AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Buaileam sciath ag coinbhinsiúin na bpáirtithe móra
Brian Ó Broin Brian Ó Broin Brian Ó Broin

Agus dhá mhí fágtha sula mbeidh an toghchán ar siúl sna Stáit Aontaithe, tá séasúr na gcoinbhinsiún buailte linn. Ach níl siad chomh corraitheach agus a bhídís, dar le Brian Ó Broin.

Íomhá
Barack Obama agus a bhean chéile, Michelle, ag coinbhinsiún an Pháirtí Dhaonlathaigh in Denver, Colorado
Íomhá
Roghnaigh Obama a iarrthóir leasuachtaránachta, an Seanadóir Joe Biden (thuas), cúpla lá roimh an gcoinbhinsiún in Denver
Íomhá
Feallmharaíodh Robert Kennedy sa bhliain 1968 cúpla mí roimh choinbhinsiún an Pháirtí Dhaonlathaigh
Íomhá
An tUrramach Martin Luther King a thug an óráid cháiliúil "I have a dream" 45 bliain ó shin

Uair gach ceithre bliana, eagraítear coinbhinsiúin na bpáirtithe móra i Meiriceá. Ardfheiseanna atá iontu, ach is ardfheiseanna iad a bhfuil sainsprioc ag baint leo: déantar na hiarrthóirí a sheasfaidh i dtoghchán uachtaránachta na bliana sin a roghnú acu agus déantar an clár oibre a leagan amach don fheachtas toghchánaíochta.

Ar ndóigh, caithfidh go bhfuil tú dall, bodhar agus i do chónaí faoi chloch mhara mura bhfuil a fhios agat go mbeidh toghchán ar siúl i Meiriceá i mbliana. Níl ach dhá mhí fágtha idir seo agus an 4 Samhain, an lá a bheidh an toghchán úd ar siúl – seo chugainn an bús!

Agus súile na mílte ball dá bpáirtithe dírithe orthu, tabharfaidh ceannairí agus iarrthóirí óráidí spreagúla a bhrúfaidh na toghthóirí i dtreo amháin nó i dtreo eile. Go hiondúil, eagraíonn an páirtí dúshláin an chéad choinbhinsiún – a bhíonn ar siúl i mí Lúnasa, de ghnáth – agus is leis an bpáirtí cosanta an tseachtain ina dhiaidh sin. B’iad na Daonlathaigh, mar sin, a d’eagraigh an chéad choinbhinsiún ag deireadh mhí Lúnasa agus an t-alt seo á scríobh agam.

Cheana féin, tá na nuachtáin lán scéalta mar gheall air. Tá trua agam do na lúthchleasaithe Oilimpeacha a d’fhill ar an tír seo ón tSín ag deireadh mhí Lúnasa mar níltear ag tabhairt airde ar bith orthu níos mó. Bonn óir? Go deas, ach nuacht na seachtaine seo caite is ea é. Agus an t-alt seo á scríobh, tá 15,000 iriseoir imithe go Denver, Colorado chun tuairisciú a dhéanamh ar gheáitsí an Pháirtí Dhaonlathaigh agus iad i mbun a n-iarrthóirí a roghnú.

Maith dom mar sin, a léitheoir chóra, mura mbím corraithe agus buaileam sciath ar siúl ag na scórtha míle duine dá bpáirtí thuas i bpríomhchathair na Sléibhte Creagacha. I ndáiríre, roghnaigh an Páirtí Daonlathach a n-iarrthóir uachtaránachta na míonna fada ó shin, an Seanadóir Barack Obama, agus roghnaigh seisean a iarrthóir leasuachtaránachta, an Seanadóir Joe Biden, cúpla lá sular cuireadh tús leis an gcoinbhinsiún féin. Mar sin, ní bheidh i gceist ag na coinbhinsiúin anois ach óráid i ndiaidh óráide faoi staid na tíre agus faoi chomh huafásach agus atá an t-uachtarán atá i gcumhacht faoi láthair. Ba dheacair dom an teilifís a choinneáil ar siúl agus na hóráidí bladhmannacha céanna á dtabhairt ceann i ndiaidh a chéile.

Iomaíocht ghéar

Ní mar seo a bhí sé sna seanlaethanta. Go dtí tús na seachtóidí, agus iomaíocht ghéar i gceist idir iarrthóirí don ainmniúchán, ní roghnaíodh páirtithe a n-iarrthóir uachtaránachta go dtí deireadh na gcoinbhinsiún. Go deimhin, ba amhlaidh a bhí sé i 1980 nuair a sheas Ted Kennedy in aghaidh Jimmy Carter d’ainmniúchán an Pháirtí Dhaonlathaigh. I ndeireadh báire, roghnaíodh Carter, agus is cuimhin linn céard a tharla dósan agus é ag seasamh i gcoinne Ronald Reagan i dtoghchán uachtaránachta na bliana sin.

Ba mar gheall ar eachtraí mar seo a athraíodh na coinbhinsiúin. Shíl a lán saineolaithe go ndearna an Páirtí Daonlathach go leor dochair dó féin mar gheall ar a leithéid de neamhchinnteacht a bheith léirithe acu chomh cóngarach sin don toghchán, agus glactar leis go ndearnadh damáiste do Carter agus é ag seasamh i gcoinne Reagan. Ó shin i leith, cinntíonn ceannairí na bpáirtithe nach mbíonn le feiceáil ag na coinbhinsiúin ach daoine dearfacha atá ag tacú go hiomlán le hiarrthóir amháin.

