AR NA SAOLTA SEO
Cén fáth a bhfuiltear in amhras faoin tionscadal Eorpach?
Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa

Tá an chuma ar an scéal go bhfuil an tAontas Eorpach anois i sáinn i ndiaidh do mhuintir na hÉireann vótáil i gcoinne dhaingniú Chonradh Liospóin. Caitheann Ciarán Mac Aonghusa súil ar chuid de na fáthanna ar vótáil daoine ina aghaidh.

Íomhá
Íomhá
Chuir imeacht Ahern isteach go mór ar an fheachtas ar son an Chonartha
Íomhá
Íomhá
Ceannairí na hEorpa: ní mór dóibh muinín mhuintir na hEorpa a thuilleamh in athuair

An mhí seo caite, dhiúltaigh muintir na hÉireann do Chonradh Liospóin. Go bunúsach, bhí dhá aidhm leis an Chonradh: athchóiriú suntasach a dhéanamh ar institiúidí an Aontais Eorpaigh agus líon na réimsí a bhfuil inniúlacht ag an Aontas orthu a mhéadú. Ba í an cheist ba mhó a bhí i mbéal cheannairí na hEorpa tar éis an reifrinn ná cén fáth a raibh muintir na hÉireann in aghaidh na leasuithe seo? Baineann cuid den fhreagra leis an tír seo agus leis an fheachtas, agus an chuid eile leis an Aontas Eorpach féin.

Léiríonn suirbhé a rinne an Coimisiún Eorpach sna laethanta beaga i ndiaidh an reifrinn go raibh an-éagsúlacht i gceist ó thaobh na gcúiseanna ar vótáil daoine ina aghaidh. Bhí cúis an-láidir amháin leis an toradh, áfach: easpa eolais a bheith i gceist i measc an lucht vótála. De réir an tsuirbhé, ba é ba phríomhchúis leis an chinneadh a rinne 22 faoin chéad acu siúd a vótáil i gcoinne an Chonartha ná easpa eolais.

Is léir gur theip ar an rialtas agus ar pháirtithe móra an fhreasúra an Conradh a mhíniú i gceart. Theip orthu cur síos simplí a dhéanamh ar na príomhleasuithe a bhí molta ann agus theip orthu cur ina luí ar dhaoine go raibh na leasuithe seo ag teastáil go géar le go gcuirfí ar chumas an AE dul i ngleic le fadhbanna móra na haoise seo.

Is cinnte go raibh an feachtas in aghaidh an Chonartha fíoréifeachtach. Dhírigh siad ar imní an phobail ó thaobh cúrsaí cánach agus cúrsaí míleata de. Bhí siad eagraithe go maith agus bhí siad láidir ó thaobh agóidí i measc an phobail a dhéanamh. Go minic, léirigh siad a gcuid tuairimí le fianaise ón Chonradh, cé gur chuir daoine áirithe ina leith gur bhain siad úsáid mhíchruinn agus chiotach as an fhianaise sin. Feachtas bacach

Gan amhras, bhí lochtanna móra ar an fheachtas ar son an Chonartha. Cuireadh tús leis go rómhall - ón tseachtain dheireanach amach, ní raibh croí na ndaoine a bhí ar a shon san fheachtas. Chuir imeacht Bertie Ahern agus ceapachán Brian Cowen isteach go mór air chomh maith agus ligeadh do ghrúpaí éagsúla – feirmeoirí agus ceardchumainn áirithe, cuir i gcás – an feachtas a thruailliú le bagairtí agus agóidí nár bhain leis an Chonradh. Mar bharr air sin, bhí sé soiléir nach raibh cuid mhaith den lucht polaitíochta eolach ar an Chonradh nó eolach ar mhodh oibre an AE mar atá sé. Bhí an Taoiseach féin agus Micheál Martin an-chumasach, ach eisceachtaí a bhí iontu siúd.

Ach tá ceist eile ann. Léirigh suirbhé Eurobarometer a rinneadh i mí Eanáir na bliana seo go raibh dearcadh dearfach ag 74 faoin chéad de mhuintir na hÉireann i leith an tír seo a bheith ina ballstát den AE. Mar sin, cén fáth ar vótáil daoine nach raibh eolach ar an Chonradh ina choinne? Is é sin, cén fáth ar chuir moltaí i leith leasú an Aontais imní ar dhaoine?

Ní mór cuimhneamh nárab é pobal na hÉireann an t-aon phobal amháin a bhfuil imní air faoi fhorbairt an Aontais. Sa bhliain 2005, vótáil muintir na Fraince agus muintir na hÍsiltíre i gcoinne Bhunreacht an AE, nó an Conradh ag bunú Bunreachta don Eoraip mar a thugtar air go hoifigiúil. Is cosúil go raibh imní orthu go raibh an tAontas ag bogadh ar aghaidh go róthapa. Bhí imní orthu freisin faoin inimirce, faoi dhífhostaíocht, faoi iomaíocht, agus faoi léirscaoileadh.

