Tá athrú íomhá de dhíth ar Ghaeil na hAstráile, dar le Bearnaí Ó Doibhlin, íomhá a bheadh níos iomláine agus níos fire.
Deirtear go minic go bhfuil an Astráil ar an tír is Gaelaí ar domhan, taobh amuigh d’Éirinn féin, agus is iomaí Gael a bhain clú amach sa tír seo. Aisteach le rá, is é an ceithearnach coille, Ned Kelly, a crochadh sa bhliain 1880 in Melbourne, Victoria, an Gael is clúití i stair na tíre (Eagrán 121, Bealtaine 2011). Mar bharr ar an donas, tá tionchar thar na bearta ag an gCeallach ar an dóigh a dhéanann bunáite muintir na hAstráile meas ar cháil na nGael abhus anois.
Tugann na hAstrálaigh bushrangers ar na ceithearnaigh coille a bhí gníomhach faoin tuaith sa dara leath den naoú haois déag agus ba Ghaeil iad cuid nach beag acu. Tá deighilt ghéar le sonrú i dtaca leis an dearcadh atá ag muintir na tíre ar na ceithearnaigh coille. Breathnaíonn daoine áirithe orthu mar fhir chróga a thug dúshlán d’údaráis lochtacha a d’imir cos ar bholg ar chosmhuintir na tíre, ach mothaíonn a lánoiread nach raibh i gceist leo ach coirpigh uirísle a bhí ag tochras ar a gceirtlín féin.
Tá an deighilt ghéar seo le sonrú go mór mór i ndáil le scéal an Cheallaigh, mar a mhínigh Daithí Ó Colchúin, nach maireann, in eagrán 5 den iris seo, Meán Fómhair 2001. Músclaíodh an chonspóid seo faoin gCeallach arís ar na mallaibh nuair a reáchtáladh a thórramh i dtuaisceart Victoria, an ceantar a thugann lucht na turasóireachta Kelly Country (dúiche Uí Chadhla is dócha, nó arís Uí Chaollaí, mar ba le Tiobraid Árann iad, nó arís ar ais, Uí Cheallaigh). Tharla go raibh mé sa cheantar nuair a bhí an tórramh ar siúl agus thapaigh mé an deis freastal air.
Gaeil in Aghaidh Ghael
Bhí na póilíní sa tóir ar dhrong an Cheallaigh ar feadh dhá bhliain mar gur mharaigh siad triúr dá gcomrádaithe, Gaeil gach mac máthar acu. Gabhadh an Ceallach tar éis léigear ar theach tábhairne in Glenrowan, baile beag ina dhúiche, ach maraíodh triúr eile na droinge sa léigear, deartháir an Cheallaigh ina measc. Tógadh go Melbourne é, ciontaíodh as dúnmharú é agus dhaor an breitheamh, an Ridire Redmond Barry – Éireannach eile dar ndóigh – chun báis é. Crochadh é agus maítear go raibh na focail dheireanacha cháiliúla seo aige: “Such is Life”. D’iarr an Ceallach ar na húdaráis a chorp a chur i dtalamh coisricthe, ach caitheadh a chorp in aolchlais le coirp na gcimí eile a crochadh um an dtaca sin.
Bhíothas ag súil nach mbeadh éinne in innimh taisí an cheithearnaigh a dhí-adhlacadh as olluaigh go deo, ach d’éirigh le seandálaithe a chnámharlach a aimsiú dhá bhliain ó shin, ag baint feidhme as eastóscadh aigéid núicléasaigh. Ní raibh sliocht ar an gCeallach féin, ach tugadh a thaisí do shliocht a mhuintire. Reáchtáladh Aifreann éagnairce i bparóiste Naomh Pádraig in Wangaratta, an baile is mó i ndúiche Uí Cheallaigh, i mí Eanáir agus bhí teach an phobail ag cur thar maoil le daoine. Bhí tocht ar go leor acu tar éis an aithisc agus tugadh bualadh bos don chónra nuair a iompraíodh amach é.
An tAthadhlacadh
Cuireadh na taisí an lá dár gcionn in Greta, baile fearainn in aice le Wangaratta, sa reilig chéanna inar cuireadh a mháthair agus a mhuintir. Ní raibh ach na gaolta i láthair agus cuireadh in uaigh gan leic é ar eagla go ndéanfaí truailliú air. Thóg na gaolta leac cuimhneacháin nua taobh le geata na reilige le cur in iúl go bhfuil muintir Uí Cheallaigh curtha inti. Tharla fo-eachtra sa reilig nuair a thug mé féin sciuird uirthi cúpla lá ní ba dhéanaí a léiríonn go bhfuil an deighilt thuasluaite beo beathach san Astráil fós. Bhí scata beag againn ag breathnú go ciúin ar an leic nua nuair a dúirt fear go borb linn go raibh an focal “dúnmharfóir” in easnamh ag barr na leice.
Mar a luaigh mé ag tús an ailt, is iomaí Gael a bhain clú amach san Astráil. Luafaidh mé beirt acu le samplaí a thabhairt de na Gaeil a bhfuil saothar éachtach déanta acu in earnálacha éagsúla abhus. Sa chéad dul síos tá Susan Ryan, an Coimisinéir um Idirdhealú Aoise, a bhí ina hAire Oideachais sa rialtas náisiúnta tráth, an chéad aire mná riamh i bPáirtí an Lucht Oibre. Éireannach eile atá go mór i mbéal an phobail is ea an tOllamh Patrick Mc Gorry, a ceapadh ina Astrálach na Bliana trí bliana ó shin as a shaothar ceannródaíochta ar son daoine a bhfuil meabhairghalar orthu.
Feictear dom go bhfuil sé thar am go raibh cáil na nGael san Astráil a bheith bunaithe níos réadúla agus níos cruinne ar iomlán ár scéil sa tír, in ionad a leagan ar eachtraí cheithearnach coille a tharla beagnach céad go leith bliain ó shin. Ba chóir go mbeadh an t-éacht oibre atá déanta ag leithéidí an choimisinéara agus an ollaimh thuas curtha san áireamh nuair a dhéantar meas ar cháil na nGael abhus.