AR NA SAOLTA SEO
Míofaireacht in áiteanna áille
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

imní agus fearg ar Tony Birtill mar go bhfuil rudaí gránna, aisteacha agus míchuí á gcur i mbaill áilleachta timpeall Ghleann Cholm Cille. Ach ní hé gur déagóirí ná loitiméirí atá á dhéanamh, ach na forais úd a dhéanann cúram d’oidhreacht na tíre.

Íomhá
"Ar imeall an domhain": radharc trasna an Aigéin Atlantaigh ó bharr Shliabh Liag (grianghraf le François Lavernhe)
Íomhá
Ní dhearnadh mórán maitheasa leis an deontas a cheadaigh an tAire Éamon Ó Cuiv chun feabhas a chur ar an phort i nGleann Cholm Cille
Íomhá
Míofar: an t-ardán féachana ag Bun Glas
Íomhá
Tá an tobar beannaithe ag Díseart Aoidh Mhic Bhricne fós scriosta
Íomhá
An radharc álainn ag Bun Glas

“Tá muid ar imeall an domhain!” a dúirt Anna Rudycheva, iníon léinn ón Rúis, agus í ina suí go sona sásta ar bharr Shliabh Liag, ag amharc amach trasna an Aigéin Atlantaigh. Bhí sí páirteach i mo chúrsa siúl sléibhe i nGleann Cholm Cille i mí Iúil in éineacht le Maria Shkapa, Rúiseach eile a bhfuil Gaeilge mhaith aici. Tá siad ar ais ar an ollscoil i Moscó anois, ag déanamh staidéir ar an teangeolaíocht – tá an Ghaeilge mar chuid dá gcúrsa.

D’inis sí dom gur turas deich n-uaire atá i gceist don fharraige is cóngaraí do Mhoscó; An Mhuir Bhailt. “Ach tá sí reoite cuid mhaith den bhliain – níl rud ar bith le feiceáil ansin ach leac oighir,” a dúirt sí liom.

Mar sin, dála na mac léinn ón Iodáil a bhí ar an chúrsa seo cúig bliana ó shin (c.f. eagrán Beo! mhí Mheán Fómhair, 2003), bhain siad an-sult as an cheantar fiáin, álainn seo. Ach faraor, tá dochar á dhéanamh don áit i rith an ama; damáiste atá á dhéanamh d’aon turas.

Um an dtaca seo anuraidh, rinne mé cur síos ar an tobar beannaithe a scriosadh ar Shliabh Liag (c.f. eagrán Beo! mhí Lúnasa, 2007). Ar na cúrsaí siúl sléibhe, tugann muid cuairt ar Thobar Aoidh Mhic Bhricnesula sula dtéann muid trasna Chosán an Aon Fhir leis an mhullach a bhaint amach. Tá a fhios againn cén chuma a bhí ar an tobar sin ó sheanghrianghraif a foilsíodh in Beo! le m’alt féin.

Nuair a chuala mé ag tús na bliana go raibh deontas de €213,225 ceadaithe ag an Aire Turasóireachta, Seamus Brennan (nach maireann), le haghaidh oibre breise ar Shliabh Liag chun é a fhorbairt mar bhall áilleachta, bhí dóchas agam ar dtús go

ndeiseoidís an tobar. Ach ansin, chuimhnigh mé ar an deontas mór a cheadaigh an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamonn Ó Cuiv, sa bhliain 2005 chun feabhas a chur ar an phort, ar áit fhiáin agus ghalánta eile sa pharóiste seo é. Sa deireadh, thóg siad bóthar díreach tríd an chladach síos go dtí an ché. Tá an áit mar a bheadh carrchlós ann anois, in ionad é a bheith ar an limistéar is áille sa cheantar, mar a bhí sé roimhe seo (c.f. eagrán Beo! mhí Lúnasa, 2005).

Mar sin, nuair a fuair mé cuireadh ó Raidió na Gaeltachta le bheith páirteach i ndíospóireacht faoi Shliabh Liag le fear áitiúil, Eoghan Ó Curraighin*, *arb as Teileann dó, agus le Breandán Delap, a bhíonn ag obair mar cheannaire ar mo chúrsa, d’iarr mé ar na húdaráis gan an áit a scriosadh. “Tá sé go hálainn mar atá sé ,” a dúirt mé arís is arís. Sin an méid muiníne atá agam as na húdaráis.

Nuair a d’fhill mé ar Shliabh Liag ag an Cháisc, chonaic mé go raibh mo thromluí fíoraithe. Ag Bun Glas, áit a bhfuil carrchlós ar láthair ard i gceist – thuas 165 méadar in airde – agus radharc iontach de na beanna, bhí ardán gránna déanta as adhmad tógtha ar imeall na mbeann. Deicre a thugtar ar stuif mar seo i siopaí déan féin é agus shílfeá go raibh sé díreach tagtha ó B&Q i nDoire nó Woodies i mBaile Átha Cliath. Bhí sé go hiomlán as ionad ag Bun Glas.

