Deir Eoine Keane go bhfuil muintir dúchais Cheanada ag corraí is ag labhairt os ard, agus teastaíonn uathu go gcloisfear iad.
Naisc:
“Mar shaoránaigh Cheanada nach Dúchasach sinn, ba cheart dúinn ar fad fearg a bheith orainn mar gheall ar an éagóir agus ar an idirdhealú atá á dhéanamh ag an rialtas ar an bPobal Dúchasach i gCeanada”
-William Leonard Felepchuk, ionadaí Chomhphobal na Mac Léinn sna Staidéir Dúchasacha agus Ceanadacha, Ollscoil Ottawa.
Is minic le tamall anuas an feachtas agóide “Idle No More”, a throideann ar son cearta polaitiúla agus cumhachta na nDúchasach i gCeanada (atá mar bhunchloch na bunreachta i gCeanada) i mbéal an phobail- go háirithe anseo i bpríomhchathair na tíre Ottawa.
Tháinig Idle No More ar an saol i mí na Samhna 2012, agus tá sé ag dul ó neart go neart ó shin. Thosaigh sé ar beagán ábhair, shamhlófá. D’fhógair an rialtas coiméadach anseo, le Stephen Harper mar Phríomh-Aire aige, gur mhaith leo athruithe suntasacha a thabhairt isteach sa bheartaíocht, go háirithe maidir le cumhacht agus pleanáil na n-uiscebhealaí agus na talún ar fud na tíre.
Níor thóg sé i bhfad ar na Dúchasaigh, a chuimsíonn muintir an Chéid Náisiúin, na hIonúitigh agus na Métis (nó Galldúchasaigh), a gcuid míshástachta a léiriú agus bunaíodh “Idle No More” dá bharr. Is iad príomhaidhmeanna an dreama seo timpeallacht na tíre a chosaint agus a chaomhnú ar mhaithe na nglúnta a thiocfaidh ar an saol amach anseo agus oideachas agus athbheochan cultúir a chur ar dhaoine Dúchasacha trí fhéinfheasacht agus chumhachtú. Cuirtear béim faoi leith ar an bhféincheannas Dúchasach ina theannta sin.
Stailc Theresa Spence
Tháinig Theresa Spence, ceannaire tréibhe Attawapiskat chun tosaigh go gairid tar éis bhunú an ghrúpa nuair a chuaigh sí ar stailc ocrais ar son a muintire ag tús Mhí na Nollag. Chaith sí sé seachtaine ar an stailc seo, gan á ól aici ach uisce líomóide agus anraith éisc, agus í ag fanacht i bpuball / típí gar don Dáil in Ottawa le linn an gheimridh fhuair.
Níor chuir an rialtas rófháilte roimh an bhfeachtas. Tháinig scéal amach tar éis do Spence éirí as a stailc ocrais go raibh an Seanadóir Patrick Brazeau ag magadh fúithi sa Dáil, go raibh amhras air gur dhiúltaigh sí bia le linn na stailce toisc nach raibh an iomarca meacáin caillte aici. Foilsíodh gearáin fosta maidir le hairgeadas na tréibhe Attawapiskat a thug le fios go raibh airgead á dhíomailt go ciotach agus go raibh ceannairí an Chéid Náisiúin ag líonadh a bpócaí féin le hairgead a cuireadh ar fáil dóibh.
Dúradh nach raibh baint ar bith ag an bhfírinne leis an scéal áfach, agus dúradh ina leith chomh maith go ndéanfar iniúchadh ar chuntais an Chéid Náisiúin i bhfad níos minice ná cuntais aon dream eile, agus gur minic a chuirtear iachall ar dhreamanna an t-airgead a chaitheamh go fánach, cé nach dteastaíonn uathu féin a leithéid a dhéanamh i gcónaí. Deirtear chomh maith go gcuirtear 33% níos lú den chistiú ar fáil do pháistí Dúchasacha i gcomórtas le gasúir a bhíonn ag freastal ar scoileanna poiblí ar fud Cheanada.
Is mó an chonspóid a tharraing an ghluaiseacht seo ó bunaíodh í thart ar cheithre mhí ó shin. Is cinnte nach bhfuil mórán deacrachta acu aird a tharraingt, agus is ábhar cainte agus cló an feachtas ar fud Cheanada. In ainneoin na doicheallachta polaitiúla thuasluaite, bhailigh an feachtas neart de réir a chéile: mar atá feicthe go minic le feachtais ar fud an domhain, bíonn ról lárnach ag na meáin sóisialta iontu - daoine ag dul ar líne, go háirithe ar shuíomhanna ar nós Facebook agus Twitter, chun a gcuid tacaíochta a chur in iúl go poiblí. Bhailigh na sluaite le chéile os comhair na Dála agus shiúil siad trí shráideanna na cathrach, ag cur isteach go mór ar chúrsaí tráchta agus tráchtála.
Rath ar an bhFeachtas?
Ach cén toradh a bhí ar an ngluaiseacht seo? D’fhógair Harper cainteanna le ceannairí na nDúchasach ina gcíorfaí na ceisteanna éagsúla a luadh, cé nár luaigh sé ainm an fheachtais ar chor ar bith. Léiríodh míshástacht faoi Phríomh-Ionadaí Chomhthionóil an Chéid Náisiúin a roghnaíodh, Shawn Atloe, agus bheartaigh ceannairí ó Ontario agus Manitoba (dhá chúige i gCeanada) gan freastal ar an gcruinniú. I ndiaidh na gcainteanna, dúradh go mbeidh “plé forleathan leanúnach” idir na ceannairí agus an Príomh-Aire amach anseo.
Tháinig an crú ar an tairne tar éis cruinniú mhí Eanáir. Thit an lug ar an lag i ranna go leor den fheachtas maidir le Comhthionól an Chéid Náisiúin agus maidir leis an treo ina raibh siad ag dul. Bheartaigh Idle No More ar leanúint ar aghaidh leis an ngluaiseacht go háitiúil, agus iarracht a dhéanamh na hathruithe cuí a chur i bhfeidhm iad féin, gan tacaíocht an rialtais. Sampla de scata amháin atá i gceist anseo ná Ollscoil Ottawa, ina bhfuilim féin ag obair. Labhair mé le William Leonard Felepchuk, ionadaí Chomhphobal na Mac Léinn sna Stadéir Dúchasach agus Ceanadach, agus mhínigh sé dom faoin bhfeachtas atá ar siúl san ollscoil féin.
Tá cúig éileamh acu, ina measc go múinfí na teangacha áitiúla Dúchasacha san ollscoil agus go gcuirfí níos mó scolaireachtaí ar fáil do mhic léinn Dúchasacha. Tar éis agóidí díográiseacha ar champas na hOllscoile, ina raibh na céadta páirteach iontu, d’éirigh leo cruinnithe a eagrú le Leas-Uachtarán na hOllscoile chun na héilimh seo a chíoradh.
Is cinnte nár freagraíodh gach ceist, agus ceapann daoine áirithe i gcónaí go bhfuil cur i gcéill ar bonn ag an rialtas, ach is cinnte go bhfuil Idle No More tar éis fadhbanna na nDúchasach a chur chun cinn go náisiúnta, agus go deimhin, go domhanda. Táthar ag súil go gcuirfí an méid seo an Mhuintir Dúchais ar bhóthar a leasa, ach is cinnte go dteastóidh neart oibre agus comhoibre chun é seo a chur i gcrích.