AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Géarchéim i ndán do thiománaithe Mheiriceá
Brian Ó Broin Brian Ó Broin Brian Ó Broin

géarchéim i ndán do thiománaithe Mheiriceá mar go bhfuil ardú ag teacht ar phraghas an pheitril i rith an ama. Ach fós féin, dar le Brian Ó Broin, níl na Meiriceánaigh sásta – nó in ann – a gcuid carranna a fhágáil sa chabhsa.

Íomhá
Údar imní do thiománaithe Mheiriceá is ea an t-ardú atá ag teacht ar phraghas an pheitril
Íomhá
Caitheann daoine an t-uafás ama i dtranglaim thráchta i Nua-Eabhrac
Íomhá
An Hummer: tiomáineann cuid mhór daoine SUVanna mar é sna Stáit Aontaithe
Íomhá
Níl freastal á dhéanamh ag lucht déanta na mbóithre ar choisithe ná ar rothaithe sna Stáit Aontaithe

Tharla sé faoi dheireadh; fuair an gluaisteán bás. Tar éis dhá bhliain déag agus 240,000 ciliméadar a bheith curtha de, lig sé glugar an bháis uaidh agus ghread sé leis ar shlí na fírinne. Go deimhin, ní rabhamar ag súil le dhá bhliain déag ó Ford Escort, agus thagadh iontas orainn gach earrach nuair ba léir go raibh geimhreadh crua Meiriceánach eile sáraithe aige. Agus ba mhaith an rud é nár chlis sé orainn agus muid ar an Interstate céad míle ó bhaile, ach ar réamhchúirt an stáisiúin peitril atá suite in aice láimhe.

Mar sin, táimid ar lorg carr nua ag am atá cinniúnach do thiománaithe Mheiriceá. Am suimiúil is ea é don té atá ag ceannach cairr mar tá athruithe ollmhóra ag teacht ar mhargadh na gcarranna i Meiriceá. An t-athrú ba mhó a tharla le déanaí ná gur tháinig ardú ar an bpraghas a íoctar as galún peitril go os cionn $4 den chéad uair riamh. I ndáil le costas an pheitril i gcoitinne, sin tuairim is leath an phraghais atá i gceist in Éirinn.

Cheana féin tá sé seo ina údar imní do mhórán, mar is mór do Mheiriceánaigh a gcuid carranna. Tógtar go leor bóithre nua nach mbíonn cosáin i gceist leo go fóill agus go rímhinic, ní bhíonn bealach ar bith thar aibhneacha nó thar mhótarbhealaigh ach amháin i gcarr. Má tá conspóid faoi phraghas an pheitril in Éirinn – áit a bhfuil rogha fhairsing i gceist ó thaobh modhanna iompair de – samhlaigh, mar sin, cad é mar atá sé anseo, áit nach mbíonn rogha ar bith go minic ach amháin an carr.

*Comaitéireacht *Anseo sa Tristate (ceantar Nua-Eabhrac), caitheann daoine ar an meán 38 nóiméad ag comaitéireacht gach lá agus, ó mo thaithí féin, geallaim duit go gcaitheann go leor i bhfad níos mó ama ná sin sa charr. I measc an 30 comhghleacaí i roinn s’agamsa san ollscoil, níl ach triúr eile ina gcónaí sa stát. Tá an chuid is mó acu ina gcónaí i Nua-Eabhrac agus roinnt eile ina gcónaí in Connecticut, Massachusetts agus Pennsylvania. Má tharlaíonn go mbíonn tranglam tráchta ann, d’fhéadfadh mo chomhghleacaí in Pennsylvania dhá uair a chaitheamh ag teacht chuig an ollscoil nó ag filleadh abhaile. Má bhíonn déithe na

comaitéireachta leis, ní chaithfidh sé ach $32 sa lá ar pheitreal dá thuras, ach má bhíonn an trácht ina aghaidh, d’fhéadfadh sé $50 sa lá a chaitheamh – ar pheitreal amháin!

Den chéad uair riamh, mar sin, tá rud ar leith le feiceáil sna fógraí gluaisteán ar an teilifís (agus is cosúil gur fógraí gluaisteán iad a leathchuid de na fógraí teilifíse!). Is éard atá ann ná go léirítear sonraí maidir le hinniúlacht MPG (mílte in aghaidh an ghalúin) na gcarranna go soiléir, is é sin, chomh tíosach is atá siad ar an mótarbhealach agus sa chathair.

