Bhuail Alex Hijmans le beirt mhisniúil a léiríonn fuinneamh agus tuiscint a bpobail, beirt atá ar tí dul i mbun gníomh a chuideoidh thar na bearta leis an bpobal sin a threisiú.
Níl an mheánscoil críochnaithe acu fós – ach is fir iad Enderson Araújo (20) agus Tiago Davi (18) a bhfuil fís acu: teastaíonn uathu an saol i mbruachbhailte bochta a gcathair dhúchais Salvador a fheabhsú. Agus chuige sin, caithfear turasóirí a mhealladh go dtí an favela. Chas Alex Hijmans leo.
Tigíní beaga i mullach a chéile i gcathair ghríobháin de bhóithríní pollta agus cosáin chúnga – tá Sussuarana cosúil le gach bruachbhaile bocht eile in Salvador. Ó chéas drochthriomach oirthuaisceart na Brasaíle sa 1970í agus sna 1980í, bánaíodh an tuath agus d’fhás ceantair bhochta ollmhóra timpeall ar na mórchathracha – na favelas.
Ach focal é ‘favela’ nach gcloisfidh tú ó bhéal Enderson agus Tiago. ‘Comunidade’ a bhíonn acu – ‘pobal.’ Agus sin croílár a dteachtaireachta: ceantair iad seo ar chóir do mhuintir na háite a bheith mórtasach astu.
Cártaí Poist ón Imeall
Dhá bhliain ó shin, bhunaigh Enderson eagraíocht óige. An aidhm atá ag Mídia Periférica – ‘Meáin an Imill’ – ná guth a thabhairt d’aos óg na gceantar bocht. “Bíonn an íomhá a chruthaíonn na gnáthmheáin d’óige na gceantar imeallach an-diúltach,” a deir Enderson. “Drugaí agus foréigean, sin an mana a bhíonn acu. Leis na físeáin ar ár suíomh agus ar ár gcainéal YouTube teastaíonn uainn a léiriú go bhfuil i bhfad níos mó sna háiteanna seo ná cruatan.”
Foilsíonn Mídia Periférica nuachtlitir áitiúil agus eagraíonn siad imeachtaí seachtainiúla ag a mbíonn téamá áirithe á phlé ag ógánaigh ó cheantair bhochta sa chathair ar fad. “D’fhéadfadh ábhar ar bith a bheith i gceist,” a mhínionn Tiago. “Polaitíocht, gnéas, gairm áirithe. Bíonn aoichainteoir againn, duine dár n-aoisréim féin. Tá sé tábhachtach go mbeadh sampla ag daoine óga, go bhfeicfidís daoine óna gcúlra féin a bhfuil rud éigin bainte amach acu.”
Anuraidh, d’iarr Mídia Periférica ar mhuintir na mbruachbhailte bochta grianghraif a chur chucu a d’fhéadfaí a úsáid mar chártaí poist. An aidhm: ceantair imeallacha na cathrach a chur faoin spotsholas.
I mbliana, tá an eagraíocht ag iarraidh an smaoineamh seo a thógáil céim níos faide.
Turasóireacht sa favela
Tá an dá scoil in Sussuarana i mbaol a ndúnta. Tógadh an otharlann áitiúil do dhaonra cúig mhíle duine, sna 1980í, ach caithfidh an áit freastal ar chéad míle duine sa lá inniu. Tá ganntanas póilíní ann, tá an soláthar uisce agus an tseirbhís bhailiúchán bruscair lochtach. Ach téann muintir na háite i ngleic leis an saol lá i ndiaidh lae, mar is é Sussuarana a mbaile.
“Cathracha iontu féin iad na bruachbhailte bochta, tá siad chomh mór sin – ach bíonn aithne ag gach duine ar a chéile agus ní bhíonn lámh chúnta i bhfad riamh. Sin an chiall atá le ‘pobal’ dar liomsa,” a deir Tiago.
An bealach is fearr chun féinmhuinín a thabhairt do mhuintir na háite, dar le Enderson agus Tiago, ná an misneach agus an spiorad pobail sin a thaispeáint don saol mór.
“Sin an fáth go dteastaíonn uainn turasóirí a mhealladh go dtí an favela. Ní hamháin le go mbeidh tuairim acu sin faoin saol i mbruachbhaile bocht, ach ionas go dtuigfidh ár leithéidí féin go bhfuil rud éigin luachmhar againn anseo, rud éigin a theastaíonn ó thurasóirí a fheiceáil,” a deir Enderson.
I Mí na Márta, nuair a bheidh an mheánscoil críochnaithe ag Enderson, cuirfidh Mídia Periférica tús le turais lae go Sussuarana, i gcomhpháirt le treoraithe cáilithe. Siúlóid ar maidin, lón i dteach bia áitiúil agus seisiún chun aithne a chur ar aos óg an cheantair sa tráthnóna. Beidh T-léine cuimhneacháin istigh leis an bpraghas – thart ar 30 euro an duine.
Le cúpla bliain anuas, tá turais go dtí an favela ar fáil i gcathair Rio de Janeiro, ach in Salvador is ceannródaithe iad Enderson agus Tiago. Bíonn drogall ar go leor in earnáil na turasóireachta tabhairt faoi thograí den chineál seo, rud a luíonn le réasún. Ceisteanna sábháilteachta fágtha de leataobh, tá ceist eitice fite fuaite le turasóireacht i gceantair bhochta. An bhfuil mórán difir idir dul ag breathnú ar bhochtáin sa favela agus dul ag breathnú ar mhoncaithe sa zú? An dtaitneoidh sé leis an tseanbhean úd atá ag crochadh éadaí ar dhíon a botháin, thall, go mbeidh scaifte gringos ag glacadh pictiúirí dí ar ball?
Pléascann Enderson ag gáire. “Sin an fáth nach bhfuil tús á chur againn leis an togra go dtí Mí na Márta. Tá an talamh á réiteach againn, ionas go mbeidh a fhios ag gach duine anseo cad chuige atáimid. Forbairt phobail an phríomhobair a bheidh againn i gcónaí, ach is féidir leis an turasóireacht íoc as cuid den obair sin. Ní dúinne atáimid á dhéanamh seo, ach don cheantar.”
“Sin é go díreach,” a deir Tiago. “Agus ná déan dearmad nach bhfágann aos óg na mbruachbhailte bochta a gceantar féin ach go hannamh; ní bhíonn an t-airgead acu. Sin an fáth go bhfuil sé chomh tábhachtach sin go gcasfaí daoine ó chúlraí difriúla orthu. Ar an gcaoi sin, mothóidh siad gur cuid iad den saol mór.”
Scríbhneoir agus comhfhreagraí idirnáisiúnta é Alex Hijmans a bhfuil cónaí air sa Bhrasaíl. Tá an leabhar is déanaí uaidh, ‘Splancanna ó shaol eile’ (Cois Life), ar fáil ó An Siopa Gathering