Bhí Tony Birtill i láthair ag seoladh tuarascála. Míníodh i dtuarascáil Hickman nach seicteachas ach ciníochas ba bhonn le hionsaithe ar mhórshiúlta Gael i Learpholl 2012-13.
Labhair an tOllamh Mary Hickman, Ionad Léann na hÉireann, Coláiste Ollscoile Naomh Mhuire, Londain, ag seoladh na tuarascála ‘Faoi Bhrú’ ag Ionad Éireannach Naomh Mícheál i Learpholl i Mí Feabhra. Is é seo tuarascáil faoi ionsaithe ar mhórshiúlta Éireannacha i Learpholl.
Ag an seoladh, mhínigh Séafra Ó Cearbhaill ó Chairde na Éireann faoin ionsaí a rinne dílseoirí agus lucht faisistíochais ar an mhórshiúl ar Lá Fhéile Pádraig sa chathair i 1996 agus an suaimhneas a lean é go dtí 2012, nuair a rinneadh ionsaithe ar thrí mhórshiúl. (Beo, eagrán 132, Aibreán 2012).
Thug an tOllamh Hickman cur síos ar ‘An pobal a bhfuil amhras faoi’, nó an ‘suspect community’, maidir leis na Moslamaigh agus na hÉireannaigh i Sasana.
Is é an dóigh go ndearna sí staidéar ar an mhéid a bhí le rá ag na meáin chumarsáide agus ar pholaiteoirí agus thug sí faoi deara go raibh na Moslamaigh curtha le chéile in aon dream amhrais amháin, d’ainneoin a gcúlraí difriúla. Agus bhíodh sé amhlaidh maidir leis na Gaeil fosta:
“In the period 1974-2007 Irish individuals and groups were represented as a threat to security and to British values and society. Nowadays it is the same for the Moslems, but the cultural threat is played up higher.”
Freagracht Lucht na Meán agus na Polaitíochta
Léigh sí slíocht dúinn as bileog eolais de chuid an English Defence League (EDL) a rinne cur síos ar ‘the scrounging Irish,’ ach mhaígh sí go bhfaigheann siad spreagadh ó na ráitis sna meáin agus ó na polaiteoiri.
Ní raibh seicteachas i gceist leis na ionsaithe i Learpholl, ach bhí an ciníochas ann - iarracht chun ruaig a chur ar na hÉireannaigh as an chathair:
“… in recent periods Britain’s place in the world has declined both politically and economically and British nationalism, or English nationalism bent on purification, is compensation for some for this decline.”
Labhair Paul Jenkins, ó Unite Against Fascism ag seoladh na tuarascála fosta. Dúirt sé go raibh na faisistithe gníomhach ar fud an hEorpa, agus luaigh sé Golden Dawn na Greige. Bhí an t-ionsaí a rinne na faisistithe ar mhórshiúl ‘Comóradh Jim Larkin’ i Learpholl Mí Iúil seo chuaigh thart ina ‘shlógadh náisiúnta’ dóibh agus tháinig siad ó gach cearn den tír le haghaidh an foréigin, mhaigh sé.
Labhair sé faoi stair na ndreamanna faisisteacha sa Bhreatain: EDF, BNP,NF,CXF srl., nó mar a thug sé orthu, ‘an t-anraith aibitre’. Cé gur faisistithe iad, bíonn drogall ar na póilíní é seo a admháil. Is é a thugann siad orthu ‘a human rights group’, - ar an EDL!
Cé go raibh rath ar Nick Griffin, ceannaire an BNP, sa toghchán Eorpach i 2009, theip orthu in gach toghchán, idir áitiúil agus náisiúnta, ó shin agus tá fearg agus mífhoighid orthu mar gheall ar sin, dúirt Paul Jenkins. Is gnách i mórbhailte eile, nuair a bhíonn na faisistithe i mbun agóide, go sáinníonn na póilíní le chéile iad, i gcarrchlós nó ina leithéid, agus ní thugtar cead dóibh bogadh as an áit sin, dúirt sé.
Déanann na póilíní amhlaidh ag agóidí na heite clé fosta- ‘kettling’ atá tugtar air - cuireann siad tródam umpu, chun iad a choinneáil in aon áit amháin. Tugaim faoi deara áfach, nach ndéanann Merseyside Police amhlaidh leis na faisistithe/dílseoirí i Learpholl agus leanann siad na mórshiúlta go dtí an ceann scríbe, ag tabhairt maslaí ciniocha ar na hÉireannaigh, rud atá in aghaidh an dlí. Ó na mórshiúlta atá feicthe agam sa chathair, is é oirbheartaíocht na póilíní an fhadhb is mó atá ann.
Roinnt nach Raibh i Láthair
De réir mholtaí na tuarascála seo, ba chóir do na húdaráis cearta na nÉireannach a chosaint. Is é sin, ba chóir go mbeadh siad in ann mórshiúlta a eagrú saor ó hionsaithe agus ó bhagairtí. Caithfidh na póilíní ar Merseyside aitheantas a thabhairt don fhrith-Éireannachas agus don chiníochas atá sa chathair agus ba chóir go mbeadh acmhainní acu leis na fadhbanna seo a láimhseáil. Moltar sa tuarascáil fosta, gur chóir do na póilíní dul i gcomhairle leis an chomhphobal Éireannach chun na fadhbanna seo a chíoradh.
Thug mé faoi deara áfach, nach raibh na póilíní i láthair ag seoladh na tuarascála seo, cé go bhfuair siad cuireadh oifigiúil. Ní raibh comhairleoirí na cathrach i láthair ach oiread, nó ní raibh duine ar bith ó Ambasáid na hÉireann i Londain, cé go fuair siad cuireadh chuig seoladh na tuarascála fosta.
De ghnáth, ní bhíonn mórán suim sna meáin chumarsáide áitiúla san fhadhb seo, ach rinne BBC Radio Mersesyside agallamh leis an Ollamh Mary Hickman tar éis an seoladh agus bhí trí leathanach iomlán faoin scéal san Irish Post 16/2/13 http://www.irishpost.co.uk
Cúpla lá ina dhiaidh sin, bhí cruinniú ag Cairde na hÉireann leis an Mhéara Joe Anderson agus aontaíodh gur chóir go mbeadh stad láithreach leis na ionsaithe ar na hÉireannaigh agus go mbeadh siad ábalta imeachtaí a eagrú gan bagairti.
Bhí Austin Harney, Rúnaí Chomhdháil na gCeardchumann i Londain ag an seoladh agus dúirt sé gur chóir don phobal Éireannach i Sasana agus in Albain tacaíocht a thabhairt do na hÉireannaigh i Learpholl agus léirsiú a eagrú in aghaidh an ciníochais sa chathair.