AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Saol an mhadra bháin ag muintir Canberra!
Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin

Ó thaobh na hAstráile de, bítear ag caint go minic ar chomh hiontach agus atá Melbourne agus Sydney. Ach tá Bearnaí Ó Doibhlin den tuairim gur áit ar leith í an phríomhchathair, Canberra, chomh maith.

Íomhá
Soilse Chathair Canberra
Íomhá
Parliament House, Canberra

Nuair a bhí mise ag déanamh staidéir ar an tíreolaíocht sa mheánscoil in Éirinn fadó, bhí léarscáileanna na hAstráile agus na Nua-Shéalainne ar an dá leathanach dheireanacha den atlas scoile. Más buan mo chuimhne, níor chríochnaigh muid an leabhar sin riamh agus, dá bharr sin, ní raibh mórán eolais againn mar gheall ar thíreolaíocht na bhFritíortha.

In ainneoin gur bhain mé céim amach sa tíreolaíocht in Éirinn, caithfidh mé a admháil nach raibh ach tuiscint dhoiléir agam ar gheografaíocht na hAstráile sular chuir muid fúinn abhus in Canberra, príomhchathair na tíre, sa bhliain 1973.

Is minic, agus mé ar ais in Éirinn ar cuairt, a fhiafraítear díom cén áit go díreach a bhfuil cónaí orm san Astráil. Ní chuireann sé iontas ar bith orm go dtagann dreacha marbha ar na daoine a bhíonn do mo cheistiú nuair a fhreagraím, “Canberra”. Uaireanta, mar a deirtear i mBéarla na hAstráile, bíonn siad ar nós cangarú i ngreim ceannsolas!

Má tá aineolas mhuintir na hÉireann maidir le tíreolaíocht na hAstráile intuigthe,easpa eile aitheantais i gceist ó thaobh Canberra de atá níos aistí: an easpa measa ar a bpríomhchathair atá le sonrú go forleathan i measc mhuintir na tíre seo. Is dóigh liom go mbaineann an droch-cháil atá ar Canberra le stair na cathrach, le híomhá dhiúltach na bpolaiteoirí agus le tréithe áirithe a bhaineann le carachtar na nAstrálach.

Stair

Nuair a tháinig na sé choilíneacht Astrálacha le chéile sa bhliain 1901 le tír neamhspleách a bhunú, cuireadh ceist na príomhchathrach ar an méar fhada. Bhí iomaíocht ghéar i gceist idir Sydney, príomhchathair New South Wales, agus Melbourne, príomhchathair Victoria, maidir le cé acu a bheadh mar phríomhchathair na tíre.

Bhí muintir Sydney den tuairim go mba cheart dá gcathairsean a bheith mar phríomhchathair na tíre de bharr gur bunaíodh an chéad lonnaíocht Eorpach san Astráil ansin sa bhliain 1788 agus an choilíneacht á cur ar bun mar áitreabh pionóis.

Ach bhí an chuid ba mhó de na hinstitiúidí náisiúnta suite in Melbourne faoin am sin, foirgneamh sealadach na parlaiminte san áireamh. Mar gheall air sin, cheap muintir na cathrach sin go mbeadh sé níos oiriúnaí agus níos saoire dá mbeadh

Melbourne mar phríomhchathair na tíre. Bhí Melbourne ag feidhmiú mar phríomhchathair shealadach ag an am agus níor bhog an rialtas go Canberra go dtí an bhliain 1927.

Faoi dheireadh, tar éis díospóireachta naimhdí, rinneadh cinneadh go dtógfaí príomhchathair úrnua in áit éigin intíre idir Sydney agus Melbourne. Céad bliain ó shin, i Márta na bliana 1908, fógraíodh go dtógfaí an phríomhchathair ar an láthair a bhfuil Canberra anois – beagnach 300 ciliméadar siar ó dheas ó Sydney, agus 650 ciliméadar soir ó thuaidh ó Melbourne.

A waste of good sheep paddock” a dúirt duine de mhuintir na háite ina leith ag an am, agus ó shin i leith níor tháinig deireadh riamh leis na gearáin faoin gcathair bhocht. Ní mó ná sásta a bhí muintir Sydney agus Melbourne – an dá chathair is mó sa tír – leis an gcomhghéilleadh.

Thug an Ngunnawal, Bundúchasaigh áitiúla, an logainm Canberra ar an gceantar, focal arb é is brí leis ná “áit le haghaidh cruinnithe”. Is dóigh liom go bhfuil ainm na cathrach an-oiriúnach mar go mbíonn na cruinnithe is tábhachtaí sa tír ar siúl inti.

