AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Pósadh Aerach ina Chnámh Spairne i Meiriceá
Brian Ó Broin Brian Ó Broin Brian Ó Broin

Tá dhá leagan den lánúnas imithe chun caingne i gCúirt Uachtarach na Stát Aontaithe. Míníonn Brian Ó Broin go gciallaíonn an easpa aitheantais d’aicme amháin go ndéantar leithcheal, go bunúsach, ar an bpobal aerach.

Íomhá
Rialtóir California A. Schwarzenegger
(le Chelsea A. Radford ar Vicipéid)
Íomhá
An Breitheamh Harvey Brownstone a phós an lánúin
(le Ha-Redeye ar Vicipéid)
Íomhá
Stáit a aithníonn, a leathaithníonn, nach n-aithníonn pósadh comhghnéis
(le Lokal Profil ar Vicipéid)
Íomhá
Bob Barr a mhol Acht um Chosaint an Phósta
(Bob Barr ar Vicipéid)

Phós beirt chairde liom i gCalifornia dhá bhliain ó shin. Bhí an searmanas go hálainn. Cuireadh cathaoireacha amach ar an trá i gCapitola, agus mhalartaigh an bheirt a móidí pósta os comhair feidhmeannaigh oifigiúil. Siúlamar suas cosán na haille go hostán tar éis an tsearmanais agus chaitheamar an lá ag ceiliúradh go tráthnóna. Agus an ghrian ag dul faoi os cionn na farraige, lasamar tine ar an trá agus lean an ceiliúradh go maidin le canadh agus damhsa.

Ach dhá bhliain roimhe sin ní fhéadfadh an pósadh tarlú. Erin agus Elizabeth ab ainm do mo chairde, agus de réir dlí California, ní raibh cead acu pósadh, mar ba den ghnéas céanna iad. D’athraigh sin i 2009 nuair a shínigh rialtóir an stáit sin, Arnold Schwarzenegger, dlí ag aithint ‘lánúnas’, ach gan an focal ‘pósadh’ a úsáid. Aithníonn naoi stát eile ‘lánúnais’ mar seo, ach ní aithnítear iad go feidearálach, agus ní cheadaítear iad sna stáit eile. Mar bharr ar sin, ní gá do na stáit eile na lánúnais seo a aithint, mar gheall ar dhlí a ritheadh 17 mbliain ó shin agus atá ina chnámh spairne i Washington faoi láthair. Tá Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe ag plé an dlí os comhair na sluaite daoine ar son agus in aghaidh pósta aerach.

Siocair Achrainn

Chuir an tUachtarán Bill Clinton a shíniú le hacht Comhdhála a chuir cosc iomlán ar phósadh aerach sna Stáit Aontaithe i 1996. Faoin am sin, bhí Teach na nIonadaithe agus an Seanad caillte ag na Daonlathaigh, agus bhí a fhios ag an Uachtarán Clinton, go háirithe agus chomh fonnmhar agus a ritheadh an dlí i dtithe na Comhdhála, nach dtarraingeofaí ach raic dá gcuirfeadh sé in aghaidh an reachtaithe. Agus é ag rá go raibh sé féin go pearsanta in aghaidh phósta aeraigh, rinne sé dlí den ‘Acht um Chosaint an Phósta’ ar an 21ú Meán Fomhair, ceithre mhí tar éis don Ionadaí Bob Barr an t-acht a mholadh.

Tá an dlí seo ina údar achrainn anois de bharr seanbhean as Nua-Eabhrac, a thug dúshláin an Achta um Cosaint an Phósta, ag rá go ndéanann sé leithcheal uirthi. Ar an dara dul síos, rinne California iarracht a bhunreacht a leasú chun cosc iomlán a chur ar phóstaí aeracha, ach de bharr chomh dian is a bhí sé, cuireadh go Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe é. Tá an Chúirt ag plé an dá cheist ag an am céanna.

Ar ndóigh, cuireann dlí California iontas orthu siúd a bhreathnaíonn ar California mar stát forchéimnitheach, go háirithe in áiteanna mar San Francisco, atá breac leis an bpobal Aerach, ach tá dhá California ann: California na gcathracha, agus California na tuaithe agus na bhfobhailte. Tháinig beagnach 80% de ghuthaíocht an stáit amach i 2008 chun vóta a chaitheamh sa cheist achrannach seo, agus b’iad an dara dream a bhuaigh.

Edith Windsor agus Thea Spyer

Tháinig an tAcht um Chosaint an Phósta chomh fada leis an gCúirt Uachtarach mar gheall ar Edith Windsor, Nua-Eabhracach a phós a páirtí Thea Spyer in Ontario, Ceanada i 2007. Má phós siad chomh déanach sin, ámh, níor lánúin glas nua iad in aon chor. Bhí Edith agus Thea le chéile ó na seascaidí amach, ina gcónaí le chéile mar chúpla pósta ar bith. Nuair a fuair Thea bás in 2008 bhí Edith 80 bliana d’aois. D’aithin stát Nua-Eabhrac an lánúnas gan mórán deacrachta, ach mar gheall ar an Acht um Chosaint Pósta, níor aithin an Chónaidhm é, agus mar sin, b’éigean $367,000 de eastát Thea a íoc mar cháin don rialtas, seachas é a chur ar aghaidh go dtí a céile, mar a dhéanfaí dá mba ‘ghnáth’-lánúin iad. Ar ndóigh, breathnaíonn sé seo mar leithcheal, agus sin an fáth go bhfuil éileamh Edith dulta chomh fada leis an gCúirt Uachtarach. Cheana féin tá cúirteanna cuarda, contae, agus stáit tar éis an t-éileamh a chumhdach, agus má leantar leis an gcumhdach sin sa Chúirt Uachtarach, scriosfar an tAcht um Chosaint Pósta.

Ní haon mionrud é seo. Dá scriosfaí an dlí úd, chuirfí iachall ar gach stát sa tír póstaí aeracha a aithint, cuma cá dtarla siad. Ba chéim ollmhór chun cinn é sin don ghluaiseacht Aerach, agus ba bhuille mór é dóibh siúd (lucht creidimh a bhformhór) a chreideann gur comhcheangal idir fir agus mná amháin é an pósadh. Dá réir sin, bíonn na sluaite os comhair Chúirt Uachtarach na tíre faoi láthair, idir Aeraigh atá ag iarraidh an dlí a scriosadh agus coimeádaigh atá ag iarraidh é a choinneáil.

Ní fios go fóill céard a thiocfaidh as na díospóireachtaí teasaí a tharla os comhair naonúr breitheamh na Cúirte Uachtaraí. Labhair Edith Windsor agus a dlíodóirí ar feadh lae iomláin, agus ba chosúil go raibh na breithiúna scoilte. Cé go gceaptar go bhfuil móramh coimeádach sna naonúr, bhíothas den tuairim go raibh cúigear acu báúil don áiteamh. Tabharfaidh an chúirt a breith faoi cheann ráithe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.