AR NA SAOLTA SEO
Ardú Grádanna, Ísliú Caighdeáin: Siollabas Nua na Gaeilge
Breandán Delap Breandán Delap Breandán Delap

Tá toradh tubaisteach siollabas nua na Gaeilge don Ardteist le sonrú cheana féin, dar le Breandán Delap.

Íomhá
Máire Ní Ainifín TD, iar-Aire Oideachais
Íomhá
An Roinn, Sraid Mhaolbhríde
Íomhá
An tAire Oideachais, Ruairí Quinn TD
(le Scoláire ar Vicipéid)
Íomhá
Díograiseoirí Gaeilge nach molfadh 'beartas místuama'. CnaG
  • Lá breá samhraidh a bhí ann agus bhí sé ag cur sneachta. As go brách liom ar mo rothar ar nós na gaoithe agus ar luas lasrach. Ní raibh scamall sa spéir agus bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch. Níl aon tinteán mar do thinteán féin. Is í fadhb na dífhostaíochta ceann de na fadhbanna is mó i sochaí na linne seo. An té nach bhfuil láidir ní foláir dó a bheith glic. Níl Roy Keane dífhostaithe. Bíonn sé ag imirt do fhoireann Manchester United. Bíonn sé ag rith ar nós na gaoithe agus le luas lasrach. Dá mbuafainnse an Lotto bheinn ar mhuin na muice, cosúil le Roy Keane. Cheannóinn bád freisin. Tús maith leath na hoibre.” (Aindí na hArdteiste in ‘Ar Son na Cúise’ Foinse 23 Feabhra, 2003)

Tá an tuar ag teacht fán tairngreacht. Sin an t-adhmad atá le baint dar liom as taighde a d’fhoilsigh an Irish Times ar na mallaibh ar na grádanna a tugadh in ábhair Ardteiste le trí bliana anuas. Is fada eagrais Ghaeilge ar nós An Chomhairle um Oideachas Gaeilge is Gaeltachta (COGG) agus Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta ag clamhsán nach mbeadh de thoradh ar an siollabus nua Gaeilge don Ardteist ach ísliú ar chaighdeáin.

Tá 40% de na marcanna iomlána ag dul don scrúdú cainte anois ach bíonn an bhéaltriail bunaithe ar scór shraith de phictiúir agus is léir go bhfoghlaimíonn na scoláirí nathanna cainte de ghlanmheabhair. Mar sin, tá ionann is leath na marcanna ag dul le haghaidh agallamh cheathrú uaire. Ba anuraidh an chéad uair a cuireadh na hathruithe seo i bhfeidhm sna scrúduithe ardteiste agus tá neart fianaise ar fáil cheana féin go raibh bunús le buairt na n-eagras Gaeilge faoin chur chuige úr.

‘Máinliacht Diúracáin’ na dTorthaí

D’foilsigh an Irish Times i mí Feabhra liosta na n-ábhar is fusa le grádanna arda a aimsiú iontu san Ardteist. Tá an Ghaeilge áirithe ar an darna ábhar is fusa tar éis an Cheoil. Ó tugadh marcanna breise don bhéaltriail Gaeilge anuraidh, fuair 87% de dhaltaí grád A, B nó C ann. Ach de réir thaighde an nuachtáin, 84% ar an mheán le trí bliana a fuair na grádanna seo san ábhar.

Tagann sé seo sna sála ar thorthaí maithe san Ardteist anuraidh – an chéad bhliain ina raibh an siollabas úr i bhfeidhm. Bhí ardú 11% ar líon na ndaltaí a thug faoin scrúdú ardleibheál Ghaeilge i 2012 – sin tuairim is 1,600 dalta breise ón bhliain roimhe sin. Ba léir gur mheall an t-ardú ar mharcanna don scrúdú cainte ó 25% go 40% iad chun an tArdleibhéal a dhéanamh. Cén t-iontas mar sin gur éirigh le i bhfad níos mó acu grád A nó B a bhaint amach i gcomórtas le blianta eile? Is iad na scoláirí iad féin is mó a thuigeann go bhfuil breis marcanna ar fáil anois le haghaidh níos lú eolas. Mar a déarfadh láithreoir aitheanta spóirt ar RTÉ: “It’s not rocket surgery.”