Reáchtáladh comórtas idirnáisiúnta le plean don chathair nua a choimisiúnú agus bhuaigh ailtire Meiriceánach, Walter Burley Griffin, é sa bhliain 1912. Le bheith beacht, bhuaigh Griffin agus a bhean chéile, Marion Mahony, an comórtas de bharr gur chuir na léaráidí áille ildathacha a tharraing sise go mór le hiarratas a fir.

Plean geoiméadrach ab ea é agus tá na hinstitiúidí náisiúnta suite sa cheantar ar a dtugtar an triantán parlaiminteach. Osclaíodh teach nua na

parlaiminte ag buaic an triantáin sa bhliain 1988 mar chomóradh dhá chéad bliain ar an gcéad lonnaíocht Eorpach san Astráil. Gné lárnach den phlean freisin ab ea na bláir phoiblí atá le feiceáil ar fud na cathrach.

Mar a bheifí ag súil leis, tá na polaiteoirí náisiúnta lonnaithe in Canberra. Más fíor do na suirbhéanna faoi dhearcadh na nAstrálach i leith na ngairmeacha éagsúla – a fhoilsítear sna meáin abhus go rialta – tá drochmheas ag muintir na tíre seo ar pholaiteoirí, mar atá acu ar dhlíodóirí, ar dhíoltóirí carranna athláimhe agus, sa lá atá inniu ann, ar lucht na teileamhargaíochta.

Go minic, déanann daoine an rialtas agus an áit a bhfuil sé suite a chomhcheangal lena chéile. Dá bhrí sin, nuair a bhíonn daoine míshásta le polasaithe nó le cinntí an rialtais, cuireann siad an milleán ar Canberra.

Is iomaí uair a fhaighim íde béil ó dhaoine as áiteanna eile sa tír nuair a chuirim in iúl dóibh go bhfuil cónaí orm in Canberra. Uaireanta, bím báúil lena gcuid gearán faoin rialtas, ach nílim ag rá go mbíonn an sciolladh tuillte agam. Ar ndóigh, táim dulta i dtaithí ar na hionsaithe anois, agus ní chuireann siad isteach nó amach orm.

Carachtar na nAstrálach

I measc na ngearán eile a dhéanann muintir na hAstráile faoi Canberra, maíonn siad go bhfuil an aeráid rófhuar, go bhfuil an chathair róphleanáilte – róghlan, fiú – agus go bhfuil caighdeán ró-ard maireachtála againn. Is fuath leo chomh maith na timpealláin mhóra atá mar chuid lárnach de phlean geoiméadrach Griffin. Caithfidh mé a admháil go dtéann cuairteoirí ar seachrán go rialta agus iad ag tiomáint thart timpeall orthu.

Meastar go forleathan go bhfuil saol an mhadra bháin againn sa phríomhchathair, agus go mbíonn ar cháiníocóirí eile sa tír íoc as ár saol sómasach. Meastar freisin nach dtuigeann muid gnáthshaol réadúil na ndaoine a bhfuil cónaí orthu taobh amuigh den chathair seo atá faoi phribhléid, dar leo.

Is daoine frithúdarásaíocha iad na hAstrálaigh nach bhfeileann sé dóibh a bheith ag glacadh le horduithe. Maidir le stíl mhaireachtála mhuintir Canberra, mothaíonn siad go bhfuil muid rórialaithe – dar le go leor cuairteoirí, níl sa chathair ach cnuasach bruachbhailte gan anam.

D’ainneoin na míshástachta, caithfidh mé a rá go bhfuil muidne lán sásta lenár saol sa phríomhchathair. De bharr gur cathair úrnua í, agus de bharr nach bhfuil ach daonra beag de 330,000 anseo, tá Canberra saor, beagnach, ó na fadhbanna a thagann chun cinn go coitianta sna cathracha móra eile – tranglaim tráchta agus truailliú aeir, cuir i gcás. Má chiallaíonn sé sin nach bhfuil anam ag baint leis an gcathair, leoga táimidne breá sásta maireachtáil gan é!

Bhí muid sona sásta ár bpáistí a thógáil anseo, agus anois tá triúr garpháistí linn ag éirí aníos sa chathair. Measann muid fós gur áit í atá an-oiriúnach mar áit le teaghlach a thógáil – agus tá an tseanlánúin seo ar mhuin na muice agus ár saol ar féarach á chaitheamh againn in Canberra! As Bóthar na bhFál i mBéal Feirste é Bearnaí Ó Doibhlin ach tá cónaí air san Astráil ó bhí 1972 ann. Ba mhúinteoir Béarla é i gColáiste Mhaolmhaodhóg i mBéal Feirste ar feadh sé bliana sular thug sé féin, a bhean chéile agus a bheirt iníonacha aghaidh ar an Astráil. Lean sé ar aghaidh ag múineadh i gcathair Canberra go dtí go ndeachaigh sé ar scor i 1999.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.