Agus toradh an reifrinn ar Chonradh Liospóin ag cur oilc ar cheannairí na hEorpa, tá éirithe lenár gcomhfhreagraí céimiúil Balor agallamh a chur ar dhuine den lucht feachtais ba ghlóraí in éadan a dhaingnithe.
Tá seoid d’agallamh againn daoibh an mhí seo, a léitheoirí dílse, nó roghnaíodh Balor na Súile Nimhe as measc iriseoirí uilig na hÉireann agus na hEorpa agus an Domhain Mhóir chun agallamh a chur ar Mherry Loo McDonald i ndiaidh reifreann na míosa seo caite. Bhí Merry Loo cúlráideach, ceansa, caoin, mar is iondúil, agus í ag iarraidh na hiriseoirí a sheachaint mar is dual di ar ócáidí móra. Nuair a d-amharc sí thart ar shlua callánach na dtuairisceoirí a bhí bailithe le chéile taobh amuigh de Chaisleán Bhaile Átha Cliath bhí sí faiteach fuascrach ar dtús, agus níl iontas ar bith go raibh, nó níl neach níos nimhní* nó níos niogóidí ar chlár na cruinne ná an nuachtóir gan nuacht. Bhí sí ar tí léim isteach ina Merc mór maorga le dul i bhfolach nuair a chuala sí an bhéic sin a bhain macalla a cuid cainte féin as rachtaí an chaisleáin: “Let’s be quite clear about this* – is mise Balor agus ba mhaith liom agallamh leat.” Agus sin mar a tharla sé, a léitheoirí mo chroí; sin mar a fuair Balor na Súile Nimhe agus na Tóna Tinne agus na Más Míolach agallamh le Réalta Shinn Féin.
“Let’s be quite clear about this, Balor,” a dúirt Buaiteoir Chraobh na hEorpa, “is tusa an t-aon iriseoir a bhfuil mé sásta agallamh a dhéanamh leat... I mean leis... I mean *le... nó agallamh a thabhairt dó... *I mean duit... Ná habair le Gerry nó Martin nach bhfuil mo chuid Gaeilge chomh maith agus is cóir dó a bheith... I mean agus is cóir di a bheith... Ah frig it, an féidir linn an t-agallamh seo a dhéanamh i mBéarla? Ní féidir? Now let’s be quite clear about this: níl mise really compordach i nGaeilge, an dtuigeann tú? Tá sé ceart go leor don dream sin ó thuaidh nach raibh orthu an Ghaeilge a fhoghlaim ar scoil – bhí sé i bhfad níos fusa orthu sin é a fhoghlaim... I mean í a fhoghlaim. Bím ag iarraidh mo chuid Gaeilge a chleachtadh agus a fheabhsú ar láithreán gréasáin Shinn Féin, ach is cuma cé mhéad uair a bhrúim an cnaipe don leagan Gaeilge bíonn gach rud fós i mBéarla. Caithfidh go bhfuil an cnaipe briste.”
“Ach ba mhaith liom ceist nó dhó a chur ort faoin reifreann ar Chonradh Liospóin, a Mherry Loo,” a dúirt Balor léi. “Bhí tú in éadan an chonartha sin ó thús?”
In éadan Fhianna Fáil“Let’s be clear about his, a Bhaloir,” a d’fhreagair sí. “Bhí mé i gcónaí riamh in éadan rud ar bith a raibh Fianna Fáil ar a shon... seachas nuair a bhí mé i mo bhall d’Fhianna Fáil, dar ndóigh. Ach ní mé an t-aon duine ar thaobh an Vóta *Níl *a bhíodh sa pháirtí sin; bhí urlabhraí Libertas, John Mc Quirky, ina bhall d’Fhianna Fáil agus d’Fhine Gael ag an aon am amháin... beagnach, agus ní bhíonn aon duine ag tabhairt amach faoi sin... seachas lucht an Vóta Tá... agus leath lucht an Vóta Níl.”
