Tá Learpholl go mór faoi anáil an chultúir Ghaelaigh agus, san alt seo, déanann Tony Birtill cur síos ar chuid de na himeachtaí a bhí ar siúl i mbliana – agus Learpholl mar Phríomhchathair Chultúrtha na hEorpa – leis na naisc seo a cheiliúradh.
Gan amhras, d’Éireannaigh na cathrach seo, ba í cuairt Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Ghiolla Íosa, buaicphointe na bliana seo ina bhfuil Learpholl mar Phríomhchathair Chultúrtha na hEorpa.
Tháinig an t-uachtarán, a fear céile, Martin, agus David Cooney, Ambasadóir na hÉireann chun na Breataine, go dtí an t-ionad Éireannach, Club Naomh Mícheál, ar an 4 Meitheamh le bualadh leis na grúpaí éagsúla atá ag feidhmiú ón áit sin – Conradh na Gaeilge, Comhaltas Ceoltóirí Éireann, an Scoil Rince, Cumann Lúthchleas Gael, The Jim Larkin Flute Band agus Irish Community Care Merseyside.
Dúirt an sí linn go raibh gaolta aici féin sa cheantar agus, mar sin, bhíodh sí anseo go minic sular toghadh í mar uachtarán. Agus ansin sa bhliain 1997, nocht sí leacht cuimhneacháin in ómós do na mílte Éireannach a tháinig go Learpholl i rith an Ghorta Mhóir 150 bliain roimhe sin.
"Since that time it has been known as Ireland’s other capital city and we feel a sense of belonging in Ireland to Liverpool and a connection with Capital of Culture as Irish culture is such a big part of the city," a dúirt sí.
Labhair sí faoi shaol na n-inimirceach agus luaigh sí go speisialta David Cooney, mar is mac le hinimircigh é a rugadh agus a tógadh i Londain.
An oíche sin, bhí léiriú de cheol agus de rince na hÉireann ar siúl. Bhíothas "Ag ceiliúradh Learphoill – Príomhchathair Chultúrtha na hEorpa 2008," mar a scríobhadh ar chlár dátheangach an imeachta, a bhí ar siúl i St George’s Hall i lár na cathrach.
ÍoróinBhí íoróin ag
baint leis an ócáid a bheith ar siúl ansin mar tógadh an halla mór, galánta, nuachlasaiceach in 1854 mar shiombail de shaibhreas na cathrach le linn d’inimircigh bhochta Éireannacha a bheith ag fáil bháis sna slumaí cúpla céad slat ón ionad tógála.
Ach níor chuir taibhsí na tréimhse sin isteach ar an cheolchoirm seo, arbh í Róisín Seoighe as Conamara a réalta. Cé nach bhfuil sí ach ocht mbliana d’aois, is amhránaí agus rinceoir den scoth í a bhfuil mórán duaiseanna buaite aici. Chan sí “Eibhlín Ní Fhlaithearta” ar dtús agus ansin rinne sí damhsa ar an sean-nós dar teideal "Bánta Nua-Bhainte”.
Rinne Rosemarie Cooney agus Derrie Murray rince na scuaibe idir na poirt a chas John Carty, Kieran Hanrahan, Arty McGlynn agus Matt Molloy. Ní raibh Kieran Hanrahan feicthe agam riamh, cé go raibh aithne mhaith agam ar a ghuth ón chlár iontach "Céilí House" ar Raidió 1. Is as Inis, Contae an Chláir – baile na Fleidhe Nua – do Kieran, agus d’inis sé don lucht éisteachta mar gheall ar an tionchar a bhí ag The Liverpool Céilí Band air agus é ag fás aníos ansin sna seascaidí: "*The big excitement at every Fleadh Nua was when the Liverpool Céilí Band came over and played. They were such ambassadors for Irish traditional music and hugely influential on us young ones." *Sheinn sé port in ómós dóibh, rud a chuir gliondar ar Sheán McNamara, an ball deireanach den bhanna atá go fóill beo.
