AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Atlantic City – Las Vegas chósta thoir Mheiriceá
Brian Ó Broin Brian Ó Broin Brian Ó Broin

Ní fear mór cearrbhachais é Brian Ó Broin ach bhain sé an-sult as sciuird a thug sé ar Atlantic City le deireanas.

Íomhá
Íomhá
Cuid den Boardwalk, Atlantic City
Íomhá
An Borgata: ollmhór

Tá sé diabhalta te faoi láthair ar chósta thoir Mheiriceá. Ní hamháin go bhfuil an teas níos airde ná 90 céim F (32 chéim C), fiú i lár na hoíche, tá sé tais an t-am ar fad. Bhí tonn teasa againn mí ó shin agus tá ceann eile ann anois le coicís. I gcathracha mar Nua-Eabhrac agus Philadelphia, is beag éalú atá ann don fhulangaí ach cúlú go dtí an t-árasán aeroiriúnaithe nó imeacht "down the shore" go dtí ceann de na bailte saoire. Roghnaíomar éalú.

Ba le carr a bhaineamar féin Atlantic City amach freisin, ag éirí sách moch maidin Shathairn agus ag bualadh síos an Garden State Parkway (príomhartaire Nua-Gheirsí) chomh luath agus ab fhéidir linn. Cé nach bhfuil sé ach 100 míle ó Nua-Eabhrac, tá an smaoineamh céanna ag go leor de phobal Nua-Eabhrac agus is geall le clós páirceála an Parkway tar éis 8.30 ar maidin.

Muna mbeifeá ann ach don radharc amháin, shásódh radharc na cathrach thú agus tú ar do bhealach isteach go dtí Atlantic City. Is ar oileán fada caol atá an chathair suite agus ní féidir dul ann ach trasna tóchair agus droichid atá ceithre mhíle ar fhad. I bhfad uait, ar íor na spéire, feiceann tú foirgnimh mhóra Atlantic City ag fás as an bhfarraige mar mirage. Níl a shárú mar radharc ann.

An rud ba mhó cáil sa chathair go dtí na seachtóidí (nuair a thosaigh an cearrbhachas dleathach) ná an Boardwalk, cosán adhmaid cois cósta leagtha in airde os cionn an ghainimh idir piaraí siamsaíochta na cathrach agus thar dhoirse na n-óstán agus na casinos. Deirtear gur thóg na hóstáin é sa naoú haois déag mar chosaint in aghaidh ghaineamh na trá. Anois síneann sé cúig mhíle ó cheann ceann na cathrach agus is siúlóid ollmhór é.

Níorbh fhada muid ar an Boardwalk go dtí go mba léir dúinn nár áit teaghlaigh í Atlantic City. Agus mo bhean imithe isteach go dtí an leithreas i gceann de na hóstáin, tháinig beag chugam, sciorta uirthi nár chlúdaigh tada agus blús ar an easpa clúdaigh chéanna.

"Hi," a dúirt sí.

Aisteach, nach ea, an méid brí gur féidir cur isteach in aon siolla amháin. Sa siolla aon soicind seo, thuigeas "leaba" agus "praghas ard". Thar a gualainn, bhreathnaigh fear gránna orm go nimhneach. Fear an mhargaidh, go cinnte.

D’fhreagraíos leis an bhfocal céanna, agus rinneas iarracht an méid céanna brí a chur isteach ann freisin: "Ní hea"; "Brón orm"; "Is trua liom do chás", agus "Táim ar shiúl anois."

Ach bhí sí fillte ar a cairde cheana féin, triúr acu, faoi shúil nimhneach an mháistir striapach, ag caint leo i dteanga de chuid oirthear na hEorpa.

