Leanann Tony Birtill den tsraith altanna atá scríofa aige i mbliana faoin cheiliúradh atá ar siúl i Learpholl agus an chathair sin mar Phríomhchathair Chultúrtha na hEorpa. An mhí seo, díríonn sé ar chuid de na taispeántais ealaíne a reáchtáladh go dtí seo.
»»»Tá muintir [i]nós*[/i] ag cruthú imní dúinn in [i]Beo![/i] lena gcuid cainte mar gheall ar chúrsaí collaíochta. Shíl muid go bhféadfadh Pól Ó Muirí splanc a thabhairt don iris agus dúshlán a thabhairt don Chailín sin sa Chathair. Ach, faraor, níl an Leaid sa Leaba sásta a chuid rún a sceitheadh.
»»»Fógraíodh le gairid go bhfuil maolú le teacht ar na polasaithe géara atá i bhfeidhm san Astráil i dtaca le lucht iarrtha tearmainn. Tá Bearnaí Ó Doibhlin den tuairim gur céim mhór chun tosaigh é seo.
»»»Agus dhá mhí fágtha sula mbeidh an toghchán ar siúl sna Stáit Aontaithe, tá séasúr na gcoinbhinsiún buailte linn. Ach níl siad chomh corraitheach agus a bhídís, dar le Brian Ó Broin.
»»»Is mór an onóir do [i]Beo![/i] go bhfuil ár gcomhfhreagraí céimiúil Balor i ndiaidh a bheith linn le hochtó eagrán anuas. Ina ochtódú colún, déanann sé cur síos ar imeachtaí an tsamhraidh fhliuch anóitigh atá díreach curtha dínn againn.
»»»Tá go leor fadhbanna ag crá an chórais polaitíochta ó thuaidh faoi láthair. Tá Robert McMillen den tuairim go gcaithfidh gach duine, idir ghnáthdhaoine agus lucht na polaitíochta, éirí aníos go measartha gasta má tá siad chun todhchaí níos fearr a chruthú dá bpáistí.
»»»Tá cur agus cúiteamh go leor ar siúl faoi láthair mar gheall ar tháillí in aisce. Os iad na mic léinn agus an earnáil ghnó is mó a bhaineann tairbhe as oideachas tríú leibhéal, ba chóir dóibhsean a gcion féin a íoc, dar le Ciarán Mac Aonghusa.
»»»Labhair Ciarán Mac Aonghusa le hUachtarán Ollscoil na hÉireann, Gaillimh le gairid faoina chuid tuairimí i leith táillí in aisce agus i leith na ndeacrachtaí is mó atá dó na geirbe ag an earnáil ardoideachais faoi láthair.
»»»Is eagras iontach é Ciste Fiadhúlra an Domhain, nach ea? Más é sin do bharúil, bainfidh an t-alt seo siar asat: níl an t-eagras féin chomh gleoite céanna leis an bpanda ar a lógo, dar le Maidhc Ó Cathail.
»»»Tá imní agus fearg ar Tony Birtill mar go bhfuil rudaí gránna, aisteacha agus míchuí á gcur i mbaill áilleachta timpeall Ghleann Cholm Cille. Ach ní hé gur déagóirí ná loitiméirí atá á dhéanamh, ach na forais úd a dhéanann cúram d’oidhreacht na tíre.
»»»Bíonn tuismitheoirí cráite de shíor ag coinní, cóisirí agus gníomhaíochtaí a bpáistí. Ach i bhfaiteadh na súl, imíonn na blianta thart. Cá dtéann an t-am, a fhiafraíonn Pól Ó Muirí.
»»»Agus comóradh cúig bliana déag Raidió na Life á cheiliúradh i mbliana, labhair Caoimhe Ní Laighin le bainisteoir an stáisiúin, Muiris Ó Fiannachta, faoin méid atá bainte amach ag an tseirbhís ó bunaíodh í agus faoin gcóisir “leictreach” a bhí ar siúl le gairid chun a breithlá a cheiliúradh!
»»»Thug Rialtas na hAstráile cuid trúpaí na tíre ar ais ón Iaráic le gairid, mar a gheall an Príomh-Aire roimh an olltoghchán anuraidh go ndéanfadh sé, ach, dar le Bearnaí Ó Doibhlin, níl aon dochar déanta ag an gcinneadh seo don chaidreamh idir an tír agus na Stáit Aontaithe.
»»»Ní fear mór cearrbhachais é Brian Ó Broin ach bhain sé an-sult as sciuird a thug sé ar Atlantic City le deireanas.
»»»Níl aon toradh ar na milliúin a thug an rialtas do lucht na hUltaise ó thuaidh. Tá an tacaíocht airgid gan bhunús réadúil, dar le Robert McMillen, agus tá teipthe go tubaisteach ar iarrachtaí an teanga a chur chun cinn.
