Tá gach cosúlacht ar an scéal go ngearrfar an sean-nasc bunreachtúil idir an Bhreatain agus an Astráil san am atá romhainn. Seans, áfach, gur mall seachas luath a tharlóidh sé, dar le Bearnaí Ó Doibhlin.
Ní háibhéil é a rá go raibh aird na hAstráile dírithe ar an bpríomhchathair, Canberra, ar an 19 agus an 20 Aibreán i mbliana agus comhdháil náisiúnta – ar a tugadh Australia 2020 Summit – ar siúl. Tionscadal pearsanta de chuid Phríomh-Aire na hAstráile, Kevin Rudd, ab ea í, agus bhí an t-imeacht ar siúl i dteach na parlaiminte náisiúnta. Mar a thugann an teideal le fios, bhain an plé a rinneadh lena linn leis na cineálacha éagsúla físe i leith thodhchaí na tíre ba mhian leo siúd a ghlac páirt sa chruinniu mullaigh a bheith bainte amach faoin mbliain 2020.
Roghnaigh an rialtas náisiúnta na deich ndúshlán is práinní, dar leo féin, atá le sárú ag muintir na tíre. Thug siad cuireadh do mhíle duine a bheith páirteach agus roinneadh na rannpháirtithe i ngrúpaí (céad duine i ngach ceann acu) agus phléigh gach grúpa dúshlán amháin ar feadh an deireadh seachtaine.
Ionadaithe na n-eagras gnó, acadúil, pobail agus tionscail a bhí sna rannpháirtithe. Bhí ionadaithe na meán cumarsáide i láthair, chomh maith le hAstrálaigh atá chun tosaigh i réimsí éagsúla, mar shampla daoine aitheanta ón tionscal siamsaíochta nó ó shaol na litríochta.
Chuir an rialtas fáilte roimh ionchur ón bpobal i gcoitinne, agus cuireadh breis is 8,000 aighneacht faoi bhráid an lucht eagraithe. Léiríonn sé sin go raibh an-suim ag muintir na hAstráile sa mhéid a bhí le bheith idir chamáin.
MoltaíAg eascairt as na díospóireachtaí seo, cuireadh breis agus céad moladh faoi bhráid an rialtais náisiúnta. Gheall Rudd, thar ceann an rialtais, go dtabharfar freagra oifigiúil ar gach moladh roimh dheireadh na bliana. Foilsíodh tuarascáil na comhdhála mí ní ba dhéanaí agus scaipeadh go forleathan í.
Cé gur eascair go leor moltaí an-suimiúla as an ócáid, bhí muintir na tíre thar a bheith tógtha le moladh faoi leith: gur chóir don Astráil a bheith ina poblacht roimh 2020.
Mhol na rannpháirtithe sa ghrúpa áirithe a bhí ag plé cúrsaí rialachais gur chóir go dtabharfaí faoi phróiseas dhá chéim leis an sprioc seo a bhaint amach. Sa chéad dul síos, mhol siad gur chóir pobalbhreith tháscach a reáchtáil ina ndéanfaí tuairimí an phobail a mheas i leith an nasc bunreachtúil leis an mBreatain a ghearradh. De réir bhunreacht na hAstráile, tá monarc na Ríochta Aontaithe ina cheann stáit abhus.
Má éiríonn leis an bpobalbhreith seo, mhol an grúpa gur chóir tabhairt faoi chomhairliúchán forleitheadach pobail – a mhairfeadh ar feadh cúig bliana – roimh an dara pobalbhreith, ina roghnófaí an cineál poblachta ba mhian le muintir na tíre a chur ar bun.
Mar chomhtharlú, mar dhea, tá an-chosúlacht idir an moladh seo agus polasaí Pháirtí an Lucht Oibre – an páirtí arb é Kevin Rudd a cheannaire!
Le blianta fada anuas, léirigh – agus léiríonn – na pobalbhreitheanna ar tugadh fúthu i leith na ceiste áirithe seo go bhfuil formhór mhuintir na hAstráile i bhfách leis an aidhm go mbeidh duine a rugadh agus a tógadh san Astráil, seachas eachtrannach ríoga, ina cheann stáit. Mar shampla, sa bhliain 2004 foilsíodh torthaí pobalbhreithe sa Sunday Telegraph inar léirigh 64 faoin gcéad de na freagróirí go
raibh siad den tuairim gur chóir go mbeadh Astrálach ina cheann stáit abhus amach anseo.
DeisAisteach le rá, sa bhliain 1999 nuair a bhí deis ag muintir na hAstráile athrú a dhéanamh ar an mbunreacht – athrú a chuirfeadh ar chumas an rialtais náisiúnta Astrálach a cheapadh mar cheann stáit – chaith os cionn 54 faoin gcéad de mhuintir na tíre vóta in éadan rún an reifrinn.