Labhair an t-uachtarán leis an slua:* "I was last here 10 years ago when I unveiled the Famine Memorial at St Luke’s Church, just at the time of the Good Friday Agreement. That has given hope to every generation, so that relations between Britain and Ireland have never been better. Sometimes the conflict was played out on the streets of Liverpool- the vanities of history. Now the sheer unadulterated power of people working together can be seen. We are the first generation to live through that."*
An Béaslaíoch
Ar an 1 Bealtaine, seoladh leabhar dar teideal An Béaslaíoch: Beatha agus Saothar Phiarais Béaslaí, 1881-1965 (Coiscéim, 2007) i gClub Naomh Mícheál agus labhair údar an tsaothair, Pádraig Ó Siadhail, ag an lainseáil. Bhí muid ag súil go mór leis an leabhar seo i Learpholl, mar is cuid thábhachtach de chultúr na cathrach í filíocht Bhéaslaí. Bhuaigh *An Béaslaíoch: Beatha agus Saothar... *an chéad duais sa chomórtas “Léirmheastóireacht ar Fhilíocht/Saothar Próis" ag an Oireachtas anuraidh.
D’inis an tOllamh Ó Siadhail dúinn tuige ar scríobh sé an leabhar seo faoi Bhéaslaí – fear a ndearna sé cur síos air mar "Irish Catholic and Scouse”. Bhain an cur síos sin gáire as an chuideachta mar is é sin an teideal atá ar leabhar a scríobh an tOllamh John Belchem anuraidh ina ndeir sé go raibh teanga ar leith ag na hÉireannaigh i Learpholl (c.f. Beo! eagrán 80). Níl trácht ar bith ar Bhéaslaí sa leabhar seo agus chuir Ó Siadhail an cheist: "How easy is it for someone to fall between the cracks? What’s a life worth?"
Thug Pádraig Ó Siadhail cuairt ar reilig Chaitliceach Learphoill, áit a bhfuil leacht a tógadh mar chuimhneachán ar Éirí Amach na bhFíníní in 1867. Leag na dílseoirí chun talaimh é nuair a rinne siad ionsaí air i 1999 (c.f. Beo! eagrán 6), ach tá sé deisithe anois.
Cesca TrenchAr an 24 Bealtaine, nocht an scríbhneoir agus staraí Anthony Fletcher leacht in ómós do Cesca Trench (1891-1918), an t-ealaíontóir agus Gaeilgeoir, ag an teach inar rugadh í i Learpholl.
Foilsíodh leabhar dar teideal Cesca’s Diary 1913-1916: Where Art and Nationalism Meet le Hilary Pyle in 2006. Tá an leabhar bunaithe ar an dialann a scríobh Trench i rith na tréimhse sin agus craoladh clár faisnéise den teideal céanna ar TG4.
Tháinig Anthony Fletcher ó Oxford le bheith i láthair ag an ócáid. Reggie, dearthóir Cesca, ba ea a sheanathair (athair a mháthar) agus fuair seisean bás sa Fhrainc i 1918 agus é ina oifigeach sna Sherwood Foresters, ar reisimint de chuid Arm na Breataine é.
Throid an reisimint seo i mBaile Átha Cliath i 1916 agus bhí cuid acu páirteach sa scuad lámhaigh a mharaigh cairde le Cesca. Dúirt Anthony Fletcher, agus é ag labhairt i Learpholl, nach raibh Reggie Trench féin páirteach sa scuad lámhaigh, "But he was implicated, wasn’t he?"
D’fhan sé thar oíche le Cesca Trench i mBaile Átha Cliath. "Although she was delighted to see her favourite brother, I don’t think they discussed the political situation or the Easter Rising. It just would have been too difficult to speak of it," a dúirt Fletcher. Tá sé ag scríobh leabhair faoin cheangal idir a shinsearsan agus Éirí Amach na Cásca agus tá súil aige go mbeidh sé críochnaithe aige roimh 2016.
