Is mór an onóir do [i]Beo![/i] go bhfuil ár gcomhfhreagraí céimiúil Balor i ndiaidh a bheith linn le hochtó eagrán anuas. Ina ochtódú colún, déanann sé cur síos ar imeachtaí an tsamhraidh fhliuch anóitigh atá díreach curtha dínn againn.
Tá Balor na Súile Nimhe ag éirí aosta, a léitheoirí dílse. Tá sé ceithre scór alt d’aois inniu. Sea! Ochtó alt d’aois. Ceithre scór deireadh seachtaine ag meabhrú os cionn na tine ina phluais uaigneach, ag tochas a thóna agus ag cuimilt a bhoilg, ag iarraidh seoda litríochta a scríobh do Beo Ar Éigean! Ceithre scór deireadh seachtaine ag iarraidh comhfhreagraithe eile na liarlóige seo a sheachaint ar eagla go ngoidfidís a chuid péarlaí luachmhara de smaointe agus iad ag iarraidh a gcuid truflaise féin a chumadh. Ceithre scór deireadh seachtaine ag iarraidh a shúil ghlinn nimhe a chaitheamh ar chúrsaí na hÉireann, ar chúrsaí na Gaeilge agus ar chúrsaí an domhain. Ceithre scór deireadh seachtaine ag iarraidh dallamullóg a chur ar eagarthóir Beo Ar Éigean! Agus ós ag caint dúinn ar eagarthóirí: an bhfuair Balor cáca milis deas le coinnle air in onóir na hócáide ón eagarthóir? Beag an baol!
Dia go deo leis na seanlaethanta nuair a bhí Éamonn Ó Doornail i mbun na hirise; bhí sé chomh teann le gad agus chomh crua le cloch i dtaca le híocaíocht, lena thrí Euro in aghaidh an ailt, ach ar a laghad bhí sé furasta dallamullóg a chur air, nó bhí sé daonna, nó cineál daonna. Ligfeadh sé do dhuine fanacht sa leaba dá mbeadh galar tromchúiseach air, nó fanacht ar saoire dá mbeadh spriocdháta foilsithe an ailt ann agus an scríbhneoir bocht ag iarraidh teacht aniar as cúpla lá scíthe agus é fós ar phócaí folmha agus ar chloigeann tinn. Bheadh ceist mhór agam faoi dhaonnacht an eagarthóra atá anois ann, áfach, nó is doiligh dallamullóg a chur ar Chaoimhe Ní Lion. Tá sí fraochta, fiata, fiánta mar is dual do Lion, agus fearchonta chomh maith. Ní ghlacann sí le leithscéalta, beag ná mór, agus cé nach bhfuil sí díreach chomh sprionlaithe céanna leis an Doornail, tá an Lion i bhfad níos fíochmhaire. Chuirfeadh sí Maggie Thatcher i gcuimhne do dhuine lena: “Spriocdháta is ea spriocdháta is ea spriocdháta!”
É sin ar fad ráite, tá Balor sásta a bheith i mbun pinn arís an mhí seo, nó tugann sé seans dó a mhachnamh a dhéanamh ar imeachtaí an tsamhraidh fhliuch anóitigh sin a bhfuil iomrá air ar tí dul isteach sna comhaid thuas i Met Éireann mar an samhradh ba mheasa a bhí riamh againn. Is iomaí cur síos atá déanta ar shamhradh 2008 cheana féin: cinn mheitéareolaíocha, cinn bhéaloidis, cinn atá greannmhar agus cinn atá thar a bheith dáiríre. Is féidir ceann reiligiúnach a chur san áireamh leo anois, nó is féidir cur síos a dhéanamh ar an samhradh seo i dtéarmaí atá Moslamach amach is amach, is é sin: beagán Sunni agus mórán Shiite.
Níl dabht ar bith faoin dá phríomhfhoinse comhrá i measc mhuintir na hÉireann an samhradh seo, mar atá na Cluichí Oilimpeacha sa tSín agus an doineann sa bhaile. I dtaca leis na cluichí sa tSín, is iad an dá spórt ina gcruthaíonn na hÉireannaigh go maith go hiondúil ná an dornálaíocht agus an eachaíocht. Capallaíocht a thugann roinnt daoine ar an eachaíocht, le teann dímheasa, cé go bhféadfadh duine an téarma céanna a chur i leith na dornálaíochta in amanna.
ArdmheasBhí ardmheas ag Balor ar dhornálaí Bhéal Feirste, Paddy Barnes, a dúirt leis na húdaráis dornálaíochta agus leis an Chomhairle Oilimpeach go dtiocfadh leo a mbonn cré-umha a shá cibé áit ar mhaith leo, nach raibh sé de dhíobháil air féin. Maith thú, a Phaddy. Tuigeann muid ar fad gur le teann díomá agus feirge a dúirt tú é sin. Ach caidé faoi Mharti Maranach Marbhánta Morrissey, laoch tuisceanach na gcomhfhreagraithe spóirt, a bhí ag cur agallaimh ar Phaddy ag an am agus a chinntigh go ndúirt Paddy an méid a dúirt sé faoi dhó agus faoi thrí go soiléir? Ba chuma gur ghlac Paddy go fonnmhar leis an bhonn ina dhiaidh sin agus gur chroch
sé leis abhaile é go bródúil, bhí an méid a dúirt sé go borb agus go grod díreach i ndiaidh an bhabhta mar ábhar comhrá ag gach duine, a bhuíochas sin do Mharti Maranach Marbhánta Mearsmaointeach Morrissey. Maith thú a Mharti!
Idir an dá linn (chan an dá linn bháistí atá i gceist, dar ndóigh, cé gur iomaí linn a chonacthas i mbliana in áiteanna nach bhfacthas linn riamh roimhe seo), bhí an díle ag dul ar aghaidh sa bhaile. Is ann dóibh siúd a deir go raibh na tuilte tuillte againn, agus táthar ann a deir go raibh a thuilleadh den tuile tuillte againn. Bíodh sin mar atá, tá sé thar am againn a bheith ag smaoineamh ar na spóirt uisce mar chomórtais ar chóir dúinn luí isteach orthu sna Cluichí Oilimpeacha atá romhainn amach. Samhlaítear do Bhalor go mbeadh cleachtadh maith ag iomaitheoirí na hÉireann sa snámh in aghaidh easa, nó is é sin atá ar siúl againn le blianta fada. Feictear dó fosta go mbeadh seans ar dóigh againn i gcomórtas ina mbeimis ag céaslú nó ag padláil ár gcanú féin.
Cá raibh Biffo le linn do na linnte a bheith ag líonadh? Bhí sé ag iarraidh an dá thrá a fhreastal, mar a dhéanfadh gobadán maith: ag coinneáil a chloigeann os cionn uisce agus ag déanamh a dhíchill gan a bheith fágtha ar an trá fholamh. Tá Balor ar aon tuairim le go leor eile sa tír seo nuair a deir sé: “Buíochas do Dhia go bhfuil an samhradh sin thart.”