AR NA SAOLTA SEO
Cúrsaí Oideachais: deireadh le ré na dtáillí in aisce?
Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa

cur agus cúiteamh go leor ar siúl faoi láthair mar gheall ar tháillí in aisce. Os iad na mic léinn agus an earnáil ghnó is mó a bhaineann tairbhe as oideachas tríú leibhéal, ba chóir dóibhsean a gcion féin a íoc, dar le Ciarán Mac Aonghusa.

Íomhá
Tá córas ardoideachais den scoth de dhíth le fís an gheilleagair eolasbhunaithe a bhaint amach
Íomhá
Ó bhí 1998 ann, tá breis agus €865 milliún curtha ar fáil do thionscadail thaighde tríd an gClár um Thaighde in Institiúidí Tríú Leibhéal
Íomhá
Tharraing an tAire Oideachais, Batt O'Keefe, ceist na dtáillí anuas le déanaí
Íomhá
D'fhéadfaí a chinntiú nach gcuirfeadh táillí bac ar dhaoine óga ó cheantair faoi mhíbhuntáiste ar mian leo ardoideachas a bhaint amach
Íomhá
Phléigh Ciarán Mac Aonghusa polasaí na dtáillí ina aisce leis an Dr. James Browne, Uachtarán Ollscoil na hÉireann, Gaillimh le gairid. Tá an t-agallamh le léamh in eagrán Beo! na míosa seo ach cuairt a thabhairt ar an leathanach seo: http://www.beo.ie/?

Le roinnt blianta anuas, tá sé mar aidhm ag ceannairí na tíre seo an eacnamaíocht a bhunú ar shaineolas. Tugtar “an geilleagar eolasbhunaithe” ar an choincheap seo, agus is éard atá i gceist leis sin ná go mbeidh geilleagar na hÉireann ag cur seirbhísí ardteicniúla ar fáilag díol maoin intleachtúil i réimsí áirithe ar nós na cógaisíochta, an airgeadais agus na teicneolaíochta. Tá córas ardoideachais den chéad scoth de dhíth chun an fhís seo a bhaint amach.

Cé gur tháinig feabhas an-mhór ar chúrsaí ardoideachais fad is a bhí an borradh eacnamúil i gceist, ní mór a thuiscint go rabhamar i bhfad chun deiridh roimhe sin agus nach bhfuil muid fós ar comhchéim leis na tíortha saibhre eile.

Caitear $11,000 sa bhliain ar meán ar gach mac léinn tríú leibhéal sna tíortha atá ina mball den Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (Foinse: OECD: Education at Glance, 2007). Caitear $10,000 sa tír seo. Níl san fhigiúr seo ach an meán áfach; caitear i bhfad níos mó ar mhic léinn sna tíortha atá chun cinn ó thaobh na forbartha de. Mar shampla, caitear $15,000 ar gach mac léinn sa Danmhairg agus $22,000 sna Stáit Aontaithe.

Lena cheart a thabhairt don rialtas, tá roinnt scéimeanna tábhachtacha ann a chuireann go mór leis an mhaoiniú atá ar fáil do na hinstitiúidí tríú leibhéal. Ina measc siúd tá an Clár um Thaighde in Institiúidí Tríú Leibhéal trína bhfuil breis agus €865 milliún curtha ar fáil do na hinstitiúidí tríú leibhéal ó bhí 1998 ann. Bunaíodh an ciste seo chun cumas taighde na n-institiúidí a leathnú agus a fhorbairt.

Ach ní leor an t-airgead seo. Sa chéad dul síos, bíonn na cláracha éagsúla taighde sna coláistí ag brath ar fhlaithiúlacht an aire airgeadais. Nuair a bhíonn cúlú geilleagrach i gceist, áfach, dúnann an t-aire a sparán. Tharla sé seo sa bhliain 2003 nuair a laghdaigh an rialtas ciste an chláir thuasluaite. Mar bharr air seo, ní féidir cláracha leanúnacha taighde a riaradh ar an chaoi seo. Caithfidh an t-

airgead a bheith geallta i bhfad roimh ré chun gur féidir cláracha a bhunadh a mhairfidh ar feadh roinnt blianta.

Ar ndóigh, níl sa taighde ach gné amháin d’obair an choláiste nó na hollscoile. Ach léiríonn sé go soiléir go bhfuil foinsí eile de dhíth chun fís fhadtéarmach a thabhairt i gcrích.

Athbhreithniú grinnNí bheidh muid inár n-aonar in Éirinn má dhéanaimid athbhreithniú grinn ar an mhaoiniú atá á thabhairt don ardoideachas. Is iomaí tír a bhfuil an scéal seo faoi chaibidil inti. Sa Fhrainc, táthar ag tabhairt níos mó neamhspleáchais do na hollscoileanna ionas go mbeidh siad in ann a gcuid airgid féin a shaothrú. San Astráil tosaíodh ag baint táillí de mhic léinn fiche bliain ó shin, ach rinneadh an córas sin a leasú cúpla uair le roinnt blianta anuas. Agus ar ndóigh, chuir rialtas na Breataine tús le scéim nua táillí cúpla bliain ó shin.