Clós súgarthaNíl mórán in Atlantic City don pháiste, ach is clós súgartha den scoth é don duine fásta. Le cois na striapach (nach raibh mórán acu ann, pé scéal é), tá aonaigh shiamsaíochta ar na piaraí go léir, le rollchostóirí, raoin lámhaigh, agus na scórtha rud eile atá ceaptha chun daoine a dheighilt óna gcuid airgid. Nuair a bhíonn tú tuirseach díobh seo, is féidir leat dul isteach sna casinos agus fuílleach de chuid airgid a chaitheamh ar na cártaí nó na hinnill sliotáin.

An oíche sin, chuamar amach go dtí ceantar eile den chathair – ceantar na casinos nua. Is é an Borgata an ceann is mó agus is clúití, agus an ceann ar ar thugamar ár n-aghaidh. Caitheadh $1.1 billiún ar thógáil an casino seo, a bhfuil 2,000 seomra ina óstán agus a bhfuil 22 bhialann ann. Agus an t-óstán lán, bheadh níos mó daoine ag fanacht ann ná mar atá ag fanacht in óstáin uilig chathair Chorcaí in aon oíche.

Foirgneamh ollmhór atá sa casino seo, a bhfuil 43 urlár ann. Seasann sé os do chionn agus tú ag teacht isteach go Atlantic City, a thaobhanna gloine ag glioscarnach i solas an lae agus ag lonradh i solas saorga a athraíonn gach cúpla soicind i rith na hoíche.

Nóiméad tar éis dúinn siúl isteach ann, bhí an t-am dearmadta againn. Níl fuinneog ar bith ar urlár an casino, agus ós rud é go mbíonn an chuid is mó de na siopaí agus na bialanna ar oscailt 24 uair sa lá, ní bheifeá cinnte an raibh sé ina lá nó ina oíche amuigh. Timpeall orainn, bhí na céadta duine ag caitheamh airgid isteach i meaisíní sliotáin. Anseo agus ansiúd bhí grúpaí cruinnithe timpeall bhord roulette, agus ar imeall an aicsin bhí boird do chluichí "fiche a haon" agus Poker in aghaidh an tí.

I halla ollmhór ar dheis bhí comórtas Poker ar siúl, na céadta imreoir ina suí go ciúin chun boird, cailíní ar bheagán éadaí (na "Borgata Babes") ag siúl timpeall ina measc le tráidirí beorach agus fuisce. Bhí faitíos orm dul isteach, ar eagla go bhfeicfinn teach lánblás srathach agus go nochtóinn é i ngan fhios do na himreoirí eile. Shiúlamar amach ar barraicíní mar a chúlófá as séipéal agus Aifreann ar siúl.

Ar an urlár céanna bhí dhá chlub oíche agus téatar 4,000 suíochán. An turas seo, ámh, ní raibh uainn ach béile, agus d’aimsíomar bialann bheag, an Metropolitan, a bhí deartha mar a bheadh ceann de chuid na sean-Fhraince.

Ach fan! Bhí rud ann nach ndearnamar go fóill: airgead a chur i ngeall! $25 an geall ba lú ar an roulette, agus ba $50 an ceann ba lú ar an Poker. Tá siad ann a deir go bhfuil mé craiceáilte, ach nílim as mo mheabhair! D’aimsíomar meaisín sliotáin a ghlacfadh le $5 (an méid ba lú a d’fhéadfá a chaitheamh) agus dhómar tríd, gan oiread is silín amháin a fheiceáil, taobh istigh de chúig nóiméad.

D’fhilleamar ar an óstán ina dhiaidh sin, ár mbolg lán, ár súile sásta, agus ár bpócaí níos éadroime ná mar a bhíodar ag tús an lae; ach sa charr ar ár mbealach ar ais, d’aontaíomar go mb’fhiú an $5 le bheith ábalta a rá gur chuireamar airgead i ngeall in Atlantic City!Tá Brian Ó Broin ag obair i Roinn an Bhéarla in Ollscoil William Paterson i Nua-Gheirsí áit a bhfuil sé ag plé leis an teangeolaíocht, Léann na Meánaoiseanna agus an Léann Éireannach. Is as cathair na Gaillimhe ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.