Fógraíodh le gairid go bhfuil maolú le teacht ar na polasaithe géara atá i bhfeidhm san Astráil i dtaca le lucht iarrtha tearmainn. Tá Bearnaí Ó Doibhlin den tuairim gur céim mhór chun tosaigh é seo.
Le sé bliana déag anuas, tá beartas coinneála éigeantaí i bhfeidhm san Astráil i dtaca le daoine atá sa tír gan chead. I measc na ndaoine a ghabhtar agus a charcraítear faoin mbeartas seo tá cuairteoirí a sháraíonn coinníollacha
a víosa agus iad siúd ar mian leo tearmann a bhaint amach ach a thagann i dtír gan chead.
Táthar ag súil anois, ámh, go gcuirfear ar ceal an polasaí géar seo agus mar gheall air sin go gcaithfear níos fearr feasta le hinimircigh neamhdhleathacha, go háirithe leo siúd a thagann chun na tíre ar chúiseanna tearmainn. Ach mar is iondúil le beartais inimirce san Astráil, is baolach go mbeidh clampar i gceist sula gcuirfear an cur chuige nua i bhfeidhm.
Cuireadh tús le beartas na coinneála éigeantaí sa bhliain 1992 agus Páirtí Lucht Oibre na hAstráile i réim. Timpeall an ama sin, bhí na céadta duine ag teacht chun na hAstráile ón gCambóid, iad ar lorg tearmainn ón gcaismirt a bhí ar siúl ina dtír féin. Thaistil a bhformhór i mbáid nach raibh acmhainneach ar muir agus a bhí eagraithe ag gáinneálaithe daoine. Tháinig siad i dtír in áiteanna iargúlta nó ar oileáin éagsúla ar chósta na tíre.
Chuir an rialtas náisiúnta reachtaíocht nua i bhfeidhm leis an bhfadhb a réiteach. Faoin reachtaíocht seo, gabhadh na teifigh agus cuireadh in ionad coinneála iad in Port Hedland, baile beag iargúlta ar chósta thiar na tíre. Ní ba dhéanaí, tugadh cead do chuid acu cur fúthu san Astráil, ach cuireadh na daoine eile ar ais chun a dtíre dúchais.
Géarchéim eileThart ar dheich mbliana ní ba dhéanaí, tháinig géarchéim eile chun cinn a bhain le hinimircigh neamhdhleathacha san Astráil. Ag an am, bhí an comhrialtas coimeádach i gcumhacht – agus John Howard ina phríomh-aire – ach an iarraidh seo, tháinig formhór na dteifeach ón Meánoirthear.
Idir na blianta 1999 agus 2001, tháinig breis is 8,000 duine chun na hAstráile ar chúiseanna tearmainn. Bhain siad an tír amach ar shoithí seoil a bhí eagraithe ag gáinneálaithe daoine. Arís, baineadh úsáid as báid nach raibh oiriúnach don turas contúirteach ón Indinéis agus, ar an drochuair, thit cuid acu as a chéile agus bádh go leor daoine. Ba ghnách leis na gáinneálaithe na teifigh a fhágáil ar oileán éigin ar chósta thuaidh na tíre nó ar Oileán na Nollag, ar críoch de chuid na hAstráile é atá suite san Aigéan Indiach.
Le dul i ngleic leis an bhfadhb seo, ghéaraigh ar na dlíthe a bhaineann le lucht iarrtha tearmainn. Mar gheall ar an reachtaíocht nua seo, ní raibh an ceart acu siúd a tháinig i dtír ar na hoileáin thuasluaite tearmann san Astráil a iarraidh.
Tógadh na teifigh go háiteanna eile taobh amuigh de mhórthír na hAstráile le haghaidh “próiseála” – áiteanna mar Oileán na Nollag agus Nárú agus Manus san Aigéan Ciúin, cuir i gcás. De bharr gur tógadh formhór na dteifeach chuig oileáin san aigéan sin, tugadh “Réiteach an Aigéin Chiúin” ar an bpolasaí. Mar thoradh ar
an bpolasaí seo, ní raibh na teifigh in inmhe achomharc in aghaidh cinntí a dhéanamh trí chúirteanna na hAstráile.
D’éirigh le roinnt teifeach eile an mhórthír a bhaint amach, ámh, ach thóg an rialtas ionaid choinneála faoi leith dóibhsean. Bhí an-chosúlacht idir na hionaid seo agus campaí imtheorannachta – bhí na ballaí thart timpeall orthu déanta as sreang rásúir. Tógadh cúpla ionad sna háiteanna is iargúlta sa tír agus chaith go leor teifeach – páistí san áireamh – na blianta fada iontu le linn do na húdaráis a bheith ag déileáil lena n-iarratas ar thearmann.