»»»Agus cur agus cúiteamh go leor ar siúl timpeall na cruinne mar gheall ar na Cluichí Oilimpeacha a bheas ar siúl sa tSín i rith na míosa seo, insíonn Balor dúinn anseo faoi chor eile sa scéal nach raibh mórán ar an eolas faoi…go dtí anois.
»»»Cuirfear moltaí áiféiseacha chun cinn sna seachtainí beaga amach romhainn mar fhreagra ar an chúlú eacnamaíoch mar dhea, dar le Breandán Delap.
»»»Tá rialtais an Iarthair ag cur i gcoinne Robert Mugabe na laethanta ach ní ar mhaithe le pobal na Siombáibe atá siad á dhéanamh sin, dar le Maidhc Ó Cathail.
»»»Tá feabhas mór tagtha ar chaighdeán maireachtála mhuintir na Síne le tríocha bliain anuas ach tá sárú ar cheart daonna ina fhadhb mhór go fóill, a deir Ciarán Mac Aonghusa.
»»»Is [i]chauffer[/i] pearsanta é Pól Ó Muirí a n-éilíonn a chliaint cuid mhór uaidh. Níor mhiste leis dá mbeadh Alfa Romeo aige ach, ach an oiread lena phearsantacht stuama sheasmhach, is í praiticiúlacht an bua is mó atá ag a charr.
»»»Bhí Tony Birtill in ísle brí le gairid tar éis dó an Tuarascáil ar Stádas Caomhnaithe a bhaineann le hÉirinn a léamh. Ní hé gur chuir na staitisticí a clúdaíodh inti ionadh air, ach tuigeann sé go bhfuil easpa gnímh i gceist sa tír seo i measc na bhforas a cuireadh ar bun leis an chomhshaol a chaomhnú.
»»»Agus toradh an reifrinn ar Chonradh Liospóin ag cur oilc ar cheannairí na hEorpa, tá éirithe lenár gcomhfhreagraí céimiúil Balor agallamh a chur ar dhuine den lucht feachtais ba ghlóraí in éadan a dhaingnithe.
»»»Tá gach cosúlacht ar an scéal go ngearrfar an sean-nasc bunreachtúil idir an Bhreatain agus an Astráil san am atá romhainn. Seans, áfach, gur mall seachas luath a tharlóidh sé, dar le Bearnaí Ó Doibhlin.
»»»Tá géarchéim i ndán do thiománaithe Mheiriceá mar go bhfuil ardú ag teacht ar phraghas an pheitril i rith an ama. Ach fós féin, dar le Brian Ó Broin, níl na Meiriceánaigh sásta – nó in ann – a gcuid carranna a fhágáil sa chabhsa.
»»»Tráth den saol ba ar na poblachtánaigh amháin a bhí an ghráin dhearg ag na haontachtaithe. Ach anois, mar a mhíníonn Robert McMillen, tá siad ag tabhairt faoi naimhde úra – an pobal aerach, lucht na heolaíochta agus lucht labhartha na Gaeilge ina measc.
»»»Tá an chuma ar an scéal go bhfuil an tAontas Eorpach anois i sáinn i ndiaidh do mhuintir na hÉireann vótáil i gcoinne dhaingniú Chonradh Liospóin. Caitheann Ciarán Mac Aonghusa súil ar chuid de na fáthanna ar vótáil daoine ina aghaidh.
»»»Is comhshaolaí mór le rá é Maurice Strong a bhfuil na blianta fada caite aige ag obair ar bhonn comhairliúcháin le heagrais mar na Náisiúin Aontaithe. Agus an cineál stíle maireachtála atá aige féin, áfach, ar chóir dó a bheith ag seanmóireacht faoi róthomhaltas an ghnáthdhuine? Pléann Maidhc Ó Cathail an scéal.
»»»Tá Learpholl go mór faoi anáil an chultúir Ghaelaigh agus, san alt seo, déanann Tony Birtill cur síos ar chuid de na himeachtaí a bhí ar siúl i mbliana – agus Learpholl mar Phríomhchathair Chultúrtha na hEorpa – leis na naisc seo a cheiliúradh.
»»»Anois ar theacht an tsamhraidh, beidh Pól Ó Muirí níos cruógaí ná mar a bhíonn de ghnáth. Agus níl éalú ar bith i ndán dó agus na páistí ar saoire ón scoil!
»»»Ó thaobh na hAstráile de, bítear ag caint go minic ar chomh hiontach agus atá Melbourne agus Sydney. Ach tá Bearnaí Ó Doibhlin den tuairim gur áit ar leith í an phríomhchathair, Canberra, chomh maith.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.
Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.