Bliain chinniúnach do choinbhinsiúin na bpáirtithe ab ea 1968. Cuimhnigh gurbh é seo an chéad bhliain a bhí tuairisciú beo iomlán á dhéanamh ag na stáisiúin teilifíse ar a leithéid d’ócáid. Bhí an cogadh i Vítneam faoi lán seoil cheana féin, agus bhí faitíos ar na mílte daoine óga go mbeadh coinscríobh i ndán dóibh. Ní raibh suim ag uachtarán an ama sin, Lyndon Johnson, fanacht in oifig níos mó,

agus feallmharaíodh an t-aon iarrthóir a raibh seans aige, Robert Kennedy, cúpla mí roimh an gcoinbhinsiún. Agus lucht an pháirtí ag argóint eatarthu féin in International Amphitheatre, Chicago, bhí póilíní i mbun cathanna sráide le lucht agóide ar fud na cathrach, agus ar ndóigh, craoladh an t-ainriail seo go léir beo ar an teilifís.

As sin amach, chinn ceannairí an pháirtí gan ligean do na meáin chumarsáide na coinbhinsiúin a thaispeáint mar ócáidí a mbíonn easaontascíréibeacha i gceist acu feasta. Ba mar gheall ar na heachtraí sin nach dtarlaíonn anois ag na coinbhinsiúin ach iarrthóirí a dhaingniú, seachas iad a roghnú.

Is dócha gurb é sin an fáth a bhfuil cuma leamh ar na coinbhinsiúin anois. Cad is polaitíocht ann mura bhfuil díospóireacht ar siúl? Agus mura mbíonn díospóireacht i gceist ag na coinbhinsiúin, níl fágtha ach óráidí breátha.

ÓráidíDar fia, ach is óráidí breátha iad. Ar an 25 Lúnasa, cuir i gcás, labhair Michelle Obama, bean chéile Barack. Chomh maith le scannán faisnéise a thaispeáint a rinne an scannánaí clúiteach Ken Burns faoin Seanadóir Ted Kennedy, labhair Kennedy é féin ag an gcoinbhinsiún, in ainneoin go bhfuil sé ag troid in aghaidh na hailse inchinne. Labhair an t-iaruachtarán Jimmy Carter go hachomair leis an slua. Ar an 26 Lúnasa, labhair Hillary Clinton go tréan agus go faghartha i bhfabhar iarrthóireacht Obama. Ar an 27 Lúnasa, labhair an t-iaruachtarán Bill Clinton agus John Kerry, agus ar an 28 Lúnasa, ar ndóigh, labhair an t-iarrthóir é féin, Barack Obama, os comhair lucht éisteachta de 87,000 duine in Mile High Stadium, staidiam na foirne peile The Denver Broncos. Cothrom 45 bliain an dáta a thug an tUrramach Martin Luther King a óráid cháiliúil "I have a Dream" ab ea é, agus ar ndóigh, cé bhí gualainn ar ghualainn le Obama ach Martin Luther King III, mac an

fhir chlúitigh. Ba gheall le cuairt an Phápa í an ócáid! Agus má bhí na hóráidí seo go léir i strataisféar sléibhtiúil Colorado ag cur mearbhaill ort, bhí ceoltóirí mar Stevie Wonder, Sheryl Crow, agus Jennifer Hudson ar lámh chun faoiseamh a thabhairt duit.

Ba léir go rabhthas ag margadh an choinbhinsiún seo mar ócáid stairiúil. Agus iarrthóir óg gorm i gceist, ní nach ionadh gur roghnaíodh téamaí mar "Change you can believe in” d’oícheanta deireanacha an choinbhinsiúin. Ag tabhairt dúshláin d’iarrthóir an Pháirtí Phoblachtaigh a bhí Obama: "An mbeidh iar-uachtarán ar bith agatsa mar chainteoir an tseachtain seo chugainn? An mbeidh aisling agatsa freisin?"

Níl a fhios ag aon duine go fóill. Is é an t-aon rud atá ar eolas againn ná go bhfuil iarrthóir leasuachtaránachta roghnaithe ag an Seanadóir John McCain: Sarah Palin, Gobharnóir Alaska. Ní tusa amháin nár chuala trácht uirthi riamh; tá Alaska ar an gceathrú stát is lú daonra sa tír, agus is annamh a bhíonn tionchar ar bith aige ar pholasaithe na tíre.

Droch-chomhartha is ea é seo do John McCain agus do choinbhinsiún an Pháirtí Phoblachtaigh. In ainneoin go bhfuil ainmneacha móra de dhíth orthu, tá siad i ndiaidh iarrthóir leasuachtaránachta a roghnú a bhfuil a próifíl níos ísle ná próifíl McCain (agus tá sí sin sách íseal cheana féin). An t-aon pholaiteoir mór le rá a bhéas i láthair ag an gcoinbhinsiún ná George Bush, agus faraor do McCain, is eisean an t-aon duine iomráiteach arbh fhearrde an ócáid ina éagmais. Idir an dá linn, tá Arnold Schwarzenegger, a bhí le teacht, anois ag rá go mb’fhéidir nach mbeidh sé i láthair i ndeireadh báire. Ní dhearnadh tagairt do cheoltóirí go fóill ach, ar mhaithe le McCain, b’fhearr dóibh a bheith go maith.Tá Brian Ó Broin ag obair i Roinn an Bhéarla in Ollscoil William Paterson i Nua-Gheirsí áit a bhfuil sé ag plé leis an teangeolaíocht, Léann na Meánaoiseanna agus an Léann Éireannach. Is as cathair na Gaillimhe ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.