AR NA SAOLTA SEO
Ré na moltaí seafóideach tagtha
Breandán Delap Breandán Delap Breandán Delap

Cuirfear moltaí áiféiseacha chun cinn sna seachtainí beaga amach romhainn mar fhreagra ar an chúlú eacnamaíoch mar dhea, dar le Breandán Delap.

Íomhá
An 11 Meán Fómhair, 2001: lá maith, dar le Jo Moore, chun drochscéalta a chraobhscaoileadh
Íomhá
Íomhá
An tAire Airgeadais, Brian Lenihan
Íomhá
An leanfar ar aghaidh le tógáil amharclann nua do chompántas Amharclann na Mainistreach?

Ag cúig bhomaite go dtí an trí (GMT) ar an 11 Meán Fómhair, 2001 seal gairid tar éisdon dara heitleán an dara túr den Lárionad Trádála Domhanda in Manhattan a bhualadh, sheol Jo Moore, claonbholscaire de chuid rialtas Tony Blair, ríomhphost chuig Preasoifig na Roinne Taistil sa Bhreatain: “It’s now a very good day to get out anything we want to bury. Councillors’ expenses?”

Mar thoradh ar an racán a tarraingíodh ina dhiaidh sin, cuireadh iachall ar Moore éirí as a post. Maireann an tuairim, áfach, go mbíonn eagraíochtaí stáit ag faire na faille le buntáiste a bhaint as míbhuntáiste agus le drochscéalta a chraobhscaoileadh ar an lá is lú a thabharfar aird orthu. Ina chinn lae siúd The Blair Years, ba é an t-aon locht a fuair iar-Phreasoifigeach Rialtas na Breataine, Alastair Campbell, ar an chomhairle a thug Jo Moore ná go raibh sé místuama a leithéid a nochtadh go poiblí. Léargas paiteanta ab ea é sin ar mhodheolaíocht Mhaiciaiveillíoch an státchórais.

Tchítear domsa go bhfuil leas á bhaint as an ghéarchéim eacnamaíochta atá in Éirinn san am i láthair le tuairimí agus polasaithe nach nglacfaí leo cúpla bliain ó shin a chur chun tosaigh. Cuirtear i láthair i gcónaí iad mar fhreagra ar chás géarchéime agus mar mholtaí atá ciallmhar agus stuama “san aeráid eacnamaíoch atá ann faoi láthair”. Agus cé gur iondúil gur eagraíochtaí a bhfuil leas dílsithe acu a bhíonn á gcur chun tosaigh, cuirtear clóca difriúil orthu – ar mhaithe leis an gheilleagar mar dhea. Ré gháifeach, ghaisciúil a bhí ag an Tíogar Ceilteach inar caitheadh airgead poiblí go fial is go flaithiúil agus inar tugadh an chluas bhodhar do cháiréis na státseirbhíse agus do thuartha uafáis na meithle eacnamaíocha (nó “creeping Jesuses”, mar a bhaist Charlie McCreevy orthu). Ach is léir go bhfuil na Cassandras cráifeacha úd ag baint a ndíoltas amach anois. Más ceadmhach dom casadh úr a chur ar an seanmhana náisiúnach: “Ireland’s misfortune is the lobbyist’s opportunity!

Níor cheart beag is fiú a dhéanamh ar ndóigh do na hathruithe móra atá tagtha ar chruth an gheilleagair. Beidh seifteanna agus straitéisí úra ag teastáil le dul i ngleic leis na dúshláin atá romhainn. Beidh daoine agus eagraíochtaí macánta ag moladh beartas a mbeidh leas an phobail agus na tíre iontu go cinnte. Ach ar an lámh eile, faraor, beidh tuilleadh ann a mbeidh aidhm dhifriúil ar fad leo a bheas bunaithe ar leas pearsanta nó cúis. Déanfaidh siad moltaí nach ligfeadh an dánaíocht nó an náire dóibh iad a nochtadh go dtí seo ach go dtugann an t-athrú aeráide sa saol airgeadais anois an carte blanche *dóibh lena gcur i láthair an phobail mar ghníomh riachtanach agus ciallmhar. An dúshlán is mó a bheidh romhainn ná na beartais mhacánta a aithint ó na cinn a bhfuil clár oibre folaithe ag baint leo. Caithfear an t-idirdhealú a dhéanamh idir leas an phobail ar lámh amháin agus an clár oibre leithliseach ar an lámh eile. Seo anois cluiche úr do léitheoirí *Beo! a mhairfidh chomh fada agus a sheasfaidh an cúlú eacnamaíochta: an feallaire nó an mealltóir a aithint i measc na mbeartas úr a mholfar. Spot the impostor!