“Bhuel inis dom seo, a Mherry Loo, an raibh an Conradh léite agat roimh ré?” a d’fhiafraigh Balor.
“Conradh? Conradh na Gaeilge? Bíonn leite agam gach maidin. Let’s be clear about this, is maith liomsa mo leite agus is maith liom an Conradh. Bogann an dá rud sin na putóga go héifeachtach.”
“Ar léigh tú Conradh Liospóin, a Mherry Loo?” a d’fhiafraigh Balor arís.
“Léigh,” ar sise. “Bí cinnte gur léigh, murab ionann agus Biffo agus Charlie McCreepy. Léigh mé é ó chlúdach go clúdach agus ó bhun go barr agus ó thús deireadh. Tá a fhios agam é de ghlan mheabhair.”
“Agus an dtiocfadh leat é a mhíniú dúinn, le do thoil?”
“Thiocfadh liom, ach níl mé sásta. Mura bhfuil sibhse sásta nó ábalta an feckin rud a léamh cén fáth go mbeadh ormsa é a mhíniú daoibh? An síleann sibh nach bhfuil mise dúr?”
“An bhfuil tú sásta le toradh an reifrinn, a Mherry Loo?” a d’fhiafraigh Balor.
Cairde nua“Tá mé thar a bheith sásta, a Bhaloir. Chuir sé áthas an domhain orm nuair a chonaic mé na daoine éagsúla a bhí ag déanamh comhghairdis liom i ndiaidh an vóta: bhí mo shean-namhad Jim Allister ó D’You Pee ann, agus mo chairde nua ó UKIP – the United Kingdom Idiocy Party – iad ar fad ag caitheamh léinte d’iathghlas álainn na hÉireann – iad siúd agus m’iliomad cairde úra ó mhór-roinn na hEorpa, ar nós Jean-Marie Le Pen agus Joerg Haider. Let’s be clear about this: is cairde na hÉireann anois iad, agus tá sé sin thar a bheith tábhachtach.”
“Cé dó a bhfuil sé sin tábhachtach?” a d’fhiafraigh Balor.
“Bhuel, tá sé tábhachtach do bhaill an rialtais, iad siúd nach bhfuil mórán cairde fós acu san Eoraip anois. Bídís buíoch as an bhaicle bheag de chomrádaithe atá fágtha acu – liúdair agus leibidí agus Le Pen ina measc.”
“An síleann tú gur duit féin atá an chreidiúint ag dul don bhua a bhí ag lucht an Vóta Níl sa reifreann?” a d’fhiafraigh Balor.
“Cé gur mhaith liom a bheith ábalta sin a mhaíomh, ar an drochuair ní miste dom a admháil go bhfuil an chuid is mó den chreidiúint ag dul do m’iarcheannaire Bertie Ó Hernia.”
“Cén dóigh?” a d’fhiafraigh Balor le díchreideamh ina ghlór.
“Bhuel roghnaigh sé an t-am ceart le héirí as,” a d’fhreagair sí, “agus cad é a rinne sé leis an am saor ar fad a bhí aige i ndiaidh dó éirí as ach scéalta a chumadh faoina chearrbhachas, agus faoin airgead ar fad a bhain sé ag na rásaí. Cén seans a bhí ag muintir bhocht na hÉireann? In ionad a bheith ag éisteacht le Biffo Biata Beathaithe agus Enda Aoibhinn Aoibhiúil ag bladar faoi na buntáistí móra a bhain le rud nach raibh léite acu bhí siad ag éisteacht le gach uile fhocal de chuid scéalta Bhertie – scéalta a chuir muintir an bhinse fhiosraithe féin ag titim thart ag gáire. Fág an bealach anois, a Bhaloir; tá mise ag dul ar mo laethanta saoire.”
“Cén áit?” a d’fhiafraigh Balor, amhail agus nach raibh barúil aige.
“Go Liospóin, dar ndóigh. Cén áit eile? Adeus agus obrigado, a Bhaloir!”