AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Gorm i Meiriceá
Brian Ó Broin Brian Ó Broin Brian Ó Broin

Tá fadhb an chiníochais le brath i Stáit Aontaithe Mheiriceá, rud a thuig Brian Ó Broin ar a chéad eitilt ann na blianta ó shin.

Íomhá
Fógra sa NYT 1854
(ar Vicipéid)
Íomhá
Daoscarmharú poiblí Will James 1909
(le SAM ar Vicipéid)
Íomhá
Madison Grant an chiníochais, an Human Zoo srl.
(le Vicipéid)
Íomhá
Lár Newark
(le Derek Jensen ar Vicipéid)

Bhí clár eolais sa tseanreilig i lár chathair Bhoston ag tabhairt eolais faoin chine gorm agus faoin gcaoi nach gcuirtí sa reilig sin iad mar bhí ceann dóibh féin i dtuaisceart an bhaile sa seanam. D’aistríos an t-eolas go Gaeilge d’Ána, m’iníon óg. Ghlaoigh sí láithreach ar a cara Hayden (nach bhfuil Gaeilge aige), a bhí trasna na reilige agus i mbarr a gutha ghlaoigh as Béarla “A Hayden - níl Gormaigh ar bith sa reilig seo!”

Ní phléitear cine i Meiriceá go poiblí, agus is é an t-ábhar is conspóidí i Meiriceá go fóill é, déarfainn, ach bhí Ána agus a comhdhaltaí ag foghlaim faoi stair an chine ghoirm le déanaí ar scoil, óir is é Feabhra “Mí Stair an Chine Ghoirm” i Meiriceá. Má bhí, ámh, tá sé foghlamtha ag na daoine fásta gan tagairtí a dhéanamh do chine go poiblí.

Bhí mé ag machnamh ar seo cúpla lá níos déanaí agus mé ar an mbus poiblí go Aerfort Newark i Nua-Gheirsí. I measc 60 duine ar an mbus, ba mise an t-aon duine den chine geal. Cuireadh mo chéad chuairt ar Mheiriceá i gcuimhne dom, blianta fada ó shin, nuair a dúirt mé le mo chomharsa ar an eitleán go mbeinn ag tógáil bus ar aghaidh go dtí mo cheann cúrsa. “Ná déan” a dúirt an fear, Éireannach a bhí ina chónaí i Meiriceá le fada. “Ní thógann ach Ng*r an bus.”

Tá Gormaigh i Meiriceá ón tús. Ar fáil amach do na Sasanaigh, na Dúitsigh, na Francaigh, agus na Spáinnigh go raibh talamh mhaith sa domhan nua, bhí gá le hoibrithe chun an talamh a ghlanadh agus na bairr a chur, a bhaint, agus a iompar. Cuireadh cána i gceantar na Cairibe agus cadás níos faide siar agus ó thuaidh. Ar ndóigh ba ag freastal ar na margaí siúcra agus éadaí ar ais san Eoraip a bhí na trádálaithe.

Bisiú Airgid agus Bochtú Saoil

Ach bhí an comórtas géar idir na soláthróirí, agus bhí na brabaigh caol. Ní raibh úinéirí na n-eastát in ann oibrithe a mhealladh as an Eoraip ná as Meiriceá. Thosaíodar mar sin ag ceannach oibrithe as an Afraic, áit eile a raibh na hEorpaigh ag cóilíniú go tréan ag an am.

Caithfear cuimhneamh nár breathnaíodh anuas ar an gcine gorm roimhe sin. Go deimhin, d’fhéadfadh Shakespeare duine gorm a shamhlú mar ghinearál Veinéiseach sa bhliain 1603. Sar i bhfad, ámh, thosaigh intinní ag athrú ina dtaobh. As an am seo amach b’iad sclábhaithe formhór mór na ndaoine gorma a facthas san Eoraip agus sa domhan nua. Níor fada gur thosaigh daoine geala ag breathnú ar dhaoine gorma mar fho-chine.

Má ba ea, ba é an 18ú haois ‘ré na stuaime’ freisin, agus níorbh fhada gur thosaigh feachtais in aghaidh na sclábhaíochta. Faoi dheireadh an 17ú haois bhí deireadh le húinéireacht sclábhaithe san Eoraip, ach ní sa domhan nua. Faoin mbliain 1776, bliain neamhspleáchais na Stát Aontaithe, bhí deireadh le sclábhaíocht i roinnt de na stáit thuaidh, ach ní sna cinn ó dheas. Mar a leath an tír siar amach, ámh, tháinig níos mó stáit isteach san aontacht nár ghlac le sclábhaíocht.

Cé nárbh é an sclábhaíocht an t-aon chúis le cogadh cathartha na Stát Aontaithe in 1861, ba cheist lárnach í, agus faoi 1865 bhí úinéaracht daoine in aghaidh an dlí in gach ceann de na Stáit Aontaithe. Má bhí, ámh, ní raibh cearta iomlána ag daoine Gorma. In 1856, mar shampla, rialaigh Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe nár bhain bille cearta na tíre le daoine Gormaigh, agus d’fhan an rialú sin slán go dtí 1868. D’fhan dlíthe eile a cheadaigh na ciníocha a dheighilt ("scartha ach comhionann") go dtí 1964.

Fanacht sna Bólaí Dúchais

Ó aimsir an chogaidh cathartha i leith, fanann daoine Gorma ina gceantair féin. Is mó a fheictear iad sna stáit theas, áit ar thosaigh an sclábhaíocht, ach fiú sna stáit thuaidh, mar a ndeachaigh siad in imirce sa 20ú haois, fanann siad i mbailte agus i gceantair faoi leith, mar Los Angeles lár-theas, Bronzeville i Siceágó, Harlem Nua-Eabhraic, agus Newark, áit a dtóg mé an bus úd.

Go cinnte níl an ciníochas thart go fóill. I stáit mar Nua-Gheirsí is annamh daoine den chine geal ag tógáil busanna ná ag siúl sráideanna cathracha mar Newark agus Paterson, ar fhaitíos go mbeidís timpeallaithe ag Gormaigh. Ar theacht slua Gormach go ceantair, teitheann na Gealaigh rompu, iontas a dtugtarWhite Flight” air. Is lú i bhfad na Gormaigh fostaithe ná na Gealaigh, agus dá réir sin is mó an choiriúlacht ina measc. Fáinne fí ceart is ea seo, ar ndóigh. A laghad deiseanna oibre a fhaigheann Gormaigh, is amhlaidh is tapúla a chailleann siad muinín sa chóras agus éiríonn as dá réir. Gan oideachas, ní fhaigheann siad poist agus leanann siad leis na dronga agus leis an saol díomhaoin.

Lena gcraiceann donn agus lena gcanúint so-aitheanta, is furasta iad a aithint as daoine eile agus leithcheal a dhéanamh orthu. Ar ndóigh, tá duine Gorm sa Teach Bán anois, ach is fairsing na daoine a déarfaidh nach de chine na sclábhaíochta an tUasal Obama, ach de shliocht eile ar fad nár tháinig go Meiriceá ach i 1960. Ní bhaineann ceisteanna an chiníochais leisean, dar leo, ach le sliocht na sclábhaithe a tháinig anseo na céadta bliain ó shin, atá fós ag fulaingt faoi ualach chrua na sclábhaíochta sna hiamhchríocha fud fad na tíre.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.