Bím ar bharr sléibhte i dtíortha éagsúla go rialta, in áiteanna a mbíonn a lán cuairteoirí iontu agus brú ar an talamh dá bharr – Snowdon agus Beinn Neibhis, mar shampla. Tá ardáin déanta as clocha áitiúla sna háiteanna seo, agus ballaí ísle thart timpeall orthu sa dóigh is nach n-amharcann siad as ionad. Dea-chleachtas coitianta sa lá atá inniu ann is ea a leithéid de shocrú. Tá ardán mar seo curtha in airde cúig mhíle dhéag ó Ghleann Cholm Cille, ag barr Ghleann Gheis, áit a bhfuil carrchlós agus radharc iontach fosta.

Nuair a bhain muid Díseart Aoidh Mhic Bhricne amach, chonaic muid go raibh an tobar beannaithe scriosta go fóill. Is léir go bhfuil na húdaráis sásta am agus airgead a caitheamh ar ardán amaideach gránna, ach níl siad toilteanach rud ar bith a chaitheamh ar ár n-oidhreacht álainn.

Chuala mé gurb é tionscadal darb ainm Imeall Trá – a bhaineann le Sliabh Liag agus Na Gobáin, ar beanna iad ar Oileán Mhic Aodha i gContae Aontroma – atá freagrach as an “fhorbairt” seo uilig. Beidh Fáilte Éireann, Údarás na Gaeltachta agus Comhairle Contae Dhún na nGall ag caitheamh idir €8 milliúin agus €12 milliún thar thréimhse cúig bliana ar an tionscadal. Is féidir a lán damáiste a dhéanamh le hairgead mar sin!

Bhí siad ag leanúint den tionscadal i mí an Mheithimh agus mé ar ais sa cheantar le grúpa. Bhí an tobar fós scriosta, ach bhí troscán suarach plaisteach curtha thart timpeall na háite – bhí táblaí picnic agus binsí scaipthe timpeall ón charrchlós atá píosa beag suas an cosán. Ní bhfaighfeá a leithéid i dtír ar bith eile.

Chuir sé díomá ar Bhreandán Delap fosta: “Míofar!” a dúirt sé liom, “caite le chéile gan machnamh ar bith a bheith déanta air.”

Ní thagann cuairteoirí go dtí “imeall an domhain” chun míofaireacht mar seo a

fheiceáil.

Chuir mé glao ar Joe Gatings ón tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra; is eisean atá i gceannas an tionscadail ar Shliabh Liag. Tá sé ag obair i bPáirc Náisiúnta Ghleann Bheatha, atá suite i dtuaisceart Dhún na nGall. Dúirt sé liom: “I was happy enough with the viewing platform.” Nuair a dúirt mé leis go raibh cuma shuarach ar an áit, dúirt sé: “I’m not happy to hear of plastic benches scattered up the pathway. They would be all right in the car park. I will take a look.”

Iontach.

Téann muid ó Ghleann Cholm Cille go Bun Glas ar mhionbhus a thiomnann fear áitiúil, Seosamh Ó hEochaidh. Bíonn sé thuas ansin gach lá le grúpaí éagsúla agus chuir na hathruithe a rinneadh ar an áit díomá air fosta. “Níor chuir duine ar bith ceist ormsa sula ndearnadh é,” a dúirt sé liom.

Nach aisteach é sin; go dtéann na húdaráis i mbun tionscadal mar seo gan a bheith ag labhairt leis na daoine a bhíonn thuas ansin le grúpaí go rialta? Tharla a leithéid blianta ó shin nuair a crochadh comhartha ag Bun Glas. Lán eolais mhíchruinn faoin áit a bhí sé – luadh air go bhfuil Cosán an Aon Fhír cúig bomaite dhéag siúl suas an cnoc, cuir i gcás. Tógann sé dhá uair, agus is minic a chas mé ar dhaoine a bhí ag caitheamh na mbróg mícheart agus iad ar strae ar lorg an

chosáin seo. D’éirigh mé bréan de bheith ag míniú do dhaoine go bhfuil Cosán an Aon Fhír i bhfad níos faide ar aghaidh agus gurbh fhearr dóibh filleadh ar ais. Sa deireadh, chuir mé ríomhphost anuraidh chuig Jeremy Smith, ar Oifigeach Cosán é le Comhairle Contae Dhún na nGall, ag moladh dó gur chóir fáil réidh leis an chomhartha míchruinn. Thug mé faoi deara i mbliana go bhfuil an píosa faoi Chosán an Aon Fhír scriosta amach, ach i mBéarla amháin. Más Gaeilgeoir tú, tá tú fós i mbaol!

Leis an mhéid fearthainne a bhí againn an samhradh seo, tá an cosán trasna Chnoc Ramhar, atá leathbhealach suas Sliabh Liag, an-chlábarach. Mhol mé ar Raidió na Gaeltachta gur chóir cosán clocha a thógáil ansin, ach níor tharla sé.

Tá an chuma ar an scéal nach dtéann an dream atá ag cur airgid amú níos faide ná an carrchlós ag Bun Glas! Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é. Bíonn sé ag obair le hOideas Gael i nGleann Cholm Cille gach samhradh agus tá sé ag obair mar mhúinteoir agus mar shaoririseoir i Learpholl.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.