AR NA SAOLTA SEO
Gá le gníomh
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Bhí Tony Birtill in ísle brí le gairid tar éis dó an Tuarascáil ar Stádas Caomhnaithe a bhaineann le hÉirinn a léamh. Ní hé gur chuir na staitisticí a clúdaíodh inti ionadh air, ach tuigeann sé go bhfuil easpa gnímh i gceist sa tír seo i measc na bhforas a cuireadh ar bun leis an chomhshaol a chaomhnú.

Íomhá
Íomhá
Vertigo Angustior: thángthas ar an seilide tearc seo i mBá Ghlinne in 2000
Íomhá
John Gormley: d'fhógair sé le gairid go rithfear Bille um Pleanáil agus Forbairt (Leasú)
Íomhá
Gleann Cholm Cille, an áit a bhfuil Tony ag obair faoi láthair

Níor chuir an méid a bhí scríofa sa Tuarascáil ar Stádas Caomhnaithe in Éirinn iontas orm agus mé á léamh ar na mallaibh, cé go chuir sé domheanma orm.

D’fhoilsigh an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra an tuarascáil seo i mí na Bealtaine agus tá sé le fáil ar www.npws.ie (i mBéarla amháin). Tá SPNF ina cuid den Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil agus tá sé curtha de chúram ar an tSeirbhís raon gnáthóg agus speiceas in Éirinn a chaomhnú. De réir shuíomh gréasáin na heagraíochta, déanann SPNF "Limistéir faoi Chosaint Speisialta (LfCS) a ainmniú agus a chosaint." Tá Gleann Cholm Cille, an áit a bhfuil mé ag obair faoi láthair mar cheannaire ar chúrsa siúl sléibhe in Oideas Gael, ina LfCS. Tá 381 LfSC in Éirinn agus rangaíodh iad faoin Treoir maidir le Gnáthóga ón Aontas Eorpach (1994).Tá cur síos ar gach ceann acu ar fáil ar an suíomh agus is léir gur chaith SPNF a lán ama agus a lán airgid ar an taighde seo.

De réir Airteagail 17 den Treoir maidir le Gnáthóga, caithfidh gach ballstát den AE tuarascáil ar stádas na ngnáthóg agus na speiceas atá liostaithe acu a chur faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh gach sé bliana. Tá 59 gnáthóg agus 100 speiceas i gceist in Éirinn.

De réir na tuarascála, tá stádas “maith” ag 7 faoin chéad de na gnáthóga; stádas "uireasach" ag 46 faoin chéad acu agus “drochstádas” ag 47 faoin chéad acu. Maidir le hainmhithe agus plandaí, tá stádas maith ag 50 faoin chéad, uireasach ag 40 faoin chéad agus drochstádas ag 10 faoin chéad. Níor chuir na drochstaitisticí seo iontas orm mar tá taithí phearsanta agam ar iompar na Roinne Comhshaoil (c.f. *Beo! *eagrán mhí Lúnasa, 2007).


Dumhcha muiríneachaSeo sampla ón tuarascáil: tá “drochstádas” ag gnáthóg na ndumhcha muiríneacha, atá líonmhar i nDún na nGall. Thángthas ar sheilide tearc, Vertigo Angustior, sna

dumhcha anseo i mBá Ghlinne sa bhliain 2000. Tá an seilide seo le fáil i mBá Ghlinne agus áit amháin eile i nDún na nGall, sin an méid. Níl mórán dóchais i ndán don speiceas, de réir na tuarascála.

Mar a scríobh mé in Beo! anuraidh, thug mé faoi deara go raibh teach saoire á thógáil ag duine éigin ar imeall na ndumhcha. Gan amhras, cuirfidh a leithéid isteach ar an seilide agus déanfar damáiste do ghnáthóga na ndumhcha muiríneacha dá bharr.

Nuair a labhair mé leis an Roinn faoi seo, dúirt urlabhraí go bhfuil rialacha diana i gceist ó thaobh na Limistéar faoi Chosaint Speisialta ach dúirt sé fosta: "But these do not rule out development. The County Council rigorously assesses the development to see it will not jeopardise the Special Area of Conservation. If in doubt, they should refer the development to the Development Application Tracking Unit at the Department. The Department does not go out looking for things blind. They rely on the County Council to inform them."

Cén sórt córais amaidigh é seo? Caitheann an Roinn a lán ama – agus a lán airgid – ar Limistéir faoi Chosaint Speisialta a ainmniú agus ansin, ní dhéanann siad mórán chun iad a chosaint, d’ainneoin na ndearbhuithe ar a suíomh gréasáin.

