Níl aon toradh ar na milliúin a thug an rialtas do lucht na hUltaise ó thuaidh. Tá an tacaíocht airgid gan bhunús réadúil, dar le Robert McMillen, agus tá teipthe go tubaisteach ar iarrachtaí an teanga a chur chun cinn.
For which of you, intending to build a tower,
sitteth not down first, and counteth the cost,
whether he have [sufficient] to finish [it]?
Lest haply, after he hath laid the foundation,
and is not able to finish [it], all that behold [it] begin to mock him,
Saying, This man began to build, and was not able to finish.
Luke 14: 28 – 30
Ba leis na focail seo a chuir státseirbhíseach tús le litir faoi oibriúcháin an Ulster Scots Academy Implementation Group (USAIG) a cuireadh chuig cathaoirleach an ghrúpa sin. Bhí alltacht ar lucht na hUltaise gur baineadh úsáid as Soiscéal le buille a bhualadh ina n-aghaidh, ach is léir go bhfuil na rotha ag titim de bandwagon na Albainise Uladh.
Ba é an tAcadamh molta an tseoid i gcoróin lucht tacaíochta na "teanga". Ba iad na clocha ba mhó ar a bpaidrín ná Foclóir Béarla-Ultais/Ultais-Béarla; suirbhé ar "chainteoirí dúchais" ina ndéanfaí téipeanna de na cainteoirí sin a thaifeadadh; aistriúchán Ultaise ar an Bhíobla; stóras leictreonach de litríocht na hAlbainise Uladh; seirbhís aistriúcháin agus córas don chaighdeánú litrithe agus nuathéarmaíochta.
Tugadh £12m do USAIG le foirgneamh a fháil don fhoireann agus le tabhairt faoi thionscadal an Acadaimh. Ina litir, ba iomaí uair a cháin an státseirbhíseach, Paul Sweeney, an foirgneamh a raibh USAIG lonnaithe ann i mBaile Nua na hArda agus cháin sé fosta modh oibre na foirne, cur chuige an chathaoirligh, Philip Robinson, ach go háirithe.
Mar shampla, as siocair go mbíodh baill foirne as láthair de bharr tinnis go minic – agus de thairbhe go raibh go leor deacrachtaí ag an ghrúpa ó thaobh cainteoirí Ultaise a earcú – ní raibh a fhios ag aon duine cad iad na cúraimí nó na freagrachtaí a bhí orthu. Ní raibh líonra i gceist ó thaobh na ríomhaireachta de in oifig USAIG i mBaile Nua na hArda, foirgneamh a raibh taise ann a ndearnadh dochar do roinnt leabhar de chuid an Ghrúpa dá tairbhe. (Tá an oifig druidte ó shin agus fuarthas amach nár íocadh cíos le linn na ndeich mí a bhí USAIG ann.)
Deir Sweeney go raibh an dul chun cinn a baineadh amach i dtionscadail éagsúla USAIG “measctha” agus mhol sé cúpla tionscadal a mbeadh fiúntas leo, dar leis.
Moltaí In áit daoine a chur amach le téipthaifeadáin, cén fáth nach n-iarrfaí ar phobal na hUltaise a gcuid fístéipeanna a chur isteach chuig USAIG? D’fhéadfaí iad a chur ar líne agus “US Tube” (Ulster-Scots Tube) a chruthú, ar sé. Mhol sé fosta go bhfeadfaidís socrú a dhéanamh le comhlachtaí guthán póca le “Focal Ultaise an Lae” a chur ar fáil. D’fheadfaí comórtais a reáchtáil leis na cainteoirí is fearr a aimsiú – leagan Ultaise de X-Factor atá i gceist aige – agus fiafraíonn sé cén fáth nach bhfuil tionscadail dhrámaíochta, scannánaíochta, theilifíse agus raidió á moladh? Cén fáth nach bhfuiltear ag déanamh físeán d’fhilí agus d’aithriseoirí an lae inniu láithreach?
Mar achoimre – agus bhí i bhfad ní ba mhó i gceist sa litir ná an méid atá scríofa sa chuntas gairid seo – bhí USAIG i bhfoirgneamh nach raibh fóirsteanach dóibh; bhí fadhbanna acu ó thaobh daoine a earcú le tabhairt faoi na tionscadail; bhí cúrsaí airgeadais – íocaíochtaí agus soláthar – ina bpraiseach agus ní raibh an grúpa ag baint úsáide as na teicneolaíochtaí is úire leis na tionscadail a chur i gcrích. Táthar ag tosú as an úr arís agus tá an tAire Cultúir Ealaíon agus Fóillíochta, Gregory Campbell, ag tabhairt lántacaíochta don ghrúpa.
Ach cad é faoi the Boord o’ Ulstèr Scotch? Má amharcann tú ar shuíomh gréasáin s’acu – faoi “Forthcoming Ulster Scots Courses” – gheobhaidh tú amach nach bhfuil oiread agus rang Ultaise amháin ar an liosta; ranganna sa damhsa Albanach atá sna cúrsaí uilig (www.ulsterscotsagency.com/course.asp).
Agus tá lucht na hUltaise tugtha do nós iontach na nÉireannach – an scoilt. Tá deighilt idir iad siúd a shíleann go mbaineann an Ultais le hUltaibh amháin. Ach táthar ann – Ian Adamson, an fear a chum an focal Ullans, ina measc – a áitíonn gurb ionann Albanais Uladh agus Albainis na hAlban.Tá scoilt eile ann. Maíonn daoine áirithe gur pobal teanga é lucht na hUltaise; maíonn daoine eile gur pobal cultúir é. Ach bheadh impleachtaí móra ag baint leis an dara tuairim, is é sin, tugann sé le fios nach pobal teanga é. D’fhágfadh sé nach mbeadh siad in ann “cothrom na Féinne” a éileamh ná maoiniú a lorg a bheadh inchurtha leis an maoiniú a thugtar do lucht labhartha na Gaeilge más é Highland Dancing an chloch is mó ar a bpaidrín. Ní bheadh siad ábalta an maoiniú céanna a iarraidh agus atá tugtha don Chiste Craoltóireachta Gaeilge, mar shampla. (Dála an scéil, ní raibh USAIG ábalta ach £1m den £12m a fuair siad a chaitheamh. Táthar anois ag iarraidh go gcaithfear an t-airgead ar an Ghaeilge.) Tá ciolar chiot déanta de chúrsaí ach leanann Gregory Campbell de bheith ag tabhairt tacaíochta agus spreagtha do lucht aisling bhréige na hUltaise. Tá an tacaíocht seo gan bhunús réadúil mar atá léirithe go ríshoiléir ag USAIG.
Is iriseoir leis an Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.