AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Deireadh le hoibríochtaí comhraic thrúpaí na hAstráile san Iaráic
Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin

Thug Rialtas na hAstráile cuid trúpaí na tíre ar ais ón Iaráic le gairid, mar a gheall an Príomh-Aire roimh an olltoghchán anuraidh go ndéanfadh sé, ach, dar le Bearnaí Ó Doibhlin, níl aon dochar déanta ag an gcinneadh seo don chaidreamh idir an tír agus na Stáit Aontaithe.

Íomhá
IarPhríomh-Aire na hAstráile, John Howard, agus an tUachtarán George Bush le chéile
Íomhá
Saighdiúir Astrálach ar patról san Iaráic
Íomhá
Saighdiúirí Astrálacha ar paráid in Brisbane i mí an Mheithimh

Nuair a rinneadh na hionsaithe sceimhlitheoireachta ar na Stáit Aontaithe Mheiriceá ar 11 Meán Fómhair 2001, bhí Príomh-Aire na hAstráile ag an am, John Howard, ar cuairt oifigiúil in Washington. (Ní raibh a fhios ag an saol mór go raibh sé ann de bharr nach dtugann na meáin thar lear – go háirithe san Stáit Aontaithe – mórán airde ar chúrsaí Astrálacha. Mar bharr air sin, ní raibh a fhios agamsa go raibh sé ann, cé go raibh mé féin ar chósta Virginia, cúpla uair soir ó Washington, ar an lá céanna!)

Bhuail Howard le hUachtarán Bush in Washington go gairid i ndiaidh na n-ionsaithe agus gheall sé, thar ceann a rialtais, go seasfadh an Astráil an fód leis na Stáit Aontaithe sa chogadh in éadan na sceimhlitheoireachta. Bliain go leith ní ba dhéanaí chuir Howard lena fhocal nuair a d’iarr Bush ar an Astráil a bheith páirteach sa chomhfhórsa a rinne ionradh ar an Iaráic i mí an Mhárta 2003. Caithfear a rá nach raibh mórán tráchta ar chúrsaí sceimhlitheoireachta ag ceachtar acu nuair a mhínigh siad cúiseanna an ionraidh.

Bhí timpeall 2,000 saighdiúir Astrálach páirteach sa chomhfhórsa ar a thug Bush Coalition of the Willing. Chinn Howard go mbeadh fórsaí Astrálacha páirteach sa chomhfhórsa in ainneoin nach raibh a lán tacaíochta don ionradh le sonrú i measc mhuintir na hAstráile faoin am sin. Mar a mhínigh Daithí Ó Colchúin ar an iris seo i mí an Mhárta 2003 (eagrán 23), ghlac breis is 500,000 duine páirt i léirsithe ar fud na tíre seo le rá nach raibh muinín ar bith acu i bpolasaí an rialtais maidir leis an gcogadh.

Chomh maith le sin, bhí an freasúra, Páirtí Lucht Oibre na hAstráile, glan in aghaidh an ionraidh de bharr nach raibh sé údaraithe ag na Náisiúin Aontaithe. Bhí an páirtí céanna i gcumhacht nuair a ghlac fórsaí Astrálacha páirt i gCogadh na Murascaille in éadan réimeas Saddam Hussein i 1991, ach bhí an cogadh sin údaraithe ag na Náisiúin Aontaithe.

Chomh luath is a bhí Bagdad i seilbh an chomhfhórsa agus deireadh curtha le réimeas Saddam Hussein, thug Howard a chuid trúpaí abhaile. Ach nuair a thit gach rud as a chéile san Iaráic go luath tar éis an ionraidh, chuir Bush an-bhrú ar Howard trúpaí a sheoladh ar ais mar chuid de na fórsaí forghabhála.

Bhí drogall ar Howard a leithéid a dhéanamh, ach faoi dheireadh sheol sé buíon bheag de 550 saighdiúir chuig an Iaráic. Ó sin i leith tá 14,000 saighdiúir Astrálach tar éis sealanna a chaitheamh ar fiannas san Iaráic.

Sna cúigí ciúineAisteach le rá níor cailleadh fiú duine amháin de na saighdiúirí Astrálacha i gcoimhlint armtha le linn na cúig bliana forghabhála – cailleadh saighdiúir amháin nuair a scaoileadh é de thaisme ina seomra leapa lena phiostal féin. Meastar gur ghlac Howard leis an iarraidh a bheith páirteach sna fórsaí forghabhála ar an gcoinníollach go mbeadh na trúpaí Astrálacha lonnaithe i gcúigí ciúine i ndeisceart na tíre, ceantair nach raibh na ceannaircigh gníomhach iontu.