Seo an méid an dúirt Dr. Ciaran O Keefe ó SPNF mar leithscéal lag: "The habitats and species examined were protected by the EU because they are threatened in the EU, therefore unfavourable ratings at this early stage of the implementation of the Directive is to be expected. Furthermore, the EU criteria set a high standard to achieve a ranking of ‘good’ and minor *disimprovements can yield a result of ‘inadequate’*.”

Maoirseacht

Seafóid. Beidh drochstádas i gceist go dtí go dtosóidh SPNF ag cosaint na limistéar seo mar is ceart. Tá maoirseacht de dhíth le go gcoimeádfar súil ghéar ar chúrsaí agus le go rachfar i mbun gnímh chomh luath agus a dhéantar gearáin. In 2004, nuair a labhair mé le hEmer Magee – maor SPNF atá lonnaithe i nDún na Gall – dúirt sí liom nach raibh go leor maor ann agus go bhfuil siad ag brath ar an phobal ó thaobh eolas a thabhairt do SPNF má thagann fadhbanna chun cinn. Nuair a chuir mé ceist ar SPNF an mhí seo faoi líon na maor atá fostaithe anois chun na limistéir speisialta seo a chosaint agus faoin chóras atá i gceist chun gearáin an phobail a fhiosrú, níor thug siad freagra ar bith dom. Nuair a labhair mé le "John" sa phreasoifig, d’iarr sé orm ríomhphost a chuir chuige, rud a rinne mé. Ach ní bhfuair mé freagra ar bith uaidh. Nuair a chuir mé scairt eile air, dúirt sé liom go raibh comhghleacaí dá chuid ag déileáil leis an gceist.

Dar leis an Aire Comhshaoil, John Gormley; "*The Programme for Government 2007-2012 includes a commitment to strengthen Ireland’s implementation of the Habitats Directive. I have significantly increased funding to the National Parks and Wildlife Service in 2008. However measures will also be needed across a wide range of policy areas, including planning and infrastructure investment. These measures are already being pursued as a priority by myself and the Department of the Environment." *

Agus an t-alt seo á scríobh agam, d’fhógair an tAire go gcuirfear Bille um Pleanáil agus Forbairt (Leasú) os comhair na Dála agus is éard atá i gceist sa Bhille seo ná géarú ar dhlithe pleanála agus forbartha. Ach tá neart pleananna agus dlíthe ann chéanna féin – is í an fhadhb a bhaineann leo ná nach bhfuil siad á gcur i bhfeidhm. Creidfidh mé John Gormley nuair a dhéanfaidh sé beart de réir a bhriathair.

Ach tá dea-scéal i gceist sa cheantar seo fosta. Scríobh mé tuairisc in Beo! roimhe seo (c.f. eagrán mhí Lúnasa, 2005) ar bhalla gránna coincréite a thóg Comhairle Chontae Dhún na nGall ar thaobh amháin de Dhroichead an Mhinistir i lár an Ghleanna. Seandroichead a tógadh sa seachtú haois déag is ea é agus tá sé ag dul trasna abhainn na Muirlinne. Bhuel, tá muintir na háite tar éis an balla gránna a leagan chun talaimh agus an droichead a dheisiú le clocha áitiúla. Níl sé chomh deas agus a bhí sé roimh ré, ach tá sé a bhfad níos fearr anois.

Bhí rí rá faoin chás seo in 2005 tar éis gur foilsíodh m’alt. Rinne Nuacht TG4 tuairisc ar an scéal agus ba shoiléir go raibh muintir na háite míshásta le hiompar Chomhairle Chontae Dhún na nGall.

Ach d’ainneoin sin, leag an Chomhairle seandroichead eile chun talaimh an mhí seo i bparóiste Chill Cartha atá suite in aice linn. Tá muintir na háite le ceangal mar gheall air seo agus tá siad ag iarraidh na seanchlocha, a bhí dumpáilte ag an Chomhairle, a fháil ar ais chun an seandroichead a thógáil in athuair.

Tabhair faoi deara: deir SPNF go bhfuil siad ag brath ar an Chomhairle ó thaobh na Limistéir faoi Chosaint Speisialta a chaomhnú, ach tá an Chomhairle chéanna ag dul thart ag scriosadh áiteanna galánta go rialta. An bhfuil iontas ar dhuine ar bith, mar sin, go bhfuil stádas na ngnáthóg agus na speiceas sa cheantar ag dul in olcas?

Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é. Bíonn sé ag obair le hOideas Gael i nGleann Cholm Cille gach samhradh agus tá sé ag obair mar mhúinteoir agus mar shaoririseoir i Learpholl.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.