Ag an am, mhaígh an rialtas gur éirigh go maith leis an bpolasaí mar gur cuireadh stop le báid na ngáinneálaithe. Mhaígh an rialtas freisin gur thuig na teifigh nach mbainfidís tearmann amach mura mbeadh siad páirteach sa phróiseas oifigiúil. Ghlac an Astráil le 12,000 teifeach gach bliain sa tréimhse sin; rinne siad amhlaidh i gcomhréir le Prótacal na Náisiún Aontaithe i dtaca le Stádas an Teifigh.
Níl aon amhras ach gur fhulaing na teifigh sna hionaid choinneála, na páistí ach go háirithe. Le linn na sé bliana déag ó cuireadh beartas na coinneála éigeantaí i bhfeidhm, chaith 80,000 duine tréimhsí sna hionaid choinneála.
Beartas nuaDíreach roimh an olltoghchán i mí na Samhna anuraidh, gheall ceannaire an fhreasúra, Kevin Rudd, go mbeadh beartas inimirce a rialtais siúd ní ba bháúla le lucht iarrtha tearmainn ná mar a bhí polasaí an rialtais a bhí i gcumhacht ag an am. Bhuaigh sé an t-olltoghchán agus chuir sé lena fhocal ar na mallaibh nuair a d’fhógair an tAire Inimirce, an Seanadóir Chris Evans, sonraí an bheartais nua.
De réir an bheartais seo, ní chuirfear daoine a thagann chun na hAstráile gan chead in ionaid choinneála ach amháin mar rogha an díogha agus dá bhrí sin, beidh siad in ann maireachtáil i measc an phobail fad is a dhéanfar a n-iarratas ar thearmann a mheas. Beidh coinneáil fós i gceist i gcás na ndaoine a bhfuil na húdaráis in amhras fúthu - má bhíonn aon amhras faoi shláinte teifigh áirithe nó faoi chúrsaí slándála, cuir i gcás. Ní choinneofar aon pháistí sna hionaid.
Nuair a d’fhógair sé an beartas, gheall an Seanadóir Evans go ndéanfar daoine a thiocfaidh i dtír i mbád a choinneáil san ionad coinneála ar Oileán na Nollag fad is a dhéanfar a n-iarratas ar thearmann a mheas. Dúirt sé freisin nach bhfuil ach 357 duine sna hionaid choinneála faoi láthair agus níor tháinig ach seisear acu siúd i dtír i mbáid neamhúdaraithe.
Chuir na heagraíochtaí éagsúla a oibríonn ar son na dteifeach sa tír seo fearadh na fáilte roimh an mbeartas nua ach, ar an drochuair, tá an cur chuige nua cáinte ag urlabhraí inimirce an fhreasúra reatha. Mhaígh sé go dtabharfadh gáinneálaithe faoina ngnó uafásach arís de bharr go bhfuil an rialtas “lag ó thaobh teorannacha a chosaint.” Mhaígh sé freisin go mbeadh “na céadta” inimirceach neamhdhleathach ag maireachtáil faoi cheilt i measc a bpobal féin san Astráil.
Is mór an trua go bhfuil ceist an lucht iarrtha tearmainn san Astráil arís, mar a deirtear sa Bhéarla, ina liathróid pholaitiúil. Is féidir leis an tír shaibhir seo caitheamh go fial le daoine bochta atá ag éalú ó chruatan ina dtíortha féin agus tá dualgas ar pholaiteoirí abhus ráitis a chothódh easaontas idir grúpaí éagsúla a sheachaint. Sa chomhthéacs sin, tá an ráiteas thuasluaite a rinne urlabhraí an fhreasúra místuama agus griosaitheach, agus is an-mhaolaisnéis é sin.
As Bóthar na bhFál i mBéal Feirste é Bearnaí Ó Doibhlin ach tá cónaí air san Astráil ó bhí 1972 ann. Ba mhúinteoir Béarla é i gColáiste Mhaolmhaodhóg i mBéal Feirste ar feadh sé bliana sular thug sé féin, a bhean chéile agus a bheirt iníonacha aghaidh ar an Astráil. Lean sé ar aghaidh ag múineadh i gcathair Canberra go dtí go ndeachaigh sé ar scor i 1999.