AR NA SAOLTA SEO
Raidió na Life: Breithlá leictreach!
Caoimhe Ní Laighin Caoimhe Ní Laighin Caoimhe Ní Laighin

Agus comóradh cúig bliana déag Raidió na Life á cheiliúradh i mbliana, labhair Caoimhe Ní Laighin le bainisteoir an stáisiúin, Muiris Ó Fiannachta, faoin méid atá bainte amach ag an tseirbhís ó bunaíodh í agus faoin gcóisir “leictreach” a bhí ar siúl le gairid chun a breithlá a cheiliúradh!

Íomhá
Íomhá
Bhí muintir Raidió na Life ar lámh le cuidiú leis na himeachtaí a bhí ar siúl i bPuball na Gaeilge ag an bPicnic Leictreach (Is é Muiris an tríú duine ón deis)
Íomhá
Bhí an slua an-tógtha le Cáirióice CLG
Íomhá
Rinneadh an tsraith Raidió na nÓg a léiriú i gcomhpháirt leis an gcomplacht puipéadóireachta Fíbín

Nuair a smaoiníonn daoine ar stáisiúin raidió i nGaeilge, is minic ar Raidió na Gaeltachta amháin a bhíonn siad ag cuimhneach, ach tá seirbhís eile ag feidhmiú i mBaile Átha Cliath a bhfuil scoth na gcláracha Gaeilge á gcraoladh uirthi, is é sin, Raidió na Life 106.4 fm. Bhunaigh Comharchumann Raidió Átha Cliath Teoranta an stáisiún pobail seo sa bhliain 1993 le seirbhís raidió trí mheán na Gaeilge a sholáthar do phobal Bhaile Átha Cliath agus do phobal an cheantair máguaird.

Tráth speisialta is ea 2008 do mhuintir Raidió na Life mar i mbliana, ceiliúrann an stáisiún a chomóradh cúig bliana déag.

Is seirbhís phobail é Raidió na Life agus den chuid is mó, tá sé ag brath ar oibrithe deonacha. Níl ach triúr fostaithe ag gabháil d’obair an stáisiúin ar bhonn lánaimseartha gairmiúil. Ach is léir go bhfuil cuid mhór daoine i mBaile Átha Cliath ar spéis leo a bheith ag plé leis an gcraoltóireacht mar chaitheamh aimsire: tá céad duine bainteach leis an tseirbhís faoi láthair ar bhonn deonach.

Ach céard faoi gcóisir leictreach seo a luaigh mé cheana?

Picnic LeictreachMar is iondúil ag an am seo bliana, bhí an Picnic Leictreach, ar féile cheoil mhórthaibhseach í, ar siúl sa tSráidbhaile i gContae Laoise. I mbliana, áfach, tharla rud éigin aisteach: bhí i bhfad ní ba mhó Gaeilge á labhairt i measc an tslua

a d’fhreastail ar an bhféile. Cad chuige ar chuir an lucht freastail spéis sa teanga go tobann? Bhuel, bheartaigh muintir Raidió na Life ar a seirbhís phobail a thiontú ina seirbhís phubaill ar feadh deireadh seachtaine amháin! “Ba é Rossa Ó Snodaigh ón mbanna ceoil Kíla a mhol i dtosach gur chóir dúinn Puball na Gaeilge a reáchtáil ag an bhféile agus ba eisean a d’eagraigh an rud ar fad,” a deir Muiris Ó Fiannachta, bainisteoir Raidió na Life. “Thug Raidió na Life gach tacaíocht dó agus bhí muid ar lámh ar feadh an deireadh seachtaine le cuidiú leis na himeachtaí ar fad.

“Rinne muid craoladh beo ón bpuball. Ba éacht suntasach dúinne é sin mar nach ndearnadh craoladh seachtrach ó bhí Rónán Ó Dubhthaigh ina bhainisteoir ar an tseirbhís sna blianta tosaigh. An uair sin, rinneadh beochraoladh ó bhád farantóireachta de chuid Stenna Line agus é an trasnú na Mara Éireannaí.”

