Agus cur agus cúiteamh go leor ar siúl timpeall na cruinne mar gheall ar na Cluichí Oilimpeacha a bheas ar siúl sa tSín i rith na míosa seo, insíonn Balor dúinn anseo faoi chor eile sa scéal nach raibh mórán ar an eolas faoi…go dtí anois.
Cé gur leasc liom a bheith ag maíomh, ní miste dom a rá go bhfuil seoid eile d’alt agam daoibh an mhí seo, a léitheoirí dílse: alt ina bhfuil scéal eisiach, scúpscéal, scéal a bhí brúite faoi chois ag Seirbhís Rúnda na hÉireann, ach ar tháinig Balor an Bleachtaire Bóiscéalach air le teann fiosrachta agus fíriúlachta agus friochnaimh. Níl a fhios ag mórán daoine go ndearna Brains Cowen gearán oifigiúil leis an Choiste Oilimpeach Idirnáisiúnta cionn is nár tháinig an Tóirse Oilimpeach chun na hÉireann ar a chamchuairt dhomhanda. Ba de barr an ghearáin sin a tháinig an Tóirse Clúiteach Cáiliúil sin chuig Tír na Naomh agus na nOllamh le camchuairt na hÉireann a dhéanamh – ach go ciúin!
Tháinig an Tóirse i dtír i mbréagriocht in Iarthar Chorcaí, é i bhfolach i mburla i measc burlaí cócaoin ar snámh san fharraige amach ó Charn Uí Néid – an Tóirse i mburla amháin agus an deichniúr Síneach a bhí le hé a thionlacan i mburlaí eile. Díreach mar a bheifeá ag súil leis, shroich siad talamh na hÉireann slán sábháilte. Bhí Dónal Ó Liatháin ag fanacht leo chun an Tóirse a thabhairt ar an chéad chuid den turas go Cúil Aodha agus uaidh sin, suas an sliabh go Barr an Chúma, áit a raibh Cór Chúil Aodha bailithe le trí scór amhrán a chanadh le fáilte a chur roimh an Tóirse agus roimh an deichniúr Síneach a bhí á thionlacan. Bhí na Sínigh ar phionta uimhir a deich agus bhí an Cór ar véarsa seasca is a trí d’amhrán tríocha is a ceathair nuair a pléascadh an doras isteach. Cé a bhí ann ach baill den Ionad Buail Isteach ag béiceadh in ard a gcinn: “An Tibéid abú! Saoraigí an Tibéid!”
“Maith go leor, saorfaimid an Tibéid. Anois isteach libh agus dúnaigí an doras,” arsa Cathal Ó Riada, a bhí i ndiaidh an deichniúr Síneach agus a gcuid piontaí a shá isteach faoin chuntar as radharc. “Tá fáilte romhaibh. Anois bígí ciúin in ainm Dé. Níl ach sé
amhrán is fiche eile le canadh againn. Caithigí siar cúpla pionta ansin agus bainfidh sibh sult as na hamhráin.”
Ag druidim le trí a chlog ar maidin, bhí Barr an Chúma ciúin. Bhí Cór Chúil Aodha ar shiúl ‘na bhaile chun codladh na hoíche a fháil le hiad féin a réiteach le haghaidh cleachtaidh mhóir fhada an lá arna mhárach. Bhí Dónal Ó Liatháin agus na Sínigh istigh faoin chuntar ina sámhchodladh, lucht Ionad Buail Isteach sínte thall is abhus ar an urlár, agus an Tóirse Oilimpeach athbhreoslaithe le trí bhuidéal de 12 Year Old Jameson ag soilsiú go geal agus é ag gobadh aníos as fualán i leithreas na bhfear.