Más ea, ámh, tá daoine ann a chreideann go bhfuil na hiarrachtaí seo á ndéanamh lá i ndiaidh an mhargaidh, mar a deirtear. Ó na nóchaidí i leith, leag na comhlachtaí móra gluaisteán an-bhéim ina bhfógraí ar SUVanna – Sports Utility Vehicles – ar feithiclí iad nach bhfuil feidhm le baint astu nó spórt i gceist leo, i ndáiríre. Jípeanna a thugtar ar charranna mar seo in Éirinn agus bíonn siad le feiceáil scaití os comhair tithe móra faoin tuath. Buíochas le Dia, níor ceannaíodh chomh forleathan in Éirinn iad riamh is a ceannaíodh i Meiriceá. I bhfobhailte saibhre mar Wayne, Nua-Gheirsí, nó Westchester County, Nua-Eabhrac, bíonn ar a laghad leath den phobal ag tiomáint na gcarranna seo – leithéidí an Hummer (a d’eascair as iompróir trúpaí – ar ar tugadh Humvee – a d’úsáid arm Mheiriceá!) agus an Cadillac Escalade, arb é a inniúlacht MPG ná dhá mhíle dhéag in aghaidh an ghalúin. Sin 4.25 ciliméadar an lítear!

Bonneagar easnamhach Bhíothas den tuairim nach dtiocfadh na dea-laethanta chun críche riamh agus níor pleanáladh don lá nach mbeadh peitreal chomh saor leis an aer. Mar sin, murab ionann agus an Eoraip, níl bonneagar Mheiriceá réidh don athrú. Níl fáil níos mó ar línte traenach a d’fhéadfadh glacadh leis an bhfarasbarr comaitéirí atá ag iarraidh

a gcarranna a fhágáil sa bhaile. Níl lánaí ar leith do rothaithe ar fáil, nó cosáin do choisithe. Ach is é is measa ar fad ná mar gheall ar go bhfuil an iomarca tráchta ar na bóithre cheana féin – agus de bhrí gur feithiclí troma mar SUVanna iad cuid mhaith de na carranna – tá na bóithre féin ag titim as a chéile. De réir roinn iompair na Stát Aontaithe, tá 12 faoin gcéad de na droichid ar bhóithre na tíre rangaithe mar "dhainséarach" cheana féin. Níl leigheas tapa le fáil ar seo. Agus bóithre uilig Mheiriceá ag feidhmiú faoi nó thar lánacmhainneacht, glactar leis nach féidir níos mó bóithre nó lánaí nua a thógáil. Cuirtear 5.7 billiún galún peitril amú i dtranglaim thráchta gach bliain i Meiriceá.

Comharthaí stádais nó céime atá sna hollcharranna seo, mar aon le hiad a bheith ina n-airíonna tinnis. Agus bóithre Mheiriceá ag cur thar maoil anois le carranna atá á dtiomáint ag dream atá róghnóthach, róthuirseach, rófheargach agus ró-líonmhar, braitheann daoine go bhfuil sé ródhainséarach dul amach i gcarr nach bhfuil cosúil le tanc – agus sin an fáth gurb ann don Hummer, ar ndóigh. Ní hé gur boy racers a bhíonn ag tiomáint na n-ollcharranna seo, ach máithreacha ó na fobhailte a bhíonn ag tabhairt a bpáistí ar scoil. Braitear go forleathan go bhfuil na bóithre ródhainséarach do rothaithe agus do choisithe agus, mar sin, téann níos mó daoine amach i gcarranna nuair ba cheart dóibh siúl. Ag an gclós áitiúil súgartha an tseachtain seo, bhuail mé le bean a bhí tar éis tiomáint 900 méadar seachas siúl ann.

Tá compord tábhachtach freisin. Más gá duit tiomáint ar feadh uair an chloig go Manhattan ó Westchester gach maidin, beidh suíochán ollmhór uait mar aon le

gabhdán do do mhuga caife, scáileáin a thabharfaidh le fios duit ar léarscáil leictreonach cá bhfuil tú agus córas satailíte raidió le 200 rogha. Is cuma, ar ndóigh, go mbeifeá in ann nuachtán a léamh agus néal codlata a bheith agat dá rachfá ar an traein!

Mar a thuigfeá, fáinne fí atá ann. Agus faitíos ar dhaoine roimh shiúl agus roimh rothaíocht mar gheall ar chomh dainséarach is atá na bóithre, téann siad níos mó i dtuilleamaí an chairr. Dá laghad coisithe agus rothaithe atá ann, is amhlaidh is lú an seans go dtógfar cosáin nó lánaí faoi leith dóibh. Agus is amhlaidh is mó coisithe agus rothaithe a éireoidh as siúl agus as rothaíocht dá bharr.Agus táimidne ar lorg carr nua, mar sin. B’fhearr linn pasanna bus a cheannach, ach i stát mar Nua-Gheirsí níl an dara rogha againn ach a bheith amhlaidh leis na sluaite agus dul i dtuilleamaí an chairr. Ar a laghad, beidh an carr beag agus spárálach ó thaobh peitril de, ach b’fhearr linn gan é a bheith againn in aon chor!Tá Brian Ó Broin ag obair i Roinn an Bhéarla in Ollscoil William Paterson i Nua-Gheirsí áit a bhfuil sé ag plé leis an teangeolaíocht, Léann na Meánaoiseanna agus an Léann Éireannach. Is as cathair na Gaillimhe ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.