Anois ar theacht an tsamhraidh, beidh Pól Ó Muirí níos cruógaí ná mar a bhíonn de ghnáth. Agus níl éalú ar bith i ndán dó agus na páistí ar saoire ón scoil!
Ní thugann siad traenáil ar bith duit le bheith i d’athair. Tagann na páistí ar an saol (altú do Dhia as gach duine acu), tugann tú aire dóibh, cuireann tú oiliúint orthu agus – agus tá seo iontach tábhachtach ag an athair comhaimseartha – caitheann tú am, as do stuaim dheonach féin, ag súgradh leo. Sea, i bhfad uainn aithreacha Éireannacha na seanghnásanna, na laethanta sin nuair nach raibh le déanamh ag athair ach an tuarastal a chur ar an tábla gach Aoine agus aghaidh a thabhairt ar mhachairí fada an ghailf ag an deireadh seachtaine. Ní leor é sin mar nós anois. Caithfidh an t-athair am a chaitheamh leis na páistí. Is rud nádúrtha é – bíodh is gur ceapadh lá den saol gur rud nádúrtha é cead a gcinn a thabhairt do pháistí agus sos beag a thabhairt don athair a chaith an tseachtain ar fad ag sclábhaíocht.
Murab ionann agus gach athair eile, caithim an chuid is mó den tseachtain sa bhaile ag obair. (Seo anois mé ag obair!) Diomaite de lá nó dhó in oifig, caithim bunús mo chuid ama ag scríobh ar an ríomhaire agus ag craobhscaoileadh mo chuid gaoise fud fad na hÉireann agus na cruinne. (Fáilte romhat, dála an scéil.) Is é an t-idirlíon an nasc is mó atá agam leis na nuachtáin agus foilseacháin lena mbím ag scríobh. Le linn na scoilbhliana, tógaim na páistí chun na scoile agus bailím iad. Idir na ruathair sin a scríobhaim mo chuid. Nuair a thagann saoire an tsamhraidh, tagann deireadh leis an am “saor” sin. Ní bhíonn ruathar chun na scoile
i gceist; bíonn na páistí (atá uilig faoi aon bhliain déag d’aois) sa bhaile liom i gcónaí. Ó dhubh go dubh. Ó mhaidin go hoíche. Ó dhúiseacht go luí.
GráTá grá agam do mo chuid páistí. Tá, dáiríre. Ach cuireann saoire an tsamhraidh leis an strus aithriúil. Rud éasca atá ann páistí a fhágáil agus dul ag obair in oifig. Éiríonn tú, tugann tú bricfeasta dóibh, fágann tú faoi chúram mhamó nó duine eile iad agus imíonn tú go tearmann na hoifige. Tearmann, a dúirt mé – cineál Eilvéis an athar, áit nach mbíonn ach amháin daoine fásta eile. Molaim an oifig. Molaim na daoine fásta eile san oifig – daoine nach mbíonn ag iarraidh ort deoch oráiste a dhéanamh dóibh nó amharc ar Peppa Pig nó cluiche Battleships a imirt. Molaim an oifig.
Ach tá grá agam do mo pháistí. Ná bíodh imní ort nach mbeidh mé i m’athair maith an samhradh seo. Scríobhfaidh mé mo chuid colún agus mo chuid léirmheasanna idir na deochanna oráiste agus Peppa Pig. Rachaidh muid ar turas chun an zú,
beidh laethanta cois trá againn agus cuairteanna ar an phictiúrlann. Á, pictiúrlann an tsamhraidh. Sin an áit a mbíonn tuismitheoirí faoi bhrú le feiceáil; iad ar a ndícheall ag treorú a gcuid páistí isteach, á socrú ina gcuid suíochán agus ansin, go tobann, á dtabhairt amach arís chun an leithris de bharr gur ól duine amháin acu barraíocht Coke agus, bíodh is nach bhfuil fonn múin ar an chuid eile, níl siad sásta fanacht sa phictiúrlann dhorcha leo féin agus amach leo ar fad, duine ar dhuine, a gcuid cartán *popcorn *agus a gcuid milseán ina nglac acu agus gach aon “Brón orm” as béal a dtuismitheoirí agus fios acu go mbeidh an t-agó céanna i gceist nuair a fhillfidh siad.
Is ar éigean a bhím sa phictiúrlann níos mó mé féin – 42 bliain d’aois atá mise agus is ar éigean go mbíonn scannán fiúntach ann do mo ghlúin. Ach beidh mé i
mo shaineolaí ar scannáin na bpáistí go luath: chonaic mé Iron Man cheana féin (go measartha); Indiana Jones (go holc); ní fada go mbeidh Bat Man sna pictiúrlanna agus seans, agus tú á léamh seo, go mbeidh Kung Fu Panda feicthe agam. Beidh orm an léirmheas ar an chnuasach sin aistí a chur ar leataobh go ceann tamaill, an píosa sin scríbhneoireachta a gheall mé don dream i mBéal Feirste a chur ar an mhéar fhada, an leabhar d’fhoghlaimeoirí fásta a chur siar go dtí an fómhar agus an blag sin ar chúrsaí polaitíochta a chur ar athló.
Seo liom an samhradh, seo liom an spraoi. An bhfuil duine ar bith ag iarraidh deoch oráiste?Tháinig Pól Ó Muirí ar an saol i mBéal Feirste Lá Nollag, 1965. Is Eagarthóir Gaeilge de chuid an *Irish Times é; colúnaí spóirt le Foinse agus scríobhann sé colún ar an Belfast Telegraph. Le cois a bheith ina iriseoir, is file agus scríbhneoir é.*