Na céadta bliain i ndiaidh bhronnadh a cairte ar Bhéal Feirste, míníonn Robert McMillen go bhfuil lucht na teanga mionlaithe ag cur in iúl go feidhmiúil gur cuid de fhíochán na cathrach iad féin fosta.
‘Talamh gan chine do chine gan talamh’ an mana a chuirtear síos ar an fhís a bhí ag Síónaigh don Phalaistín. Séanann Giúdaigh gur mana dá gcuid a bhí ann ar baineadh úsáid as 50 bliain roimh bhunú na gluaiseachta Síónaigh ach i 1901, dúirt an scríbhneoir Giúdach Israel Zangwill:
“Palestine has but a small population of Arabs and fellahin and wandering, lawless, blackmailing Bedouin tribes.”
Ba chuma, ar ndóigh, cé acu Arabaigh nó dream ar bith eile a bhí iontu, níor cheart iad a ruaigeadh ón talamh ar a raibh siad beo leis na mílte bliain. Tá sé sin amhlaidh i gcás na nGael. I mbliana, tá Comhairle Cathrach Bhéal Feirste ag reáchtáil sraith imeachtaí ceiliúrtha, Belfast 400, leis an ceithre céad bliain ó fuair Béal Feirste an chairt le cathair a dhéanamh di a cheiliúradh. Tá mise i bhfách le leithscéal ar bith chun coisir a reáchtáil, ach tá seo ag dul thar fóir dálta cuid mhór dreamanna eile i stair an domhain, tá na Gaeil á ndíbirt ón taifead oifigiúil.
Ó bunaíodh caisleán Bhéal Feirste sa 12ú céad, bhí sé i seilbh na Normannach, na nGael agus na Sasanach ag tréimhsí áirithe ach i ndiaidh fheallmharú Bhriain Mhic Feidhlimidh Uí Néill ag Iarla Essex i 1573, bhí cumhacht na nGael scuabtha i leataobh go deo na ndeor. Ní nach ionadh. Dream barbartha, aineolach, trodach, fiáin a bhí sna Gaeil, mar dhea, agus sin an fáth go raibh “bunaitheoir Bhéal Feirste” ábalta seo a rá:
“I burned all along the Lough, (Loch nEachach) within four miles of Dungannon and killed one hundred people, sparing none of what quality, age or sex soever, besides many burned to death; we kill man, woman and child; horse, beast and whatsoever we find,”
Ba shin caint Sir Arthur Chichester, agus é ag trácht ar ghlanadh eitneach a chleacht sé ar na Gaeil sna bólaí thart ar Bhéal Feirste, do chum ghlóir Eilís I agus d’onóir Shasana. Sa chogadh in éadan Uí Néill, chuir sé cosc ar bhia a dhul a fhad leis na Gaeil. Mar a scríobh sé i litir i 1600, “a million swords will not do them so much harm as one winter’s famine”. Tá Chichester Street i mBéal Feirste baiste as.
Deireadh Tochta
Agus ní ar son na carthanachta nó le sprid an athmhuintearais a spreagadh a tugadh ardú céime do Bhéal Feirste. Dar leis an staraí Sean Connolly, a scríobh an leabhar comórtha Belfast 400, ba é aidhm na cairte a bhunaigh Béal Feirste - agus bailte eile in Éirinn - “ní le bonn a chur faoi ghréasán úr uirbeach ach le dáilcheantair a chruthú a dtiocfadh leat a bheith cinnte fúthu go dtoghfadh siad Teachtaí Protastúnacha don Pharlaimint Éireannach a bhí le theacht. Ní hionadh go bhfuil coimhlint sa chathair ó shin i leith.
Ach bhí Béal Feirste fosta ar na bailte ba radacaí in Éirinn ag deireadh an 18ú céad. The Athens of the North a tugadh air ach 33 bliain i ndiaidh Éiri Amach 1798, scríobh an Sasanach William Hone, an chéad iriseoir iniúchach riamh a deirtear, scríobh sé: “Belfast exhibits the beau ideal of the rotten borough corruption.”
Téann fréamhacha The Dome of Delight mar a thugtar ar Halla Cathrach Bhéal Feirste i bhfad siar.
Ach níl na Gaeil chomh tostach is a bhíodh siad. An tseachtain seo caite, bronnadh achainí ar Ard-Mhéara Bhéal Feirste agus é sínithe ag 400 Gael ag iarraidh aitheantais dá dteanga, dá stair agus dá gcultúir sna himeachtaí comórtha:
“Molaimid, na Ceithre Chéad Saoránach Feirsteach, Gaelach thíos don Ard-Mhéara reatha agus do chomhairleoirí uilig na Cathrach an Chairt seo, Cairt Bhéal Feirste 400, a chur roimh chruinniú den chomhairle iomlán le go bpléifear é agus go dtabharfar suntas do ról agus do shaibhreas na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh mar chuid shuntasach, bhunúsach d’oidhreacht na Cathrach. Seolaimid an Chairt seo sa bhliain chinniúnach seo ina bhfuiltear le ceiliúradh a dhéanamh ar Bhliain na Gaeilge, comóradh 120 Bliain d’athbheochan cultúrtha an 19ú Aois, nuair a bunaíodh Conradh na Gaeilge, agus sa Bhliain Comórtha seo ar Chairt Bhaile Bhéal Feirste a bronnadh ag Rí Shasana Séamas a hAon sa bhliain 1613.”
Tuigeann líon mór na bProtastúanch a bhfuil suim acu sa Ghaeilge go bhfuil an teanga fite fuaite i stair na cathrach agus tá teach fuar na Gaeilge – má bhí sé riamh ann – ag téamh suas. Ceathrar de Ghaeil na Cathrach a bhronn an achainni ach fágfaimid an focal scoir do Shéamas Mhac Seáin, duine de na daoine is mo a d’adhain an tine bheo i gcuideachta mhuintir eile Bhóthar Seoighe. “Tá daoine ann a chreideann go bhfuil an Domhan 6000 bliain d’aois agus go bhfuil Béal Feirste 400 bliain d’aois. Táimid ag cur in iúl dóibh go measúil go bhfuil dul amú orthu ar an dá cheist,” ar sé.