Bhí sé mar aidhm ag lucht eagraithe Phuball na Gaeilge spás a chur ar fáil ag an bPicnic Leictreach ina labhrófaí Gaeilge amháin. Ach ní hé go raibh cigire ag dul timpeall agus bata ina lámh aige lena chinntiú go raibh an teanga á labhairt ag gach uile dhuine: ba í an sprioc a bhí leis ná spraoi agus siamsaíocht a chur ar fáil – agus diabhlaíocht a chothú!

“Bhí réimse leathan imeachtaí ar siúl sa phuball – fíbíní cleamhnais, seónna puipéad, fuirseoireacht agus ceachtanna inar múineadh do dhaoine conas eascainí a ligean trí Ghaeilge! I measc na n-imeachtaí ba mhó ar éirigh leo, dar liomsa, bhí imeacht ar ar bhaist muid Cáirióice CLG. Ba éard a bhí i gceist leis sin ná gurbh éigin do dhaoine seilbh a ghlacadh ar an micreafón agus aithris a dhéanamh ar stíl thráchtaireachta Mhichíl Uí Mhuircheartaigh, an tráchtaire iomráiteach spóirt. Dála cáirióice, bhí siad in ann focail a fheiceáil ar an scáileán os a gcomhair. Ach bhí sé an-deacair; theip ar chuid mhór daoine, go háirithe

orthu siúd a bhí ar bheagán Gaeilge. Ach bhí daoine eile go hiontach ar fad. Bhí an-spraoi ag baint leis: bhí daoine ag dul as a gciall, ach ar bhealach maith. An t-aon rud cineál tromchúiseach a tharla ná gur rith fear amháin, a chaill srian air féin, amach as an bpuball agus micreafón – ar fiú go leor airgid é – ina ghlac aige. Ach sa deireadh, tháinig sé chuige féin agus tháinig sé ar ais leis an mic a thabhairt dúinn!

“Buaicphointe eile ab ea an seó grinn ar a bhoinn a rinne an fuirseoir Des Bishop. Ní mó ná sásta a bhí sé leis an stucaireacht a bhí ar siúl ag daoine áirithe sa phuball. Ba léir dó go raibh daoine áirithe i ndiaidh theacht isteach gan rún dá laghad a bheith acu an teanga a labhairt. Agus é ar an ardán i mbun an tseó, chuir sé ceisteanna ar bheirt nó thriúr chun bhreith amuigh orthu! Fuarthas amach bréagach iad nuair a d’fhreagair siad na ceisteanna i mBéarla – ní raibh siad toilteanach iarracht a dhéanamh, fiú, cúpla focal a chur le chéile.”

Ceiliúradh oiriúnach ar bhreithlá Raidió na Life ab ea é go raibh an stáisiún bainteach le hócáid mhór cheoil mar is minic a mholtar an tseirbhís as na cláracha iontacha ceoil a bhíonn le cloisteáil ar an stáisiún. Bhí cúrsaí ceoil an-tábhachtach don stáisiún riamh agus tá stiúideo nua-aimseartha acu ina gceanncheathrú ar Chearnóg Mhuirfean. Stiúideo Dearg a thugtar air, agus is ann a thaifeadtar na

halbaim a chuirtear amach le Seachtain na Gaeilge a chomóradh gach bliain: SnaG ’05, Ceol ’06 go Ceol ’08.

Éagsúlacht clárachaAch ní hé gur cláracha ceoil amháin a mbíonn an stáisiún ag gabháil dóibh na laethanta seo; tá cuid mhór cláracha faisnéise agus oideachasúla déanta acu le déanaí, a bhuíochas sin ar chiste speisialta, ar a dtugtar Fís agus Fuaim, a chuir Coimisiún Craolacháin na hÉireann sa tsúil le maoiniú a thabhairt do chláracha teilifíse agus raidió a bhfuil baint acu le cúrsaí oidhreachta, oideachais nó pobail.

