AR NA SAOLTA SEO
Cúrsaí Oideachais: Agallamh leis an Dochtúir James Browne, Uachtarán Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa

Labhair Ciarán Mac Aonghusa le hUachtarán Ollscoil na hÉireann, Gaillimh le gairid faoina chuid tuairimí i leith táillí in aisce agus i leith na ndeacrachtaí is mó atá dó na geirbe ag an earnáil ardoideachais faoi láthair.

Íomhá
In eagrán Beo! na míosa seo, déanann Ciarán Mac Aonghusa plé ar pholasaí na dtáillí in aisce in institiúidí tríú leibhéal na hÉireann. Tá an t-alt ar fáil anseo: www.beo.ie/?page=ar_na_saolta_seo&content_id=701. Chuir Ciarán agallamh ar an Dochtúir
Íomhá
Baineann an tsochaí ina hiomláine agus na mic léinn araon tairbhe as an ardoideachas
Íomhá
Má dhéanfar polasaí na dtáillí in aisce a leasú amach anseo, beidh na cúrsaí eolaíochta ar na cinn is costasaí
Íomhá

CMA: Tá ceannairí na n-ollscoileanna ag rá go bhfuil easpa airgid ar fáil don ardoideachas. An bhfuil géarchéim i gceist ó thaobh maoinithe de agus má tá, cén chaoi a bhfuil sé seo ag cur isteach ar na hollscoileanna?

An Dr. James Browne: Níl aon dabht ach go bhfuil géarchéim ann. Má fhéachann tú ar an méid atá tar éis tarlú le blianta beaga anuas, tá líon na mac léinn ag méadú gach bliain ach níl an liúntas per capita a fhaighimid ón rialtas ag méadú. Tá sé ag titim. Tá an-bhrú orainn anois dá bharr sin. An chaoi is mó a gcuireann sé seo isteach orainn ná nach féidir linn an fhoireann ba mhaith linn a bheith againn a earcú. Mar shampla, níl an cóimheas idir an fhoireann agus líon na mac léinn i gceart.

CMA: Le blianta beaga anuas, tá airgead ar leith curtha ar fáil – cuir i gcás, faoin gClár um Thaighde sna hInstitiúidí Tríú Leibhéal – agus tá an rialtas ag caint ar gheilleagar eolasbhunaithe a chur sa tsúil agus ar níos mó airgid a chur ar fáil don taighde agus araile. Mar sin, cén fáth a bhfuil an ghéarchéim ag tarlú anois?

An Dr. Browne: Tá an ceart agat. Is léir go bhfuil i bhfad níos mó airgid ar fáil do chúrsaí taighde agus do thaighdeoirí. Tá níos mó airgid ar fáil chun mic léinn chumasacha a mhealladh; iarchéimithe, mar shampla. Agus tá an ceart ag an stát a bheith ag iarraidh go bhfaighidh níos mó daoine an cineál seo oiliúna agus go mbeidh mic léinn ag gabháil don taighde. Táthar ag cur airgid ar fáil don réimse sin – airgead ó Fhondúireacht Eolaíochta Éireann, mar shampla. Ach an fhadhb atá againn ná go bhfuilimid ag cur seirbhís mhaith ar fáil do na mic léinn trí airgead a aththreorú ón teagasc i dtreo an taighde. Ach caithfimid seirbhís teagaisc a chur ar fáil freisin. Cibé acmhainní atá ar fáil don taighde, tá siad dírithe ar an taighde amháin. Ach tá go leor acmhainní de dhíth orainn ó thaobh an teagaisc de chomh maith. Is mór an difríocht idir teagasc mar atá sé sa lá atá inniu ann agus teagasc mar a bhí sé fiche bliain ó shin. Tá timpeallacht fhíorúil foghlama i gceist agus bogearraí, agus caithfimid infheistíocht a dhéanamh chun an trealamh seo a cheannach.

CMA: I do bharúil féin, céard é an bealach is fearr le dul i ngleic leis an fhadhb seo?