Theip ar an rún seo de bharr go raibh scoilt i gceist sa ghluaiseacht phoblachtach sa tír. (Scoilt idir poblachtaigh – dochreidte!)
Tháinig an scoilt seo chun cinn mar go raibh easaontas ann faoin dóigh a gceapfaí an t-uachtarán. Mheas formhór na bpoblachtach gur chóir go ndéanfadh an rialtas an t-uachtarán a roghnú, is é sin, go ndéanfadh an pharlaimint náisiúnta cinneadh – de vóta tromlaigh dhá thrian – maidir leis an té a cheapfaí don uachtaránacht. Ach bhí mionlach nach beag de na poblachtaigh den tuairim go mbeadh sé níos oiriúnaí dá dtoghfadh na vótálaithe an t-uachtarán, mar a tharlaíonn in Éirinn.
Thug an mionlach seo “poblacht na bpolaiteoirí” ar an moladh a cuireadh os comhair an phobail sa reifreann. Mhaígh siad go mbeadh an iomarca cumhachta ag na polaiteoirí dá nglacfaí leis an gcur chuige seo, agus dá bhrí sin, vótáladh ina éadan.
Is poblachtach é Kevin Rudd agus san óráid a thug sé ag deireadh na comhdhála dúirt sé gur chéim mhór chun tosaigh a bhí sa mholadh a rinneadh i leith bhunú na poblachta. Is féidir a bheith cinnte, dar leis, go mbeidh an Astráil ina poblacht sula dtiocfaidh an t-aonú haois is fiche chun críche. Ach is duine coimeádach foighneach é chomh maith.
Agus é ag tabhairt na hóráide thuasluaite, dúirt sé nach mbeidh aon deifir ar a rialtas an cheist thábhachtach seo a chur faoi bhráid mhuintir na hAstráile arís. Caithfear gnó níos práinní atá ar chlár oibre an rialtais a chur i gcrích, dar leisean, sula gcuirfear feachtas nua ar bun le poblacht a bhaint amach.
Tacaíocht dhépháirteachTá a fhios aige nár éirigh le reifreann riamh i stair na tíre seo gan tacaíocht dhépháirteach a bheith i gceist. Faoi láthair, is monarcaí láidir é ceannaire an fhreasúra, Brendan Nelson, agus tá go leor daoine eile i gceannaireacht an fhreasúra atá ar aon intinn leisean maidir le ceist na poblachta. Tá a fhios ag Rudd
chomh maith go bhfuil deighilt fós ann idir grúpaí sa ghluaiseacht phoblachtach maidir leis an bpróiseas a úsáidfear agus uachtarán á cheapadh – agus nach n-éireoidh le reifreann mura bhfuil guth aontaithe ag na poblachtaigh go léir.
Tuigeann Rudd freisin go bhfuil an-mheas ag muintir na hAstráile ar bhanríon reatha na Ríochta Aontaithe, ach nach bhfuil an meas céanna acu ar an duine a thiocfaidh i gcomharbacht uirthi: a mac. Tá go leor daoine sa tír, fíorphoblachtaigh san áireamh, a mheasann gur chóir fanacht go dtí deireadh réimeas Éilís II sula ngairfear reifreann eile ar cheist na poblachta.
É sin ráite, níl aon amhras ach go bhfuil an príomhghrúpa atá i mbun feachtais ar son na poblachta, Australian Republican Movement (ARM), ag bailiú nirt faoi láthair. D’eisigh ARM preaseisiúint díreach tar éis na comhdhála thuasluaite inar léirigh siad go gcuireann siad fearadh na fáilte roimh an moladh maidir leis an bpoblacht, agus d’éiligh siad go reáchtálfaí an phobalbhreith tháscach nuair a dhéanfar an chéad olltoghchán eile a ghairm, is é sin, sa bhliain 2010, is dócha.
Tá móiminteam i bhfabhar na poblachta le sonrú i measc mhuintir na hAstráile i láthair na huaire, agus meastar go forleathan nach bhfuil aon cheist faoi ach go mbunófar poblacht abhus luath nó mall. Ach tá an chosúlacht ar an scéal go mbeidh ar mhuintir na tíre fanacht go dtí dara téarma an rialtais reatha, ar a laghad, sula mbeidh deis acu vótáil arís ar cheist na poblachta. As Bóthar na bhFál i mBéal Feirste é Bearnaí Ó Doibhlin ach tá cónaí air san Astráil ó bhí 1972 ann. Ba mhúinteoir Béarla é i gColáiste Mhaolmhaodhóg i mBéal Feirste ar feadh sé bliana sular thug sé féin, a bhean chéile agus a bheirt iníonacha aghaidh ar an Astráil. Lean sé ar aghaidh ag múineadh i gcathair Canberra go dtí go ndeachaigh sé ar scor i 1999.