“Mar gheall ar gur seirbhís phobail muid, bhí sé deacair in amanna cláracha substaintiúla a dhéanamh. Ní féidir éileamh ar oibrithe deonacha dua ollmhór a chaitheamh le clár staire nó le clár a bheidh go leor taighde ag baint leis. Ach anois, mar gheall ar gur féidir linn airgead a fháil ón gciste seo, tig linn daoine a íoc má bhíonn go leor oibre i gceist le clár ar leith.”

Mórthionscadal amháin a cuireadh i gcrích i mbliana ab ea an tsraith Raidió na nÓg. Bhí deich gclár sa tsraith áirithe seo, agus fuair Raidió na Life €45,000 chun í a dhéanamh. Bhí an tsraith dírithe ar pháistí bunscoile agus léiríodh í i gcomhpháirt leis an gcomplacht puipéadóireachta Fíbín. Sraith easurramach ab ea í (bhí carachtair mar Bhrian na mBromanna i lár an aonaigh) agus bhí an-ráchairt uirthi.

Tá Muiris é féin ina bhainisteoir ar an stáisiún le bliain anuas agus chaith sé seal ag obair mar reachtaire clár le Raidió na Life sula bhfuair sé an post is sinsearaí. Céard iad na dúshláin is mó atá i gceist leis an tseirbhís áirithe seo, dar leis?

Seirbhís phobail“Dúshlán is ea é nach dtuigeann daoine gur seirbhís phobail muid. Ní thuigeann daoine áirithe cén fáth nach féidir linn caighdeán RTÉ a bhaint amach an t-am ar fad. Táim go láidir den tuairim go bhfuil cuid de na cláracha a chraoltar ar Raidió na Life ar comhchaighdeán le cláracha a chloisfeá ar aon seirbhís phroifisiúnta ach, dar ndóigh, mar gheall ar go bhfuil daoine áirithe ar bheagán taithí, déantar botúin in amanna."

Agus anois, agus comóradh cúig bliana déag na seirbhíse á cheiliúradh, céard iad na príomhrudaí atá bainte amach ó bunaíodh an stáisiún?

“Ghlac Raidió na Life céim radacach agus réabhlóideach chun tosaigh i mbliana nuair a chuir muid go suntasach lenár n-uaireanta craolta – ó cúig huaire déag in aghaidh an lae go fiche uair in aghaidh an lae, agus ceithre huaire is fiche in aghaidh an lae ag an deireadh seachtaine. Is éacht, dar linne, go bhfuil ag éirí linn é sin a dhéanamh gan ach triúr againn ag obair go lánaimseartha leis an tseirbhís.”

Chuir go leor iriseoirí tús lena ngairm agus iad ag obair ar bhonn deonach le Raidió na Life: Sharon Ní Bheoláin (RTÉ), Sinéad Crowley (Nuacht RTÉ), Aideen Gormley (Lyric FM) agus Tom O’Brannigan (98fm). Mar sin, más spéis leat giota beag taithí chraoltóireachta a fháil – agus go leor spóirt a bheith agat – téigh i dteagmháil le Raidió na Life inniu!

Tá tuilleadh eolais faoi Raidió na Life ar fáil ar shuíomh idirlín an stáisiúin: www.rnl106.com/

Ceiliúrfar breithlá Raidió na Life go hoifigiúil ar an 25 Meán Fómhair, cothrom cúig bliana déag an dáta a bunaíodh an stáisiún. Beidh ócáid ar siúl in oifigí an stáisiúin – atá lonnaithe ar Chearnóg Mhuirfean – agus níos déanaí, beidh a thuilleadh ceiliúrtha i gceist in Break For The Border (www.capitalbars.com), áit a reáchtálfar Club Sult speisialta in ómós do Raidió na Life. Beidh DJanna de chuid an stáisiúin mar aon le daoine eile atá bainteach leis ag seinm ar an oíche. Is é seo chéad uair a bheidh Club Sult ar siúl in Break For The Border, an t-ionad úrnua atá roghnaithe ag an gClub agus an áit a mbeidh sé ar siúl feasta.

Is í Caoimhe Ní Laighin eagarthóir na hirise seo.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.