An Dr. Browne: Breathnaím ar an scéal mar seo: is éard atá san ardoideachas ná earra poiblí agus earra príobháideach san am chéanna. Earra poiblí atá ann mar go mbaineann an tsochaí ar fad tairbhe as an oideachas seo; cuirtear dlíodóirí,

dochtúirí agus múinteoirí ar fáil dúinn. Is cóir don stát, mar sin, infheistíocht a dhéanamh san ardoideachas. Ach ag an am céanna, is earra príobháideach é an t-ardoideachas mar gur léir go saothraíonn céimithe níos mó airgid ná mar a shaothraíonn daoine nach bhfuil céim bainte amach acu; éiríonn leo postanna níos fearr a fháil. Faoi mar atá cúrsaí faoi láthair, ní íocann an duine is mó a bhaineann tairbhe as an ardoideachas as an oiliúint as a fhaigheann sé. Ba cheart go mbeadh cothromaíocht ann ach níl an córas cothrom faoi láthair.

CMA: Tá go leor daoine ann a chreideann go bhfuil fadhb mhór ag baint le táillí, is é sin, go gcuireann siad bac ar dhaoine bochta nó ar dhaoine atá faoi mhíbhuntáiste. Cad é do bharúil féin faoi sin?

An Dr. Browne: Bhuel, nuair a deirim gur chóir don mhac léinn cuid den chostas a íoc, nílim ag smaoineamh ar tháillí, ach ar bhealaigh eile chun na costais a íoc – iasacht a chur ar fáil, cuir i gcás, a n-íocfadh an mac léinn aisti i ndiaidh dó an ollscoil a fhágáil, nó d’fhéadfaí ráta speisialta cánach a chur ar fáil, fiú. Is féidir smaoineamh ar go leor bealaí, ach ní maith liom táillí mar go mbíonn an t-iallach ar thuismitheoirí airgead a chur ar fáil, in áit é a bheith ar an mhac léinn féin.

CMA: Nach gcuirtear iasachtaí ar fáil do mhic léinn i Sasana?

An Dr. Browne: Cuirtear cinnte. Tá an díospóireacht seo ar siúl i bhformhór na dtíortha ar fud an domhain. Fiú amháin sna tíortha Lochlannacha, táthar ag caint ar tháillí a ghearradh ar mhic léinn. Maidir leis an cheist faoi dhaoine bochta, má fhéachann tú ar na figiúirí, is léir gur daoine meánaicmeacha is mó a bhaineann tairbhe as an chóras mar atá sé. De réir na bhfigiúirí atá foilsithe ag an Údarás um Ard-Oideachas is lú ar fad líon na ndaoine ón lucht oibre atá ag freastal ar an ollscoil. Mar sin, níl an córas atá ann faoi láthair ag obair i gceart. Ba cheart go mbeadh gach duine in ann freastal ar an ollscoil.

*CMA: Is í an fhís atá ag an rialtas ná go ndéanfaidh tuilleadh daoine staidéar ar an eolaíocht agus ar an innealtóireacht ach, de réir mar a thuigim, tá ag teip ar iarrachtaí an rialtais daoine a mhealladh chuig na cúrsaí seo. Dá mbeadh táillí i gceist, bheadh na cúrsaí eolaíochta seo ar na cúrsaí is costasaí mar go bhfuil go *

leor trealaimh i gceist leo, cuir i gcás, saotharlanna agus ríomhairí agus mar sin de. An dóigh leat, mar sin, gur céim siar a bheadh ann táillí a ghearradh ar mhic léinn sna réimsí seo?

An Dr. Browne: D’fhéadfaí déileáil le rudaí mar sin. Bheadh an stát agus na hollscoileanna in ann chomhoibriú lena chéile chun réiteach a fháil ar na fadhbanna seo. D’fhéadfaí deontais a chur ar fáil dóibh siúd a dteastaíonn uathu a bheith ag déanamh staidéir ar na hábhair seo, mar shampla, nó d’fhéadfaí smaoineamh ar bhealaí eile a spreagfadh daoine chun staidéar a dhéanamh ar na heolaíochtaí. Tá a leithéid de scéim ar bun i dTuaisceart na hÉireann.

