I bhfianaise deireadh a bheith curtha le foilsiú Ghaelscéal, de cheal ceannaitheoirí, cuireann Donncha Ó hÉallaithe an cheist, an bhfuil pobal Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht?
Tá m’alt deiridh seolta ar aghaidh agam ’uig eagarthóir Ghaelscéal, le foilsiú san eagrán deiridh den nuachtán seachtainiúil Ghaeilge. Ar roinnt cúiseanna, is trua liom go bhfuil deireadh curtha le Gaelscéal. Bhain mé sásamh as an gcúram a bhí orm le roinnt blianta anuas, a bheith ag tochailt sna cartlanna le haghaidh míreanna spéisiúla sna meáin chlóite i nGaeilge agus bhíodh fáilte i gcónaí roimh an íocaíocht a thugtaí dom as mo chuid oibre. Taobh amuigh de sin, mar chainteoir Ghaeilge, aireoidh mé uaim an t-aon nuachtán seachtainiúil Ghaeilge, a raibh sé mar nós agam é a cheannach go rialta.
Díolaíocht na dTréimhseachán Gaeilge:
De réir na dtuairiscí, ní raibh de dhíolaíocht ar Ghaelscéal sna siopaí ach thart ar 1,300 cóip sa tseachtain. Tuigtear dom go raibh os cionn leath den díolaíocht sin i nGaeltacht Chonamara, as féin. Is drochtheist é ar phobal na Gaeilge ar fud na tíre a laghad daoine a bhí sásta €1.65 - luach cúpán tae/caifé - a íoc ar an aon nuachtán Ghaeilge a bhí ar fáil, as féin, le blianta beaga anuas. Ardaíonn sé an cheist an bhfuil pobal Gaeilge, taobh amuigh den Ghaeltacht?
Mar nuachtán ní raibh Gaelscéal gan locht. Ar nós nuachtán ar bith, bhí neart ann nach raibh aon spéis agam ann, ach b’fhéidir go raibh spéis ag daoine eile ann. Is gnáthrud é sin. Ceannaím an Irish Times gach lá ach tá mórán ann nach bhfuil aon spéis agam ann. Domsa, bhí a dhóthain ábhair spéisiúil i nGaelscéal mórán chuile sheachtain le go mb’fhiú dom é a cheannach. Bhí dearadh an-mhaith ar an nuachtán agus cuma tharraingteach air. Cinnte d’fhéadfadh na scéalta ar an gcéad leathanach a bheith níos mealltaí, le daoine a spreagadh lena cheannach.
Na Deontais
Tá deontas flaithiúil á fháil ag Comhar (€90,389 i 2010) agus ag Feasta (€48,500 i 2010) ó Fhoras na Gaeilge. Deirtear liom go bhfuil díolaíocht an dá iris an-íseal ar fad. Ní hiontas liom é sin. Ní bhíonn siad ar fáil i siopaí i gConamara, áit a ndíolfaí corrcheann dá mbeadh. Ní bhíonn siad ar fáil tigh Eason i Stáisiún Heuston. Tá sé deacair tíocht air.
De ghnáth nuair a éiríonn liom Comhar nó Feasta a cheannach bíonn alltacht orm leis an leagan amach seanaimsearach leadránach, a bhíonn orthu. Cuir Comhar i gcomórtas le Archaeology Ireland nó History Ireland, dhá iris atá ag freastal ar mhargadh an-teoranta chomh maith. An amhlaidh nach acmhainn do lucht na Gaeilge iris níos tarraingtí don léitheoir a chur ar fáil, iris a mbeadh fonn ar dhaoine é a cheannach, ní ar son na cúise ach ar son an sásamh a thabharfadh sé dóibh.
Cé air an Locht?
Ach ar ais ag Gaelscéal agus a chliseadh. Cloisim daoine ag lochtadh an chomhlachta foilsithe, Torann na dTonn, agus is cinnte go bhfuil cuid den locht orthu nár shocraigh siad córas ceart dáiliúcháin, le go mbeadh daoine in ann tíocht air sách éasca. Cloisim daoine ag lochtú Fhoras na Gaeilge. B’fhéidir go bhfuil cuid den locht ar an bhForas sa mhéid is gur bronnadh an conradh ar lucht gnó nach bhfuil spéis acu sa Ghaeilge ach le brabach a dhéanamh aisti. Ach is í mo thuairim féin go bhfuil an chuid is mó den locht ar lucht na Gaeilge nárbh fhiú dóibh an nuachtán a cheannach go rialta.