Maíonn COGG, go bhfuil saineolaithe in amhras faoi líon na marcanna atá ag dul don scrúdú cainte Ghaeilge agus faoi chomh fiúntach is atá an scrúdú céanna. Níor ghlac an tAire Oideachais Ruairí Quinn leis an cháineadh seo agus é ag maíomh go caithréimeach faoi thorthaí an scrúdú Ghaeilge anuraidh. Dúirt sé gur aontaigh sé leis an chinneadh a ghlac a réamhtheachta mar Aire Oideachais, Mary Hanafin, a oiread sin marcanna a bhronnadh ar an scrúdú cainte. Ba mar thoradh ar achainí ó ‘Ghaeilgeoirí’ a athraíodh an córas marcála chun níos mó béim a chur ar an bhéaltriail, dar leis. Dúirt sé go n-amharcfaí arís air dá mba rud é go raibh daltaí ag baint buntáiste as an chóras ach go raibh sé i bhfách go mór leis an phrionsabal go mbronnfaí 40% de na marcanna ar chumas cainte an iarrthóra.

Cleas an Philibín

’Sé an cur chuige atá ag an Aire ná ‘never mind the quality feel the grades’ ach i ndeireadh ama, níor cheart fiúntas an tsiollabais a mheas de réir torthaí arda, ach de réir cumas cainte agus tuisceana na ndaltaí. Ar ndóigh tá dul amú air má mheas sé go raibh díograiseoirí na Gaeilge ag feachtasaíocht ar son a leithéid de chur chuige. Tá achan duine ag iarraidh go mbeadh níos mó béim ar an Ghaeilge labhartha ach ní ar leas éinne é go mbeadh daltaí ag foghlaim cora cainte de ghlanmheabhair. Is dócha ná a mhalairt go ndéanfar dearmad ar na nathanna seo a luaithe a shiúlfaidh siad amach doras an tseomra scrúdaithe. Is beag an uaillmhian atá ag an stát más é an toradh atáthar á lorg tar éis ceithre bliana déag ‘ag foghlaim’ na teanga ná go mbeadh glúin úr de ‘Aindiacha na hArdteiste’ (thuasluaite) tagtha ar an saol.

Is lú an uaillmhian i bhfad é más sin amháin a bhfuiltear ag dréim leis ó chainteoirí Ghaeilge ón chliabhán. Fadhb eile a bhaineann leis an siollabas úr seo ná go bhfuil sé i bhfad rófhurasta dóibh siúd atá líofa cheana féin. Níl oiread is leabhar próis iomlán amháin ar shiollabas na hArdteiste agus tá breis marcanna ar fáil anois le haghaidh cúpla rann as dán a aithris sa bhéaltriail ná ceist scríofa a fhreagairt ar fhilíocht a bhfuil staidéar déanta agat air le dhá bhliain.

A Chur Bealach an Gharraí

Mhol an mheitheal saineolaithe idirnáisiúnta a tháinig le chéile faoi scáth Fiontar DCU chun comhairle a chur ar an Rialtas roimh dhréachtadh Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge go mbeadh dhá ábhar éagsúla Ghaeilge ins an Ardteist. (Ar ndóigh bhí an coincheap seo á chíoradh le blianta fada roimhe sin i gcás na Gaeltachta agus na nGaelscoileanna.) Pé scéal é, mhol na saineolaithe go ndíreodh rogha amháin ar scileanna teanga ardleibhéil, idir scileanna cainte agus scileanna scríofa, agus ar staidéar ar an litríocht sa Ghaeilge, agus “bheifí dírithe ar mhic léinn a bheartaíonn staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge ag an tríú leibhéal agus/nó a d’fhéadfadh an teanga a úsáid ar mhodh gairmiúil tráth is faide anonn.”

Bheadh an dara rogha dírithe ar inniúlacht cainte, ar bhunchumarsáid scríofa agus bheadh an rogha ag daoine staidéar a dhéanamh ar thraidisiúin amhránaíochta dúchais, ar dhrámaíocht sa Ghaeilge, ar logainmneacha srl. Is ar mhic léinn Ghaeltachta agus ar chainteoirí Ghaeilge ó dhúchas a bheadh an chéad rogha dírithe. Tá a leithéid de chóras i bhfeidhm sa Bhreatain Bhig cheana féin agus tuairiscítear go bhfuil ag éirí go seoigh leis. Níor glacadh leis an mholadh seo, áfach, ins an leagan deireanach den Straitéis.

Fé mar atá rudaí faoi láthair is cinnte nach bhfuil aon dúshlán ins an tsiollabas nua seo don chainteoir Gaeilge ó dhúchas agus is beag deis a bhfaighfidh sé cur lena thaisce focal ná leis an teanga atá aige a shaibhriú. Deir an Roinn Oideachais go ndéanfar athbhreithniú ar an tsiollabas arís ar an bhliain seo chugainn. Tá súil agam go mbeidh sé de chiall ag an Roinn an beartas místuama seo a chaitheamh i dtraipéisí.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.