Fís 2008Leanfar den cheiliúradh ar an Ghaeilge agus ar an chultúr Gaelach le linn féile dar teideal Fís 2008, a bheas ar siúl ón 24 Iúil go dtí an 7 Meán Fómhair. I measc na n-imeachtaí éagsúla a bheas ar siúl lena linn, reáchtálfar taispeántas ina mbeidh ealaín chomhaimseartha de chuid na hÉireann le feiceáil, beidh sraith cainteanna ar siúl ina bpléifear tionchar na Gaeilge agus na nÉireannach ar stair Learphoill agus taispeánfar cláracha faisnéise Gaeilge. Sa Novas Contemporary Urban Centre a bheidh na himeachtaí ar siúl, ar ionad nua é ar Parliament Street.
Is iad stiúrthóirí na féile ná Martin Campbell, ealaíontóir agus léiritheoir cláracha faisnéise as Iúr Chinn Trá, agus Derek Culley, ar ealaíontóir Éireannach é atá ina chónaí i Learpholl agus ar ar bronnadh deontas ón Pollock-Krasner Foundation anuraidh (c.f. Beo! eagrán 73).
"Beidh an Ghaeilge mar chuid lárnach den fhéile seo agus is go dátheangach a dhéanfar í a sheoladh. Is i nGaeilge agus i mBéarla a bheidh aon ábhar clóite a bhaineann léi ar fáil. Tá Fís 2008 á mhaoiniú ag Foras na Gaeilge agus is é Derek Hannon, an Attaché do Chúrsaí Cultúrtha na hÉireann sa Bhreatain, a dhéanfaidh í a sheoladh," dúirt Máirtín Campbell.
Beidh an taispeántas amharcealaíon seo ar siúl ar feadh sé seachtaine. Saothar le healaíontóirí as Éirinn - ó thuaisceart agus ó dheisceart na tíre - a bheidh le feiceáil lena linn, iad seo ina measc: Fiona Ní Mhaoilir, Sinéad Ní Mhaoinigh, Shane Cullen, Éamon Colman (ball d’Aosdána agus iar-uachtarán de Chomhairle Eorpach na nEalaíontóirí), Raymond Watson agus roinnt ealaíontóirí Éireannacha atá lonnaithe i Sasana. Déanfar na cláracha faisnéise a thaispeáint i gcomhar le hInstitiúid Scannán na hÉireann le linn an chéad seachtain. Is le linn na seachtaine sin a bheas an tsraith cainteanna ar siúl fosta.
Tá na cainteanna á n-eagrú le cuidiú ó Institiúid Léann na hÉireann, Ollscoil Learphoill, agus ó Ionad an Staidéir Imirce atá lonnaithe i nDaonpháirc Uladh-Mheiriceá i gContae Thír Eoghain. Pléifear an dóigh a ndeachaigh teacht na nÉireannach i gcion ar theanga agus ar chultúr Learphoill, an tionchar a d’imir cúrsaí polaitiúla in Éirinn ar chathair Learphoill i ndiaidh an Chéad Chogadh Domhanda agus an imirce mhór ó iarthuaisceart Shasana go hÉirinn a tharla 400 bliain ó shin, le linn aimsir na bPlandálacha.
"Is deis iontach é seo ceiliúradh a dhéanamh ar na naisc idir Éirinn agus Learpholl, go háirithe i mbliana agus Learpholl mar Chathair Chultúrtha na hEorpa agus na sluaite móra cuairteoirí ag tarraingt ar an áit," a dúirt Máirtín Campbell.Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é. Bíonn sé ag obair le hOideas Gael i nGleann Cholm Cille gach samhradh agus tá sé ag obair mar mhúinteoir agus mar shaoririseoir i Learpholl.