AR NA SAOLTA SEO
Tuismitheoirí gan Teastas: Callán sa Charr
Pól Ó Muirí Pól Ó Muirí

Is [i]chauffer[/i] pearsanta é Pól Ó Muirí a n-éilíonn a chliaint cuid mhór uaidh. Níor mhiste leis dá mbeadh Alfa Romeo aige ach, ach an oiread lena phearsantacht stuama sheasmhach, is í praiticiúlacht an bua is mó atá ag a charr.

Íomhá
Íomhá
Hyundai Trajet: Stuama agus cialllmhar.......leadránach?

Tríonóid neamhnaofa: carr; páistí; callán. Má tá na páistí sa charr, beidh callán ann. Má tá callán ann, tá na páistí sa charr. Níl éalú air. Ceathrar a bhíonn sa charr liom le linn na saoire; seisear nó níos mó le linn na scoilbhliana. Tógaim mo chuid páistí agus nia agus neacht ar scoil le chéile. Ceol is mó a bhíonn ar lorg acu ach ní bhíonn siad ar aon fhocal maidir leis an chineál ceoil a bhíonn ag teastáil uathu. Bíonn na cailíní ar lorg Leona Lewis, Kelly Clarkson nó Girls Aloud. Bíonn mo mhac ar lorg rac-cheoil: Bruce Springsteen; Whitesnake; The Killers.

Is fearr liomsa an rac-cheol fosta, ach tá na cailíní níos líonmhaire - ní fada go mbíonn Bleeding Love Lewis nó caoineadh Kelly fud fad an chairr. Tá na focail ar eolas ag na cailíní; canann siad na hamhráin le chéile. Níl siad ach ag fanacht ar an deis le dul os comhair Louis Walsh. “Over my dead body,” a deirim i m’aigne istigh. Rachaidh siad chun na hollscoile; bainfidh siad céimeanna amach; rachaidh siad le gairm chiallmhar inphinsin. Níl an bhunscoil críochnaithe acu go fóill ach tá mé deimhin de nach mbeidh aon iníon agamsa ag cur a cuid ama amú le banna ceoil. Anois, má tá siad ag iarraidh dul le ceolfhoireann – bleaist de Beethoven nó Mozart a thabhairt – sin scéal eile. Níor mhiste liom sin. Bheadh sin ciallmhar.

Rogha cairrCeart go leor, tá mé rud beag chun tosaigh orm féin. Ach bíonn gach duine ag rá go n-éiríonn siad aníos go tapa. Idir an dá linn, is sa charr atá muid go fóill. Dhá charr atá againn. Cheannaigh mé C4 álainn anuraidh. Is breá liom Citroen agus is breá liom an C4. Faraor, is annamh a bhím á thiomáint. Carr díosail atá ann agus tógann mo chéile mná é ó tharla go mbíonn giota le taisteal chun oibre aici gach lá. Bímse ag

tiomáint – ó, a Thiarna na dTiománaithe – Hyundai Trajet níos minice ná a mhalairt. Anois, níl olc ar bith agam don Trajet. Carr breá fairsing atá ann. Tá sé níos fairsinge ná an Vauxhall Zafira a bhí againn tráth. Tig leis na páistí suí ar a gcompord. Tig liomsa suí ar mo chompord agus iompraíonn sé ualach paisinéirí gan stró. Sea, molaim an Hyundai. Is capall oibre é an Trajet.

Ach níl rud ar bith gnéasúil faoi mar charr. Tá sé stuama mar charr, an-stuama. Ní chluinfidh tú na focail “iontach” agus “Trajet” in aon abairt amháin riamh, áfach. Deir mná nach dtuigeann siad an spéis a chuireann mórán fear i gcarranna – ar an dóigh chéanna is nach dtuigeann mórán fear an spéis a chuireann mná i mbróga. Tá sé iontach simplí mar choincheap: seodra don fhear atá sa charr. Sea, dúirt mé é: seodra. Bíodh fáinní, bráisléid agus gúnaí deasa ag mná. Ní shantaíonn fear ach aon phíosa amháin seodra: carr deas lúfar tapa. Níl an Trajet deas lúfar nó tapa. Tá an Trajet stuama ach tá mise chomh stuama le fiche príomhoide cheana féin. Ní theastaíonn uaim a bheith níos stuama. Teastaíonn seodra geal Citroen uaim. Nó Alfa Romeo. Ba bhreá liom Alfa. Nó Hyundai Coupe féin. Bheinn sásta le Hyundai Coupe féin...

Tháinig Pól Ó Muirí ar an saol i mBéal Feirste Lá Nollag, 1965. Is Eagarthóir Gaeilge de chuid an *Irish Times é; colúnaí spóirt le Foinse agus scríobhann sé colún ar an Belfast Telegraph. Le cois a bheith ina iriseoir, is file agus scríbhneoir é.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.