ann a tháinig an Rí Liam i dtír i 1690, tráth ar thábhachtaí é ná Béal Feirste; agus bhí an caisleán mar dhaingean ar feadh 150 bliain.

I mbliana féin, baisteadh The Baron of Carrickfergus ar an Phrionsa William. Ní hiontas ar bith é mar sin gur i gCarraig Fheargusa agus ar chósta oirdheisceart Aontroma is láidre atá an BNP.

An Seicteachas agus an Ciníochas

Do dhream a bhfuil dearcadh an imhshuí go láidir iontu, ní hiontas ar bith é go mothódh dílseoirí inmíoch le méadú mór (ó bhun thar a bheith íseal) ar líon na gcoimthíoch atá ag cur fúthu ó thuaidh, ach tá an críochachas go láidir sa dá phobal ó thuaidh.

Anuas ar seo, is Caitlicigh iad go leor de na hinimircigh seo. Tá 89.8% de mhuintir na Polainne ina gCaitlicigh, 79% de mhuintir na Liotuáine agus mar sin de. (Is é an Eastóin an tír is lú creideamh san Eoraip. De réir stáidéir a rinne an tAontas Eorpach, ní chreideann ach 16% den daonra i nDia. Ach sin scéal eile).

Anuas ar an chríochachas agus ar an seicteachas, tá an ciníochas. Sna ceantracha dílseacha, tá dáimh mhór le hArm na Breataine, ina bhfuil go leor tuaisceartach ag troid san Iaráic agus san Afganastáin agus tá go leor acu ag iompar na bhfódaí dá bharr. Ní hiontas é mar sin go mbeadh nimh san fheoil ag na dílseoirí seo do na “ragheads” mar a thugann siad ar na hIoslamaigh. Tagann na foinsí fuatha seo uilig le chéile i mbaiclí beaga daoine nach bhfuil a dhath dearfach le déanamh acu. Agus is mionlach beag iad. Sheas an British National Party i dtrí dháilcheantar sna toghcháin Tionóil i mbliana. Ghnóthaigh siad 1,252 vota céad rogha nó 0.2% d’iomlán na vótaí.

Coimisiún in Aghaidh Comhairle

Is minic ráite é gurb é an ciníochas an seicteachas úr, go raibh an frith-Chaitliceachas seanaimseartha agus go raibh spriocanna níos suimiúla le troid ina n-éadan. Bheadh an cheist simplí go leor ach tá conspóid i ndiaidh briseadh amach idir Coimisiún na gCeart Daonna agus an Chomhairle do Mhionlaigh Eithneacha atá i ndeabhaidh lena chéile faoi cé acu is ionann an seicteachas agus an ciníochas. Is dócha gur beag tábhacht atá leis an cheist don Pholainneach a bhfuiltear ag caitheamh buamaí peitril lena theach nó don Liotuáneach atá á dhíbirt as a theach cónaithe nó don Chaitliceach/Protastúnach a bhfuil ionsaithe rialta á ndéanamh ar a theach.

Léiríonn an t-easaontas cineál eile críochachais, críochachas idir eagraíochtaí agus gach ceann acu ag iarraidh a chionsiocair féin a chosaint. Le linn do na húdaráis a bheith ag iarraidh theacht ar shainmhínithe den tseicteachas agus den chiníochas, beidh an scéal ag dul in olcas i rith an ama. Cuirfidh mé deireadh mar sin leis an teagmháil gearrthéarmach a bhí agam le KIOONI. Is scaifte beag amadán iad agus a macasamhail ach is fiú súil a choinneáil orthu!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.