BrúghrúpaíIs ar éigean go raibh an dúch triomaithe ar Thráchtaireacht Ráithiúil Eacnamaíochta na hInstitiúide um Thaighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI) – a rinne an tuar go mbeadh meathlú geilleagrach againn den chéad uair ó bhí 1983 ann – ná go raibh brúghrúpaí agus gníomhaithe ag spalpadh tuairimí faoi nithe conspóideacha a bhí ag dó na geirbe acu le fada. Dhírigh Comhlachas na nGnólachtaí Beaga (an SFA) ar dhream thar a bheith íogair nuair a mhol a stiúrthóir Patricia Callan gur cheart go dtiocfadh ísliú de €1 san uair ar an íosphá. Agus an chúis gur cheart buille den chineál sin a bhualadh ar dhaoine bochta? Cionn is go bhfuil ardchostais sa mhargadh saothair ag cur gheilleagar na tír faoi mhíbhuntáiste iomaíochta! Caithfidh go bhfuil dóigh níos cruthaithí le dul i ngleic le fadhbanna an gheilleagair ná tabhairt faoin chuid sin den tsochaí a thuilleann na tuarastail is ísle. Cé gur beag uchtach a tugadh don mhéid a bhí le rá ag Callan, bí geall go dtiocfaidh sé chun solais arís san idirbheartaíocht idir na páirtithe sóisialta.

Tá caint fosta ar chalcadh pá sa tseirbhís phoiblí agus ceardchumainn na bhfostaithe is ísle pá ag rá nach bhféadfadh aon ghlacadh a bheith lena leithéid nuair atá an boilsciú agus arduithe ar chostais maireachtála ag luí go trom ar a mbaill. Molfar fosta gur cheart smacht a chur ar an inimirce ar mhaithe leis an gheilleagar agus tiocfaidh brú an caiteac as a dhéantar ar phróiseáil iarratas ó dhídeanaithe, lucht iarrtha tearmann etc. a laghdú. An fada anois go n-athmúsclófar moladh Pat Rabbitte gur cheart go mbeadh ar oibrithe ón iasacht ceadúnas a bheith acu le dul ag obair in Éirinn? Cuirfear an cheist ar cheart go mbeadh cáiníocóirí na tíre ag íoc as liúntas leasa shóisialaigh do dhaoine ón iasacht nach bhfuil de dhíth orainn a thuilleadh mar thoradh ar an chúlú eacnamaíochta. Tarlóidh an díospóireacht seo in atmaisféar nach bhfuil ar dhóigh ar bith ciníoch, dar le lucht a mholta!

Baineadh leas as an chúlú eacnamaíochta leis cúpla seachtain ó shin nuair a d’fhógair an tAire Airgeadais, Brian Lenihan, go mbeadh na Binsí Fiosraithe ag teacht chun críche a luaithe is a

bheadh clabhsúr curtha ar a gcuid modúil reatha. Cinneadh ab é sin a bhí an rialtas ag iarraidh a dhéanamh le fada. Go deimhin thug siad neart leideanna le blianta anuas gur cheart deireadh a chur leo ach níor éirigh leo é sin a chur i gcrích mar gur cuireadh ina leith go raibh siad ag iarraidh an fhírinne a cheilt trí ladhar a chur i bpróiseas fiosraithe neamhspleách. Fáilte dhrogallach a chuir an freasúra roimh chinneadh an Aire Lenihan an iarraidh seo, agus iad á rá gur tharraing an rialtas a gcosa ar an cheist agus go raibh ré na mbinsí istigh le fada. A mhalairt a bhíodh le rá acu dornán blianta ó shin. Ar ndóigh, cuirfidh saoithe na leabharlainne dlí agus a gcomhbhádóirí argóintí láidre chun tosaigh gur gníomh díchéillí a bheadh ann anois ciorruithe a dhéanamh ar chaiteachas ar na mbinsí fiosraithe, gur cur amú airgid a bheadh ann gan an próiseas iomlán a thabhairt go ceann scríbe go críochnúil ó tharla na céadta milliún euro a bheith caite orthu go dtí seo. Ar mhaithe leis an leas náisiúnta, go cinnte!

