Síleann Balor nach bhfuil na bainc ag imirt na córach leis an phobal, ach bíonn barúil sách aisteach aigesean ó am go chéile ar aon nós.
Naisc:
Tá bainc na hÉireann (tá a fhios agaibh na bainc sin a cheannaigh muid tamall ó shin?) ag ullmhú liosta mór fada smachtbhannaí gránna déistineacha. Beidh na héiricí seo le leagan ar an mhuintir nach acmhainn dóibh a gcuid morgáistí a íoc de réir na gcoinníollacha dochta daingne a leagfaidh na bainc síos do na créatúir bhochta sin. (Tá a fhios agaibh na daoine sin atá i ndiaidh na bainc a tharraingt amach as an duibheagán a thochail siad dóibh féin le tamall de bhlianta anuas?)
“Ó nach iontach an saol é?” a deir Balor. “Tá bainc na hÉireann i ndiaidh na drochnósanna gránna leithleacha drabhlásacha a bhí acu a chaitheamh i dtraipisí. Tá siad i ndiaidh clóca lonrach na ceartaiseachta a tharraingt orthu féin anois. Bóthar na fíréantachta a shiúlfaidh siad feasta, agus ní imeoidh siad riamh arís ar fán ná ar fuaidreamh ón bhealach cas geal sin atá siad i ndiaidh a chur rompu féin.”
Ach, mar is dual don duine (ná don eagraíocht) a thiontaíonn ar an chreideamh ceart, beidh na bainc s’againne níos dílse don cheartchreideamh ná na dílseoirí is dílse amuigh. Agus, mar is dual do leasaitheoirí, beidh siad thar a bheith dian ar dhuine ar bith nach gcloíonn go docht daingean lena gcuid rialachán agus rialacha.
Córas iasachta úr a bheas acu. Córas a chum siad féin ar mhaithe leo féin. Chun léirstean cruinn a fháil ar an chóras iasachta úr seo, chuaigh Balor chun cainte le Richie Babhstar, atá ina phríomhfheidhmeannach ar cheann de na bainc seo. Bhí Richie breá ábalta na coinníollacha a mhíniú agus a shoiléiriú do Bhalor.
Na Leiciméirí Morgáiste
Richie: Ar dtús, a Bhaloir, níor chóir do dhaoine morgáistí móra a thógáil amach mura raibh siad in ann an t-ús agus an caipiteal a íoc ar ais. I gcás go leor de na daoine a fuair morgáistí le deich mbliana anuas, ní raibh baol ar bith ann riamh go n-íocfaidís ar ais iad.
Balor: Más fíor sin, a Richie, cén fáth gur thug sibhse morgáistí dóibh – mura raibh seans ann go n-íocfaidís ar ais iad?
Richie: Arú, a Bhaloir, bhí dualgas orainne airgead a dhéanamh do na bainc chun ár gcuid scairshealbhóirí a choinneáil sásta; agus nach maith a bhí a fhios againn go dtiocfadh duine éigin i gcabhair orainn. Daoine fásta a bhí i lucht glactha na morgáistí nuair a tharraing siad anuas iad, agus is daoine fásta fós iad. Beidh orthu glacadh lena bhfuil sna rialacháin úra. Níl aon dul as acu.
Liosta a Chuideos le Daoine
Balor: Agus caidé atá sna rialacháin úra?
Richie: Leoga, a Bhaloir, duine ar bith nach bhfuil in ann an morgáiste a íoc ar ais, gheobhaidh siad faoiseamh ama faoi choinníollacha áirithe nach bhfuil ródhian. Seo roinnt de na coinníollacha sin:
Ní bheidh cead ag aon lánúin a bhfuil deacrachtaí morgáiste acu aon pháistí eile a bheith acu.
Iad siúd a bhfuil dhá charr acu, caithfidh siad an dá charr a dhíol agus dhá rothar a cheannach. Beidh orthu an farasbarr a thabhairt don bhanc mar a bheadh aisíoc ar an mhorgáiste. Ach, i gcás daoine le beirt pháistí nó níos mó acu, beidh cead acu suíocháin leanaí a cheannach le cur ar na rothair.
Iad siúd a bhfuil pacáiste acu le Sky Sports nó le Sky Films, beidh orthu athrú go Saorview. Beidh cead acu féachaint ar Phortach 1, ar Chaorán 2, ar Mhóinteán 3 agus ar TG4 – agus ní beag sin le bheith ag dul ar aghaidh leis.
Agus beidh deireadh leis na táibléid – ní na Panadols ná na Asprins atá i gceist agam, dar ndóigh, nó ní bheidh gá leo siúd agus cosc ar an deoch! Na ipads agus a leithéid atá i gceist agam. Tá siad i bhfad róchostasach do dhaoine nach acmhainn dóibh morgáiste a íoc.
Ní bheidh aon taisteal thar lear ceadaithe ar feadh cúig bliana, ach amháin chuig Sceilg Mhichíl agus chuig an Chipir. Sa dá áit sin, gheobhaidh siad amach go bhfuil caighdeán maireachtála ag daoine eile atá i bhfad níos measa ná an saol atá acu féin, agus b’fhéidir go gcuirfidh sé stop leis an síorolagón.
Iad siúd atá tógtha leis na cultacha spóirt, is féidir leo na leanaí a ghléasadh ar an dóigh sin fá choinne na Chéad Chomaoineach agus an Chóineartaithe.
Agus tá San Nioclás marbh. Thig leo a gcuid páistí a thabhairt ar cuairt chuig uaigh Santa, i gContae an Chabháin. Cuirfear busanna ar fáil.
Níl rud ar bith cearr le bia na hÉireann: prátaí agus tornapaí agus cabáiste agus meacain dearga… Ní bheidh cead ag lucht loicthe feoil a ithe feasta ach amháin idir an dá Nollaig – aon trí lá is maith leo. Beidh cosc iomlán ar spaghetti a ithe, agus píotsa, agus risotto, agus cotoletta alla Milanese, agus cannoli – Ó gabh mo leithscéal a Bhaloir, tá ocras an domhain i ndiaidh theacht orm. Tá mé chun rith síos go dtí an bhialann Iodálach ar an choirnéal…
Ceist Neafaiseach go Maith
Balor: Ní maith liom cur isteach ort, a Richie, agus tú faoi lán seoil, ach ní miste dom ceist bheag bhídeach a chur ort: caidé an tuarastal atá agat féin, nuair a chuireann tú na dúthrachta airgid san áireamh?
Richie: Arú, a Bhaloir, dúirt tú nach gcuirfeá an cheist sin orm. Tá a fhios agat nach maith liom aon chaint a dhéanamh faoi mo chuid dúthracht airgid. Rudaí ar leith iad siúd, mar a bheadh páistí de mo chuid. Ach thig liom a rá leat go neamhbhalbh, agus mé ag caint faoi thuarastal lom, go bhfuil mé fós faoi bhun an mhilliúin, a Bhaloir. Níl mé i bhfad faoina bhun, ach… samhlaigh sin anois, a Bhaloir: mo leithéid d’fhear, agus tá mo thuarastal fós faoi bhun an mhilliúin. Nach aisteach an saol é – mar a deir tú féin!