CMA: An mbeadh ceannairí na n-ollscoileanna i bhfabhar athruithe radacacha a chur i bhfeidhm – earnáil na hollscolaíochta a bhriseadh ina dá chuid, cuir i gcás, ionas go mbeadh ollscoileanna poiblí ann agus ollscoileanna príobháideacha, faoi mar atá acu sna Stáit Aontaithe?

An Dr. Browne: Ní bheadh ar chor ar bith. Creidimid go bhfuil an fhís cheart ag an stát seo, is é sin, gur chóir seans a thabhairt do chuile dhuine freastal ar an ollscoil. Ach, ag an am céanna, ba mhaith linn oideachas d’ardchaighdeán a chur ar fáil.

CMA: Bhí tú a rá go mbaineann an tsochaí agus an mac léinn araon tairbhe as an ardoideachas. Ach baineann gnóthaí na tíre leas as chomh maith. An dóigh leat gur chóir dóibhsean a gcuid féin a íoc freisin?

An Dr. Browne: Bhuel, tá go leor páirtithe leasmhara i gceist agus ba chóir go mbeadh gach dream acu ag tabhairt tacaíochta dúinn. Maidir leis na gnóthaí, tá siad ag tabhairt tacaíochta dúinn faoi láthair. Cuireann siad socrúcháin fhostaíochta ar fáil mar shampla, agus íocann siad as go leor den taighde a bhíonn ar siúl. Ceapaim féin go bhfuil comhpháirtíocht réasúnta maith i gceist idir Ollscoil na Gaillimhe agus na gnóthaí atá sa réigiún seo agus sílim go bhfuil gach páirtí

leasmhar ag tacú linn. Tugann Údarás na Gaeltachta tacaíocht dúinn, mar shampla, agus faighimid an-tacaíocht ó chomhlachtaí mar Hewlett Packard, Nortel, Cisco, agus Medtronic.

CMA: An measann tú an bhfuil easpa neamhspleáchais ag na hollscoileanna sa tír seo? An bhfuil an iomarca maorlathais iontu?

An Dr. Browne: Ní dóigh liom é. I mo thuairim féin, tá gnáthdhaoine na tíre seo ag súil go bhfuil oscailteacht ag baint leis an chóras ardoideachais, agus tá muidne sna hollscoileanna sásta an oscailteacht sin a bhrú chun cinn. Ach bíonn oifigigh de dhíth, cuir i gcás, chun eolas a chur ar fáil do mhic léinn, is é sin, chun a bheith ag plé le saoráil faisnéise. I ngeall air seo, bíonn níos mó maorlathais i gceist ach creidim nach bhfuil ansin ach an praghas a íoctar as oscailteacht.

CMA: Is léir go bhfuil meathlú geilleagrach ar siúl faoi láthair. Nuair a chuirtear é sin san áireamh, an bhfuil tú dóchasach go bhfaighidh na hollscoileanna an maoiniú ceart amach anseo?

An Dr. Browne: Táim dóchasach go réiteofar an fhadhb seo san fhadtéarma. Sa ghearrthéarma, is cinnte go mbeidh deacrachtaí againn. Ach sa mheántéarma agus san fhadtéarma beimid i gceart, ceapaim. Tuigeann muintir na tíre seo – idir pholaiteoirí, thuismitheoirí, oibrithe san earnáil phríobháideach agus oibrithe san earnáil phoiblí – an tábhacht a bhaineann le hoideachas tríú leibhéal agus le taighde agus mar gheall air sin, beidh daoine sásta tacaíocht a thabhairt do na hollscoileanna. Mar sin, táim dóchasach i leith thodhchaí an ardoideachais sa tír seo.Is innealtóir é Ciarán Mac Aonghusa a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Is tráchtaire agus láithreoir é le Raidió na Life. Is as Tír Chonaill ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.