Bhíos ag plé le foilsiú Cuisle na blianta ó shin. Scaoil an Foras an ghaoth amach as an iris sin chomh maith, cé go raibh díolaíocht 2,000 in aghaidh an eagráin ag an iris, níos mó ná Comhar agus Feasta agus an tUltach curtha le chéile. Tuigim beagán faoi na deacrachtaí a bhaineann le iris/nuachtán Ghaeilge a dhíol. Is deacair lucht na Gaeilge a shásamh. Deir siad go mbíonn siad ag iarraidh iris/nuachtán nach mbíonn ag déileáil le ceist na Gaeilge. Mar sin féin, níl aon spéis ag a bhformhór aon cheo a léamh i nGaeilge mura bhaineann sé le ceist na Gaeilge nó leis an nGaeltacht. Deir siad rud amháin, ach is é a gcleachtadh rud eile.
An Dáileachán
Deirtear gur deacracht mhór eile an dáiliúchán ar shiopaí. Ó mo thaithí, bhí an dáiliúchán éasca go maith a eagrú ach a bheith sásta a dhóthain cóipeanna a chlóbhualadh le tabhairt do na dáilitheoirí. Le díolachán 2,000 a bhaint amach tá sé riachtanach dáiliúchán a dhéanamh ar 4,000 cóip ar a laghad.
Ó mo thaithí, ní raibh dáiliúchán ceart déanta ar Ghaelscéal agus is ar Thorann na dTonn an locht faoi sin. Tharla i Longphort mé ar an gCéadaoin 5 Nollaig 2012, le haghaidh díospóireachtaí Ghael Linn. Bhí uair an chloig le caitheamh agam. Shiúil mé gach siopa nuachtáin agus irisí i mbaile Longphort. Bhí Le Monde ar fáil ceart go leor, tagtha as an bhFrainc. Ní raibh aon fáil ar Ghaelscéal as Gaillimh. Cé ar an locht faoi sin?
De réir Dhaonáireamh 2011, tá beagnach 200 duine i mbaile Longphort a mhaíonn go n-úsáideann siad an Ghaeilge go seachtainiúil ar a laghad lasmuigh den chóras oideachais. An amhlaidh nach bhfuil oiread is duine amháin acu siúd a bheadh sásta Gaelscéal a cheannach gach seachtain ach é a bheith curtha ar fáil? Dá bhféadfaí 5% den 200 a fháil leis an nuachtán Ghaeilge a cheannach go rialta, is ionann sin agus 10 léitheoir i mbaile nach raibh aon léitheoir ag Gaelscéal go dtí seo. Tá thart ar 50,000 duine fásta a mhaíonn go n-usáideann siad an Ghaeilge go laethúil lasmuigh den chóras oideachais sa Phoblacht, gan caint ar Thuaisceart Éireann. Nár cheart go mbeadh muid in ann nuachtán Ghaeilge a dhíol le 5% acu ar a laghad, ach córas ceart dáiliúchán a úsáid. Is ionann san agus 2,500 cóip, dhá oiread níos mó ná mar a bhí Gaelscéal ag díol sna siopaí.
Maidir le Gaelscéal, b’fhéidir go dtiocfaidh maitheas as deireadh a bheith curtha leis. Seachtain na Gaeilge ag drannadh linn agus gan aon nuachtán Ghaeilge sna siopaí. An comhartha é sin ar chomh lag is atá pobal na Gaeltachta? Má tá aon phobal rathúil Ghaeilge ann, tá sé thar am é féin a chur in iúl agus clampar a thógáil faoin gceist. Ach tá sé in am do lucht na Gaeilge an cheist a chur orthu féin, an bhfuil cuid den locht orthu féin, nár éirigh le Gaelscéal ach beagán le cois 1,200 cóip a dhíol sna siopaí in aghaidh an eagráin.
Muinín a Chur sna Díograiseoirí
Sa cholún uaim, a foilsíodh san eagrán deireannach de Ghaelscéal, mheabhraíos do na léitheoirí gur cuireadh tús le foilsitheoireacht nuachtán seachtainiúil Ghaeilge ar Lá ’le Pádraig, seachtó bliain ó shin. Díograiseoirí Gaeilge a chuir INNIU ar bun i 1943, nuair a bhí beocht san aisling faoi Éire Shaor agus Éire Ghaelach. Leathchéad bliain ó shin bhí díolaíocht de bhreis ar 10,000 ag INNIU ar dheontas seachtainiúil de £265 (thart ar €5,000 in airgead an lae inniu). Ní bheidh aon nuachtán Ghaeilge ar fáil sna siopaí Lá ’le Pádraig i mbliana mar gur theip ar an gcomhlacht a fuair an conradh foilsithe tíocht gar do na spriocanna díolaíochta a leagadar rompu.
B’fhéidir go bhfuil sé in am do Fhoras na Gaeilge scrúdú coinsiasa a dhéanamh maidir leis an gcóras roghnacháin a úsáideadh, faoinar tugadh an tionscnamh do lucht gnó. Níorbh mhiste don Foras muinín a chur sna díograiseoirí an chéad uair eile. B’fhéidir go mbeadh seasmhacht níos fearr iontu agus go n-éireodh leo pobal na Gaeilge, más ann dó, a mhealladh le nuachtán Ghaeilge a cheannach arís.