AR NA SAOLTA SEO
Airgead á Chur Amú ar an nGaeilge?
Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe

Creideann Donncha Ó hÉallaithe go bhfuil airgead á chur amú ar an nGaeilge agus in áit a bheith dhá shéanadh go mba cheart do lucht na Gaeilge a bheith chun tosaigh le moltaí faoin mbealach a bhféadfaí airgead na Gaeilge a chaitheamh ar mhodh níos feidhmiúla sa gcaoi go mbeadh toradh níos fearr.

Íomhá
Botháin aistritheoirí sa Bhruiséil
(le J Logan ar Vicipéid)
Íomhá
Gaeltacht Mhaigh Eo 1956
(le D. de Loingsigh ar Vicipéid)
Íomhá
An Dún Briste
Íomhá
Stad

Bhí neart ábhair anailíse faoi cheist na Gaeilge sna meáin náisiúnta le linn mí an Mhárta, mí na Gaeilge. An chuid eile den bhliain is teanga dearúdta í an Ghaeilge sna meáin Bhéarla. Bhí eagarfhocal sa Cork Examiner ar an gCéadaoin, 13 Márta faoin teidealThe Irish language: Throwing good money after bad?’ a chuir olc ar lucht na Gaeilge mar gur thug sé le fios go gcaitear ‘around €1bn. a year just teaching Irish’, amhail is go sábháilfí an méid sin mura mbeadh an Ghaeilge ar an gcuraclam oideachais!

Bhí alt níos tomhaiste ar an Irish Times ar an Máirt 19 Márta, scríofa ag Peter McGuire faoin teideal ‘So many quangos, so little Irish’. Alt cothrom go maith a bhí ann, measaimse: an locht is mó a fuaireas air ná gur shlog an t-údar an bhréag mhór siar go raibh Acht na Gaeltachta 2012 tar éis sainmhíniú úr a dhéanamh ar an nGaeltachta, bunaithe ar critéir teangeolaíochta seachas critéir tíreolaíochta.

Ba shin a gheall Dinny Mc Ginley roimhré, ceart go leor, ach tá ’ fhios againn anois gur a mhalairt a rinne sé: deimhníodh san Acht na teorainneacha mar a bhí, fágadh 15,000 in eastáit tithíochta i gCathair na Gaillimhe sa Ghaeltacht agus cuireadh ar ceal an chumhacht a bhíodh ag an Rialtas, faoin reachtaíocht a bhí i bhfeidhm, aon cheo a dhéanamh faoi. ’Sé fírinne an scéil go bhfuil Gaeltacht Mc Ginley 2012 chomh bréagach céanna le Gaeltacht Lindsey 1956, nó i bhfad níos bréagaí nuair a smaoiním i gceart air. Ach sin scéal eile do lá eile.

Go bunúsach bhí Peter Mc Guire san Irish Times (19/03/2013) ag cur na ceiste cén fáth nach bhfuil toradh níos fearr ar an méad airgead stáit a caitear ar an nGaeilge? Ceist chothrom go maith í agus géarchéim airgid ag an stát. ’Sí mo thuairim, gur ceist í ar cheart a bheith á cur go rialta ag pobal na Gaeilge chomh maith. Ní namhaid don Ghaeilge chuile dhuine a ardaíonn an cheist.

Airgead Amú

In áit a bheith á shéanadh, ba cheart dúinn a admháil go bhfuil airgead poiblí á chur amú ar an nGaeilge agus ansin a bheith chun tosaigh ag déanamh moltaí faoi bhealaigh ina bhféadfaí airgead na Gaeilge a chaitheamh níos feidhmiúla, le go mbeadh toradh níos fearr ar an gcaiteachas.

’Sí an áit is mó a bhfuil airgead poiblí á chur amú ar an nGaeilge, dar liom, ná san Aontas Eorpach, de bharr an stádas a baineadh amach don Ghaeilge roinnt blianta ó shin. Is stádas bréagach é agus dá bharr, tá os cionn 30 duine fostaithe ag an Aontas Eorpach ag cur áiseanna aistriúcháin ar fáil sa bParlaimint agus ag aistriú doiciméidí toirtiúla teicniúla go Gaeilge. Is deargsheafóid é seo nach bhfuil ag déanamh mórán leasa don Ghaeilge, ach amháin go bhfuil sé ag tabhairt fostaíocht mhaith sa Bhruiséal do dhornán beag daoine le cumas agus ardchaighdeán Ghaeilge. Ar an gcaoi sin ní hamháin go bhfuil cur amú airgid i gceist ach tá cur amú cumais chomh maith agus tugann sé bata dár naimhde le muid a bhualadh.