Ar bhuille a trí, chualathas trup mór taobh amuigh agus isteach thar an tairseach le Maidhc Dainín Ó Sé agus Micheál Ó Mórdha chun an Tóirse Oilimpeach a bhreith leo ar an chéad chuid eile dá chamchuairt. As go brách leo beirt i leoraí Mhaidhc, an Tóirse ag gobadh amach an fhuinneog, agus gach aon ruabhéic as an bheirt acu agus iad ag taisteal trí Ríocht Chiarraí. Le breacadh an lae, shroich siad An Bóthar, an tábhairne sona suaimhneach sin ag bun Chnoc Bhréanainn, áit a raibh grúpa sléibhteoirí ó Fhórsaí Cosanta na hÉireann ag fanacht chun an Tóirse a thabhairt suas an sliabh. Ach istigh sa tábhairne, bhí Danny Sheehy ag fanacht le seacht scéal is fiche faoi Chnoc Bhréanainn a insint do mhuintir na bhFórsaí Cosanta. In éineacht le Danny, bhí an Canónach Pádraig Ó Fiannachta, le tumar mór uisce coisricthe chun an Tóirse Oilimpeach a thumadh ann le gach rian den Chumannachas Págánach Diabhlaí a dhíbirt amach as.
Faoin am a bhí an séú scéal inste ag Danny, bhí an ghrian ag dul faoi agus bhí sé in am an Tóirse a athbhreoslú... agus gach duine chomh maith. Le scéal fada a dhéanamh gearr agus scéal gearr a dhéanamh suimiúil, ba é an Canónach a mhúscail ar dtús – thart faoin a ceathair a chlog ar maidin – agus ba eisean a thug faoi deara ar dtús é: bhí an Tóirse imithe. Músclaíodh gach duine agus cuardaíodh an teach, an garraí, na carranna taobh amuigh, an leithreas agus an portach ar fad thart, ach ba léir go raibh an Tóirse i ndiaidh a bheith torchjackáilte.
Ba iad muintir Ionad Buail Isteach an chéad dream a tháinig faoi amhras, ach níorbh fhada gur tháinig an Eaglais Chaitliceach faoi amhras i bhfad ní ba mhó, nó fuarthas clocha paidrín, ceann i ndiaidh a chéile, ar an bhealach idir An Bóthar agus teach an tsagairt sa Daingean. I ndiaidh do na Fórsaí Cosanta agus don tSeirbhís Rúnda a bheith “ag obair” ar an Chanónach Ó Fiannachta ar feadh trí lá agus trí oíche d’admhaigh sé go raibh sé faoi orduithe ón Chliarlathas fuadach an Tóirse a eagrú. I ndiaidh cúpla uair an chloig eile, d’admhaigh sé go raibh an Tóirse i bhfolach i dteach paidreoireachta i gContae Mhaigh Eo, áit a raibh sagart cráifeach, agus bean ní ba chráifí fós, ag maíomh gur míorúilt a bhí ann nuair nach raibh siad in ann an Tóirse a chur as. Bhí na sluaite ag tarraingt ar an áit agus ag íoc airgid mhaith le hamharc ar an Tóirse Míorúilteach.
Níorbh fhada
go raibh an teach paidreoireachta timpeallaithe ag tancanna agus carranna armúrtha. Níor sheas an sagart cráifeach, ná an bhean ní ba chráifí fós, ar feadh i bhfad in éadan na bhFórsaí Cosanta. Bailíodh an Tóirse agus as go brách le gach duine chuig Áras an Uachtaráin chun é a thaispeáint d’Íosa Mhic Giolla Mháire. Ach níorbh ann di! Cá raibh Uachtarán na hÉireann? Cén áit eile ag deireadh mhí Iúil ach i nGleann Cholm Cille. Ag cruinniú éigeandála de mhuintir na Seirbhíse Rúnda agus na bhFórsaí Cosanta socraíodh go raibh sé i bhfad róchontúirteach an Tóirse a ligean faoi bhúir asail do Ghleann Cholm Cille ag an am sin den bhliain, cionn is go raibh daoine aisteacha as gach aon chearn den domhan ann, agus mic léinn chomh maith. I lár an chruinnithe, tháinig scairt ó Brains Cowen. Bhí a sháith aige den Tóirse, den Ionad Buail Isteach, den Eaglais Chaitliceach, de Chór Chúil Aodha agus de chuid scéalta Danny Sheehy. Bhí an Tóirse sin le pacáil isteach i mála mór Lidl, agus le cur ar ais ar an chéad eitilt eile chun na Síne – chomh maith leis an deichniúr sin a tháinig in éineacht leis, agus a bhí faoin am sin scaipthe i dtábhairní éagsúla ar fud na hÉireann.
Agus sin é mo scéalsa; Dia le mo bhéalsa; agus má tá bréag ann, bíodh; nó ní mise a chum ná a cheap.