Bíonn tuismitheoirí cráite de shíor ag coinní, cóisirí agus gníomhaíochtaí a bpáistí. Ach i bhfaiteadh na súl, imíonn na blianta thart. Cá dtéann an t-am, a fhiafraíonn Pól Ó Muirí.
Ba é Naomh Agaistín a chuir an cheist: cad is am ann? D’fhreagair sé a cheist féin – mar is dual d’fhealsúna – agus tá aos eagna ag cogaint ar choincheap an ama agus na síoraíochta ó shin.
Baineann rian den fhealsúnacht leis an am mar a thuigtear do thuismitheoirí é. Tá am mar choinne ann: an rang snámha; an turas chun na leabharlainne nó na pictiúrlainne; an cúrsa spóirt nó ceoil; an ruathar laethúil scoile. Bíonn an tuismitheoir ag plé leis na coinní sin agus leis an obair a bhíonn le déanamh ag tuismitheoirí – leis an am atá le caitheamh ar an obair a íocann an morgáiste agus billí an tsaoil. Fógraíonn an clog cogadh gan chríoch do thuismitheoir ó dhubh go dubh.
Is é an rud is aistí faoi am mar choinne ná go mbíonn dhá luas i gceist leis – mall agus gasta – agus siúlann mall agus gasta le chéile lámh ar lámh mar a bheadh cúpla ann. Bíonn tú mall ag imeacht as an teach agus gasta ag teacht ar ais, nó ní fada go mbeidh ort dul amach arís agus coinne eile agat. Tá an choinne marcáilte ar an fhéilire ar an bhalla; is eol duit go bhfuil an choinne ann; ní bhíonn eagla ar bith ort roimh an choinne nach bhfuil le tarlú go ceann tamaill fhada eile ná faitíos ort go dtiocfaidh an choinne aniar aduaidh ort agus, ansin, go tobann, pléascann an choinne gan choinne agus sin tú ag streachailt amach an doras le málaí spóirt agus cótaí agus páistí agus gach “Beidh muid mall. Caithfidh muid a bheith in am” agat.
Carn na gcoinníCarnann na coinní ceann ar cheann. Tagann siad ach ní imíonn siad. Beidh coinne eile ann. Bíonn coinní ann gach lá. Ní obair mhaslach ar bith é an choinne, ná baol air. Seo mar a dhéanann tuismitheoirí cúram dá gcuid páistí. Caitheann siad am ina gcuideachta mar gurb iad ár bpáistí iad. Mar sin féin, ní thugann tú faoi deara go bhfuil tú ag caitheamh ama – go dtí go dtagann aon choinne mhór amháin agus baineann an choinne mhór amháin geit asat; músclaíonn tú as suan na gcéadta mionchoinne pléisiúrtha agus feiceann tú go bhfuil níos mó ama caite agat ná mar a shíl tú.
Tagann coinne mhór amháin gach bliain i saol páiste – mura bhfuil ann ach cóisir lá breithe féin – gan amhras. Má tá níos mó ná páiste amháin agat, bíonn cúpla
coinne mhór le linn na bliana agus sin tú i do sheasamh os cionn boird, an cáca milis i do ghlac, na coinnle lasta agus tú ar tí “lá breithe sona duit” a chanadh uair amháin nó dhá uair nó níos minice. Tá cleachtadh agat ar an choinne mhór sin mar gur pléisiúrtha an choinne í, mar go bhfeiceann tú go bhfuil na páistí ag éirí aníos, go bhfuil cairde acu, go bhfuil siad sona.
Tagann coinní móra eile fosta agus iad ag éirí aníos agus bíodh is go mbaineann pléisiúr leo, baineann siad geit nach beag asat. Tá an páiste is sine agam le tosú ar mheánscoil an mhí seo. Cá ndeachaigh an t-am? Tá an iníon is óige le tosú ar bhunscoil. Cá ndeachaigh an t-am? Idir eatarthu, tá beirt eile ag bogadh suas dréimire na bunscoile. Cá ndeachaigh an t-am? Conas mar a charn na coinní beaga sin thar na blianta ar fad le gur fhág siad mo mhac ina sheasamh os mo chomhair agus éide meánscoile air agus m’iníon – an babaí – faoi éide naíscoile?
Chuirfinn ceist ar Naomh Agaistín ach ní dóigh liom go dtuigfinn an freagra. Tháinig Pól Ó Muirí ar an saol i mBéal Feirste Lá Nollag, 1965. Is Eagarthóir Gaeilge de chuid an *Irish Times é; colúnaí spóirt le Foinse agus scríobhann sé colún ar an Belfast Telegraph. Le cois a bheith ina iriseoir, is file agus scríbhneoir é.*