Is dócha go dtuigtear sna tíortha seo nach leor airgead poiblí amháin chun córas ardoideachais den chéad scoth a riaradh. Mar sin, bhí an ceart ag an Aire Oideachais, Bat O’Keeffe, ceist na dtáillí a tharraingt anuas le déanaí. Ceist íogair is ea í mar go gcuireann sé isteach ar an mheánaicme, dream a bhfuil guth láidir aige. Ach tá bunús maith leis an argóint gur cheart agus gur chóir táillí a ghearradh ar mhic léinn.

Is iad na mic léinn féin is mó a bhaineann tairbhe as oideachas tríú leibhéal. Dé réir an ECFE, saothraíonn céimithe ollscoile thart ar 50 faoin chéad níos mó ná iad siúd nach bhfuil oideachas tríú leibhéal bainte amach acu (Foinse: OECD Factbook, 2008). Má bhaineann siad tairbhe as an chóras, ba chóir dóibh íoc as cuid den chostas.

Deirtear go minic go gcuireann táillí bac ar pháistí ó theaghlaigh bhochta. Ach ní chuireann. D’fhéadfaí deontas a chur ar fáil dóibh siúd atá ar bheagán airgid. Nó, d’fhéadfaí iasacht a thabhairt dóibh, faoi mar a dhéantar i Sasana. Ní bheadh orthu aon aisíocaíochtaí a dhéanamh go dtí go mbeidís ag saothrú airgead maith tar éis dóibh an coláiste a fhágáil. Níl aon fhianaise ann gur chuir an córas nua i Sasana aon bhac ar mhic léinn ó theaghlaigh faoi mhíbhuntáiste. D’fhéadfaí fiche coinníoll eile a cheapadh lena chinntiú nach gcuirfeadh aon scéim nua bac ar pháistí bochta.

Níl an córas mar atá sé faoi láthair ceart ná cothrom. Má roghnaíonn duine óg gan freastal ar an ollscoil, beidh sé ag íoc as na daoine a chineann ar oideachas tríú leibhéal a bhaint amach – daoine atá níos saibhre ná eisean, go hiondúil.

Níos measa fós, mura gcuirtear airgead sa bhreis ar fáil, beidh ar na hinstitiúidí tríú leibhéal táillí éagsúla, nach táillí teagaisc iad, a bhaint de mhic léinn ionas go mbeidh siad in ann a gcuid costas a íoc. Tá sé seo ar siúl cheana féin: bíonn ar mhic léinn táillí clárúcháin, táillí scrúduithe, táillí leabharlainne agus táillí eile a íoc. Gearrtar na táillí seo ar chách, is cuma cé acu bocht iad nó saibhir.

Mar sin, b’fhearr i bhfad ceist na dtáillí a phlé go hionraic ionas go mbeidh cothromaíocht agus oscailteacht ag baint leis an chóras.

An earnáil ghnóAr ndóigh, baineann an earnáil ghnó an-tairbhe as an chóras ardoideachais fosta. Cuireann na hollscoileanna agus na hInstitiúidí Teicneolaíochta oiliúint ar na céadta míle mac léinn a théann caol díreach isteach san earnáil ghnó. Mar sin, ba chóir go gcuirfeadh gnóthaí na tíre seo ciste ar fáil le maoiniú sa bhreis a chur ar fáil do na hinstitiúidí tríú leibhéal. Tá an nós seo i gceist sna Stáit Aontaithe, áit a bhfuil sé an-choitianta agus fíor-éifeachtach. Tá sé mar sprioc ag an Údarás um Ard-Oideachas nós den chineál sin a chothú agus a fhorbairt sa tír seo freisin. Ach ag an tráth seo, níl ach tús curtha leis an obair seo agus dúshlán mór a bheas ann, gan amhras.

Má táimid chun leas a bhaint as an domhandú – agus ní féidir linn é a stopadh – beidh orainn fís an rialtais a bhaint amach. Is é sin, beidh orainn geilleagar eolasbhunaithe a thógáil agus a fhorbairt. Ní féidir é sin a dhéanamh gan córas ardoideachais atá ar fheabhas ar fad a bheith againn. Seo thíos an bharúil a nocht an ECFE i ngrinnstaidéar a rinne siad sa bhliain 2006 ar an chóras oideachais in Éirinn:

“Beidh cuid mhaith infheistíochta breise de dhíth chun fís an rialtais a bhaint amach i réimse an ardoideachais. Má leantar de pholasaí na dtáillí in aisce, tá an baol ann nach mbeidh maoiniú an stáit sách mór leis an infheistíocht chuí a chur ar fáil.”

Is le leas na tíre seo é córas maith ardoideachais a bheith againn. Is le leas na hearnála gnó agus, ar ndóigh, na mac léinn freisin é. Ba chóir na costais a roinnt idir na trí pháirtí seo. An dúshlán atá roimh an rialtas anois ná an fhírinne lom seo a chur ina luí ar mhuintir na hÉireann. Tá tús maith déanta ag Bat O’Keeffe agus é ag tabhairt aghaidhe ar an dúshláin seo.

Is innealtóir é Ciarán Mac Aonghusa a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Is tráchtaire agus láithreoir é le Raidió na Life. Is as Tír Chonaill ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.