Cé go raibh formhór mhuintir na hAstráile i gcoinne an chogaidh, agus gur tháinig sé chun solais ní ba dhéanaí go raibh bunús bréagach leis an ionradh, ní raibh an cogadh riamh róthábhachtach in gcúrsaí polaitiúla abhus. Roimh an olltoghchán i nDeireadh Fómhair na bliana 2004, mar shampla, gheall ceannaire an fhreasúra ag an am, Mark Latham, go dtabharfaí abhaile na trúpaí Astrálacha roimh an Nollaig dá n-éireodh leisean. Ach dhírigh na vótálaithe a n-aird ar pholasaithe eile le linn an fheachtais agus theip ar Latham.

Is féidir go mbeadh aird na nAstrálach dírithe ní ba mhó ar an gcogadh san Iaráic dá mbeadh líon na dtaismeach ní b’airde ann, ach den chuid is mó níor léirigh muintir na tíre seo mórán suime ann. Bhí an cogadh san Iaráic ina chnámh spairne arís idir na páirtithe polaitíochta móra san Astráil, áfach, san fheachtas olltoghchánaíochta anuraidh.

Le linn an fheachtais seo, gheall Kevin Rudd, ar cheannaire an fhreasúra ag an am é, go dtabharfadh sé na 550 saighdiúir comhraic Astrálacha abhaile ón Iaráic dá n-éireodh leis. Gheall an rialtas nach dtarlóidh a leithéid dá n-éireodh leosan. Bhuaigh Rudd an t-olltoghchán agus chuir sé lena fhocal ar na mallaibh nuair a tháinig na trúpaí abhaile.

ParáidAg deireadh mhí an Mheithimh cuireadh paráid ar bun in Brisbane, príomhchathair Queensland, le fáilte abhaile a chur roimh na trúpaí ón Iaráic. Meastar go raibh timpeall 10,000 duine ann – líon a bhí i bhfad níos lú ná an 50,000 duine a ghlac páirt sa léiriú frithchogaidh thuasluaite sa chathair chéanna cúig bliana ó shin.

Mhaígh Howard go mbeadh sé ina ollbhua ag na sceimhlitheoirí dá dtabharfaí abhaile na trúpaí comhraic Astrálacha “sula raibh an jab curtha i gcrích acu”. Ach de réir dealraimh níl difríocht dá laghad le sonrú san Iaráic – nó in aon áit eile – anois agus an bhuíon bheag d’fhórsaí Astrálacha ar ais ar an bhfód dúchais. Cinnte níl na sceimhlitheoirí ag maíomh go raibh bua de chineál éigin i gceist acusan.

Cé go bhfuil deireadh le seal na dtrúpaí comhraic Astrálacha san Iaráic, tá baint ag ár bhfórsaí fós le cúrsaí sa tír. Tá trúpaí Astrálacha ar fiannas fós san Iaráic agus i Murascaill na Peirse. Tá 110 saighdiúir lonnaithe i mBagdad, sa cheantar daingnithe ar a dtugtar an Crioslach Glas, le hAmbasáid na hAstráile a chosaint.

Anuas air sin,báid agus mairnéalaigh de chuid an chabhlaigh Astrálaigh páirteach sa phatróil idirnáisiúnta ar chósta na hIaráice. Gheall Rudd freisin go dtabharfaidh fórsaí Astrálacha cabhair sa bhreis le fórsaí cosanta na hIaráice a thraenáil, ach is dócha go mbeidh an traenáil seo ar siúl i dtír eile sa Mheánoirthear.

Bhí imní ar dhaoine áirithe abhus go ndéanfaí an-dochar don chomhaontas míleata straitéiseach idir an Astráil agus Stáit Aontaithe Mheiriceá dá dtabharfaí na trúpaí Astrálacha abhaile in éadan mhianta na Meiriceánach. Ach cúpla mí sular tháinig siad abhaile, bhuail Rudd le Bush in Washington agus dhearbhaigh an bheirt acu go raibh an comhaontas idir na tíortha fós láidir.

Is léir go bhfuil muintir na hAstráile bródúil as na fórsaí dá gcuid a bhí ar fiannas thar lear ar son na tíre in aimsir na cogaíochta. É sin ráite, tá go leor Astrálach ann chomh maith a bhfuil náire orthu as an ról a bhí ag an tír seo san fhadfhulaingt agus sa léirscrios a tharla – agus atá ag tarlú fós – san Iaráic. As Bóthar na bhFál i mBéal Feirste é Bearnaí Ó Doibhlin ach tá cónaí air san Astráil ó bhí 1972 ann. Ba mhúinteoir Béarla é i gColáiste Mhaolmhaodhóg i mBéal Feirste ar feadh sé bliana sular thug sé féin, a bhean chéile agus a bheirt iníonacha aghaidh ar an Astráil. *Lean sé ar aghaidh ag múineadh i gcathair Canberra go dtí go ndeachaigh sé ar scor i 1999.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.