Cáin ar thitheSampla eile den fhlosc chun leasaithe ab ea an moladh a rinne an Chomhairle Náisiúnta Eacnamaíoch is Sóisialta go ngearrfaí cáin réadmhaoine ar gach teach feasta agus go gcuirfí deireadh dá réir le dleacht stampa. Drochsheans go mbeadh an rialtas i bhfách lena leithéid de mholadh ó tharla nár gearradh aon cháin ar thithe ó chur rialtas de chuid Fhianna Fáil deireadh le rátaí baile corradh le 30 bliain ó shin. Mar sin féin beidh an moladh á scansáil ag an Choimisiún um Chánachas sna seachtainí beaga amach romhainn.

I measc na nithe a bheas faoi ionsaí sna seachtainí atá romhainn, dar liom, tá Iarnród an Iarthair, an bealach iarnróid atá molta ó Shligeach go Luimneach. Cloisfear neart caint san aer faoi inmharthanacht tráchtála an tionscadail ach fíorbheagán faoin éifeacht a bheadh ag a leithéid de sheirbhís ar chaighdeán na beatha in iarthar na hÉireann.

Beidh tráchtairí fuinnimh is eacnamaíochta ag baint na sála dá chéile fosta chun an deis a thapú na hargóintí i bhfabhar fuinnimh núicléach a chur chun tosaigh. Seanscéal agus meirg air b’fhéidir ach ceann gur fusa a phlé nuair atá an geilleagar faoi bhrú. Lena chois sin, tiocfaidh dlús leis an díospóireacht faoi shaoroideachais tríú leibhéal agus an chúis gur cheart a bheith ag smaoineamh ar tháillí a ghearradh arís. Bí ag súil le tuarascálacha ina ndéarfar nach bhfuil oiread saineolais ag céimithe óga na hÉireann is a bhíodh de thairbhe na dtáillí arda a ghearrtar anois ar chúrsaí iarchéime agus go mbeidh sé níos deacra comhlachtaí iasachta a mhealladh chun an tíre dá bharr.

Tiocfaidh seoda eile chun cinn sa díospóireacht a chothóidh fadhbanna dúinn ár gcluiche a imirt agus na beartais stuama a aithint ó na cinn ar bunús eile atá leo i ndáiríre. Déarfar go bhfuil saol an mhadaidh bháin ag príosúnaithe na tíre: an gá go mbeadh teilifíseán ina gcuid cillíní acu agus “muide” ag íoc as? Céard faoi na milliúin a chaithfear ar fhoireann Oilimpeach na tíre seo a chur chun na Síne agus gan aon seans réadúil againn aon bhonn a sciobadh ar ais linn? Ar cheart go mbeadh na milliúin euro á gcaitheamh le hiascairí na tíre “a chosc i mbun a slí beatha ar an fharraige” nuair atá “súil eile” ag rialtais eile de chuid an Aontais Eorpaigh ar chleachtais a gcabhlaigh féin? Céard faoin chaiteachas a dhéantar ar chur chun cinn na litríochta agus na n-ealaíon? Aosdána agus a gcnuasanna? Liúntais cánach na n-ealaíontóirí? An é seo an uair cheart le hamharclann náisiúnta nua a thógáil do chompántas Amharclann na Mainistreach?

Agus ar ndóigh, cúrsaí teanga! Ar an Ghaeilge éigeantach sna scoileanna a leagfar cuid den locht nach bhfuil fiontraithe níos cliste á soláthar againn. Ar an choinníoll teanga ar scéimeanna tithíochta sa Ghaeltacht a bheidh an locht go bhfuil siúinéirí agus bríceadóirí an iarthair ag dul ar an bhád bhán arís. Agus meas tú cén polaiteoir is túisce a mholfaidh gur cheart Acht na dTeangacha Oifigiúla a leasú?

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ/ TG4 é Breandán Delap. Tá cónaí air sa Spidéal.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.