AR NA SAOLTA SEO
Treisiú na Gaeilge i gCeanada
Aodán Ó Cearbhaill Aodán Ó Cearbhaill

Tá teagascóirí Gaeilge don bhliain acadúil 2013-14 á lorg ag ICUF faoi láthair agus cé is fearr trácht air ach duine díobh siúd atá ag dul don obair chéanna sin cheana féin, Aodán Ó Cearbhaill.

Íomhá
An t-údar Aodán Ó Cearbhaill le hAire Stáit na Gaeltachta, Donncha Mac Fhionnghaile TD ag Ambasáid Cheanada (ICUF)
Íomhá
Ollscoil StFX, Antigonish
(le Brendan Riley ar Vicipéid)
Íomhá
Caitríona Ní Chonchúir, a bhí ag teagasc i gCeanada, leis an Tánaiste, Éamon Gilmore arú anuraidh
Íomhá
Am Baile Mór (le Brendan Riley ar Vicipéid)

Tá borradh ag teacht arís faoin Ghaeilge in Éirinn agus thar lear le blianta beaga anuas. Tá gaol láidir idir Éirinn agus Ceanada agus maíonn thart fá 4.5 milliún Ceanadach go bhfuil baint ag a sinsear le hÉirinn. Ón bhliain 2009, le maoiniú ón Chrannchur Náisiúnta agus ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, chuir Fondúireacht Ollscoil Éireann Cheanada (ICUF) dámhachtainí ar fáil chun teagascóirí Gaeilge a fhostú ar feadh bliana le Gaeilge a theagasc i roinnt ollscoileanna in Oirthear Cheanada.

Is as Gaoth Dobhair i gContae Dhún na nGall mé. Bhí sé d’ádh ormsa gur roghnaíodh mise mar theagascóir ICUF i mbliana. Tá mé ag obair anseo faoi láthair ag teagasc Gaeilge in Ollscoil Naomh Proinsias Xavier, nó StFX mar is fearr aithne air. Tá StFX lonnaithe i mbaile beag darbh ainm Antigonish atá 100 míle soir ó thuaidh as an phríomhchathair, Halifax in Alba Nuadh. Nuair a d’éirigh le m’iarratas an post seo a fháil, rinne mé rud beag fiosrúcháin faoin áit. Tá sé soiléir go bhfuil tionchar mór Albanach abhus agus go bhfuil siad bródúil as sin. Agus tá sé soiléir fosta go bhfuil rian láidir gaelach le sonrú thart timpeall an bhaile, ach gur Gàidhlig na hAlban atá i gceist. Feictear go leor fógraí dátheangacha agus tá eagraíochtaí éagsúla le feiceáil fán áit atá ansin chun an Ghàidhlig a chur chun cinn. Chomh maith le sin múintear Gàidhlig i roinnt de na scoileanna sa cheantar. Tá Antigonish (Am Baile Mór) gar do Cheap Breatainn, áit a raibh an Ghàidhlig a labhairt ar feadh na mblianta, cé go bhfuil líon na gcainteoirí dúchais ag dul i léig anois.

Roinn na Ceiltise i StFX

Tá na daoine anseo thar a bheith cairdiúil liom, go háirithe nuair a fhaigheann siad amach gur as Éirinn mé. Tá suim acu sa tír agus bíonn go leor ceisteanna ag daoine faoin Ghaeilge sa tír chomh maith le ceisteanna faoi m’áit dhúchais, cúrsaí reatha, aimsir srl. Agus deir beagnach gach duine gur mhaith leo cuairt a thabhairt ar Éirinn uair éigin, agus is cinnte go mbímse ag aontú leo! Mar a luaigh mé, tá béim níos mó ar an Ghàidhlig ná ar an Ghaeilge anseo, agus tá sin le sonrú sa Roinn Ceiltise i StFX. Ach an méid sin ráite, tá éileamh ar ranganna na Gaeilge anseo agus tá mé ag baint suilt as na ranganna. Tá na scoláirí díograiseach agus is léir go bhfuil suim acu sa teanga. Deir an mhórchuid acu go bhfuil gaol acu le hÉirinn, ag maíomh gur tháinig a sinsear ar imirce go Ceanada agus gurbh é an ceangal sin a spreag iad chun iarracht a dhéanamh an Ghaeilge a fhoghlaim. Díríonn na ranganna ar chomhrá Gaeilge don chuid is mó ach bíonn deis ag na scoláirí blaiseadh den chultúr a fháil chomh maith, mar shampla, ag foghlaim amhráin agus ag amharc ar scannáin Ghaeilge agus cláracha faisnéise ó sheinnteoir TG4.

An Dá Ghaeilg

Maireann an Ghaeilge agus an Ghàidhlig lámh ar láimh le chéile sa Roinn Ceiltise. Eagraítear Lá Gaelach uair sa bhiaiste agus mar chuid de seo, bíonn deis ag scoláirí agus ag pobal na háite blaiseadh den Ghaeilge a fháil i rang do thosaitheoirí agus i seisiún amhránaíochta. Bhí duine de na scoláirí sa rang Gaeilge i gConamara ar chúrsa foghlaimeoirí an samhradh seo caite agus thug sí taispeántas spreagúil Powerpoint faoin taithí a bhí aicí don slua a bhí i láthair. Tá Comunn Ceilteach anseo i StFX chomh maith agus eagraíonn siadsan imeachtaí Gaelacha cosúil le céilithe ó am go ham agus déanann siad iarracht i gcónaí an Ghaeilge a chur chun cinn fosta. Sílim gur scéim an-fhiúntach é seo atá a reáchtáil ag ICUF. Ní hamháin go bhfuil an teagascóir ag múineadh na Gaeilge, ach déanann siad obair thaidleoireachta don tír chomh maith. Agus is deis iontach é ar m’fhorbairt phearsanta féin mar mhúinteoir chomh maith.

Anseo in Antigonish, tá eolas teoranta ag cuid mhaith de na daoine ar Éirinn agus ar an Ghaeilge. Cuireann siad an-suim i gcomhrá faoin tír agus a chloisteáil go bhfuil an Ghaeilge mar theanga bheo sa tír. Agus tugann lucht na Gàidhlige faoi deara na cosúlachtaí atá idir an dá theanga. Bím ag labhairt le cainteoirí Gàidhlige go rialta anseo, agus tá cuid acu ag déanamh iarrachta ar an Ghaeilge a fhoghlaim uaimse fiú! Is iontach an rud é go bhfuil mé anseo i dtír i bhfad i gcéin ach go bhfuil an deis agam comhrá a dhéanamh i mo theanga dhúchais le muintir na háite. Maidir leis na scoláirí atá sa rang Gaeilge faoi láthair, tá súil ag an mhórchuid acu cuairt a thabhairt ar Éirinn lá éigin amach anseo agus an “cúpla focal” atá acu anois a chleachtadh!

Tá teagascóirí Gaeilge don bhliain acadúil 2013-14 á lorg ag ICUF faoi láthair. Tá tuilleadh eolais ar fáil ag http://www.icuf.ie. ’Sé an Luan, 4ú Márta an sprioclá d’iarratais.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.