Mar thoradh ar an gcaiteachas seo, tá muid in ann leaganacha Gaeilge de cháipéisí teicniúla ón Aontas Eorpach a fháil, nach léitear. Ach cuimnhnigh nach bhfuil aon nuachtán seachtainiúil i nGaeilge againn a thuilleadh. Nach mbeadh sé níos fearr an 30+ aistritheoirí sin a chur ag obair ar théacsleabhair mhaithe a chur ar fáil sna scoileanna, mar shampla. (Tá a fhios agam gur airgead Eorpach atá ann ach is airgead poiblí é atá á chur amú, ar mhaithe le cén rud? Nach bhféadfaí tíocht ar shocrú leis an Aontas Eorpach faoin gcaiteachas seo? Is cuid tábhachtach d’oidhreacht na hEorpa an Ghaeilge.)

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Sa mbaile tá cuid mhaith den tseafóid chéanna ar bonn. De bharr Alt 10 de Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 tá ‘dualgas’ leagtha ar ‘comhlachtaí poiblí doiciméid áirithe a fhoilsiú go comhuaineach sa dá theanga oifigiúla’. Ar an gcuid is mó, is airgead amú an caiteachas stáit a eascraíonn as an dualgas reachtúil seo. Tuigtear dom go dtagann beagán le cois 600 comhlacht poiblí faoin mír sin den Acht. Ar an meán má chaitheann gach ceann acu €2,000 (meastúchán íseal, déarfainn) gach bliain ag aistriú na dtuarascálacha, na gcuntas airgeadais agus na doiciméidí ina ‘leagtar amach tograí beartais phoiblí’ mar a thugtar orthu san Acht, is ionann san agus €1,200,000 in aghaidh na bliana d’airgead stáit caite ar bhealach sách seafóideach ag cur cáipéisíocht ar fáil i nGaeilge nach léitear. Caithfidh go bhfuil moltaí ag daoine le leas níos fearr, ar mhaithe leis an nGaeilge, a bhaint as an €1.2m. sin.

Moladh Amháin

Ritheann moladh amháin liom. Do réir Daonáireamh 2011 bhí Gaeilge ag 128,600 san aoisghrúpa 20 -24 bhliain d’aois. Is ionann an líon sin agus 43% de na daoine san aoisghrúpa. Faraor, ní raibh i 2011 ach 4,750 acu ag maíomh gur cainteoirí laethiúla Gaeilge iad, taobh amuigh den chóras oideachais. Ciallaíonn sin nach bhfuil ach 3.7% de na daoine le cumas sa Ghaeilge ar fágáil na meánscolaíochta, in ann a rá go labhraíonn siad Gaeilge go laethúil sa ghnáthshaol!

Mholfainn an €1.2m., a caitear go bliantúil faoi láthair ar aistriúcháin gan dealramh, a chur i dtreo na gcoláistí tríú leibhéal leis an sprioc seo a leanas a bhaint amach: ar a laghad 5% de na daoine le Gaeilge, san aoisghrúpa 20 – 24 bl. d’aois á usáid go laethúil faoi 2016 agus 10% faoi 2021.

Is spriocanna réadúla iad san ach cén caoi a mbainfí amach iad? Ar an gcaoi seo: is cosúil go bhfuil 70% de lucht fágáil meánscoile ag dul ar aghaidh chuig coláistí tríú leibhéal sa stát seo. Níl mórán deiseanna curtha ar fáil do mhic léinn le líofacht Ghaeilge an teanga atá acu a úsáid i saol sóisialta na gcoláistí, faoi láthair. Trí dul i gcomhairle le Comhaltas na Mac Léinn sna coláistí éagsúla, d’fhéadfaí pacáiste tacaíochta a chur ar fáil a chuirfeadh ar chumas chuile coláiste Oifigeach Siamsaíochta Ghaeilge a earcú, ar a mbeadh sé mar chúram air/uirthi ócáidí sóisialta is siamsaíochta a eagrú go rialta do chainteoirí Gaeilge sa choláiste, faoi choimirce Chomhaltas na Mac Léinn. Tá sé déanta ag Cumann Lúthchleas Gael sna coláistí tríú leibhéal agus tá toradh íontach air sa gcaoi is go bhfuil an chuma ar an scéal gurb iad na Cluichí Gaelacha na cluichí is fearr eagraithe i gcuid mhaith de na coláistí. Ní mar sin a bhíodh.

Thart ar €1.2m in aghaidh na bliana a chosnódh a leithéid de scéim, dá gcuirfí €60,000 ar an meán ar fáil do 20 choláiste tríú leibhéal. Bheadh ar Comhaltas na Mac Léinn, nó ar an gcoláiste, áiseanna oifige a chur ar fáil. Nach fearr i bhfad an toradh a bheadh ar an €1.2m a chaitheamh ar an gcaoi sin ná é a bheith caite amú ag aistriú is ag cló leaganacha Gaeilge de thuarascálacha bliantúla agus de chuntais iniúchta, do 600+ de na heagrais éagsúla stáit?

An bhfuil muid sásta an cheist a chíoradh go hoscailte? An mbeadh muid sásta beagán a ghéilleadh le mórán a bhaint amach?

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.