Ach in áit machnamh a dhéanamh ar an imní a bhí ar na Francaigh agus ar mhuintir na hÍsiltíre, bhrúigh ceannairí na hEorpa ar aghaidh go bacach. Rinne siad neamhiontas den mhórcheist, is é sin, cén chaoi ar chaill an tAontas Eorpach muinín an phobail agus cén chaoi a dtiocfadh leo í a fháil ar ais.

AmhrasIs dóigh liom féin gur tháinig amhras ar dhaoine faoin AE de bharr go ndearnadh é a bhogadh ar aghaidh go róghasta agus de bhrí nár thug na ceannairí an pobal

Eorpach leo. Nuair a leagadh Balla Bheirlín sa bhliain 1989, bheartaigh ceannairí Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (ainm an Aontais Eorpaigh go dtí gur athraíodh é faoi Chonradh Maastricht) go meallfaidís tíortha ó Lár agus Oirthear na hEorpa chuig an chlub. Faoi cheann cúig bliana déag, bhí deich gcinn de na tíortha iar-chumannacha - mar aon le roinnt tíortha eile - ina mbaill nua den AE. San am céanna, chuathas i mbun lánpháirtithe san AE agus rinneadh na nascanna a dhoimhniú go mór. Cuireadh an tAontas Airgeadaíochta ar bun agus tugadh lear mór réimsí inniúlachtaí sa bhreis don Aontas.

In achar an-ghairid, tháinig athrú mór ar an Eoraip. Bíodh sé maith, olc nó dona mar straitéis, cuireann mór-athruithe mar seo mearbhall ar dhaoine.

Is dócha gurb í Éire an tír is mó ar tháinig athrú uirthi le linn na tréimhse seo. Bhí an tír seo beo bocht fiche bliain ó shin, ach tá sí ar cheann de na tíortha is saibhre ar domhan faoi láthair. Bhíodh na mílte ag éalú ón dífhostaíocht, ach tá na céadta míle inimirceach sa tír seo anois. Tharla réabhlóid shóisialach ag an am céanna.

Is cinnte go dtuigeann daoine gur bhain an tír seo tairbhe as a bheith ina ballstát den Aontas Eorpach, ach tuigeann siad freisin go bhfuil an saol curtha as aithne. Tá daoine neamhshocair agus tá eagla orthu go dtréigfimid ár ndúchas. Léiríonn an suirbhé thuasluaite, a rinneadh i ndiaidh an reifrinn, gurb é an dara cúis is coitianta a bhí acu siúd a vótáil Níl ná go raibh siad ag iarraidh ár bhféiniúlacht Éireannach a chosaint. Is léir go gceapann go leor daoine go bhfuil cultúr na tíre seo idir dhá cheann na meá.

Ar ndóigh, tá rud mór eile i gceist anseo freisin: an domhandú. Tá eolas, caipiteal agus earraí á scaipeadh ar luas lasrach ar fud an domhain. Tá an córas caipitleach níos fíochmhaire agus níos géire ná mar a bhí sé riamh. Cuireann na fórsaí seo ar fad isteach go mór ar shaol an duine.

Más féidir – agus más mian – leis an Aontas Eorpach a chuid saoránach a chosaint ó dhroch-thionchar an domandaithe, ba chóir dá chuid ceannairí é sin a chur in iúl. Tá teipthe orthu dul i bhfeidhm ar an phobal ar an cheist áirithe seo go dtí seo.

Ní aontas eacnamaíochta é an tAontas Eorpach ach aontas polaitiúil. Ní bheidh sé éasca muinín agus meas an phobail a thuilleamh san Aontas mór scaipthe seo. Tá gach pobal Eorpach dílis dá náisiún agus dá stát féin. Deirtear go bhfuil easnamh daonlathach ag baint leis an AE, ach níl. Is iad na nithe atá in easnamh ná cumarsáid, meas, oscailteacht, freagracht agus muinín.

Thug diúltú mhuintir na hÉireann deis do cheannairí na hEorpa machnamh a dhéanamh ar an deighilt idir an tAontas agus an pobal. Ar an drochuair, tá sé soiléir cheana féin nach dtapóidh siad an deis seo. Ina áit sin, brúfaidh siad ar aghaidh, cuirfidh siad an locht ar an tír seo amháin agus fanfaidh siad caoch ar imní an phobail Eorpaigh.Is innealtóir é Ciarán Mac Aonghusa a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Tá sé ina thráchtaire agus ina láithreoir le Raidió na Life. Is as Tír Chonaill ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.