Bhí John-Paul Mc Carthy ag iniúchadh breith Ard-Chúirte inar dhiúltaigh an binse d’áiteamh Marie Fleming, a bhfuil an t-ilscléaróis ag dul di le blianta, ligean di éalú ó fhulaingt ghleann goirt na ndeor.
Is féidir poll mór a aithint i lár an bhreithiúnais mór-le-rá, Fleming v Ireland, AG and DPP a scríobh triúr breithimh de chuid na hArd-Chúirte insa choimhlint dleathach idir Mrs Fleming agus Oireachtas na hÉireann. Dhiúltaigh na breithimh Nicholas Kearns, Paul Carney agus Gerard Hogan cead a thabhairt do Mharie Fleming lánchead toilteanach a thabhairt dá fear chéile deireadh a chur lena saol, saol atá loite ag Multiple Sclerosis le níos mó ná scór bliain de shaol uafáis.
Chuir na breithimh dhá rud ar leith fé scrúdú, ’sé sin fulaingt gan fuascailt na mná féin, fulaingt leanúnach gan stad gan staonadh dar léi féin, agus os a choinne sin, dualgas an Stáit an saol daonna a chosaint trí choscanna a chuireann bac os comhair iad san a dhéanann iarracht lámh a chur ina mbás féin. Mhaígh na breithimh fé dheireadh ná féadfaidís cead a thabhairt do Marie Fleming socruithe a dhéanamh deireadh a chur lena saol le cabhair sheachtarach gan daoine leochaileacha eile sa chomhphobal a chur sa bhearna bhaoil.
Agus feidhm á baint as scoláireacht de chuid na hÍsiltíre a dhéanann cur síos ar iompar na n-othar agus na ndochtúirí sa tír sin fén réimeas dleathach ana-dhifriúil, dhiúltaigh na breithimh aithris a dhéanamh ar an gcóras Ísiltíreach a ghlac le ‘560 patients (some 0.4% of all deaths) [who] were euthanized without having given their explicit consent.’ (alt 96).
An Míthátal
Tugann na fírící sin i lár an bhreithiúnais le fios gur cineál aiste reductio ad absurdum aiste na mbreitheamh, aiste a thug rabhadh don tír mar gheall ar thorthaí diúltacha a thiocfadh aniar aduaidh ar an gcomhphobal, dá n-éireodh le Mrs Fleming Bunreacht na hÉireann a úsáid chun poll a chur sa reacht ó 1993, reacht a shrianaigh í ina cuid ainnise. Ach ní léir in aon chor féiliúnacht an reductio sin mar níor scríobh na breithimh i ndáiríre mar gheall ar an nasc idir chúinsí sainiúla thinneas Mrs Fleming agus na torthaí diúltacha san Ísiltír dár béimníodh. Dhearbhaigh na breithimh ná féadfhaidís aon fhaoiseamh a thabhairt do Mrs Fleming toisc: ‘the State has provided ample evidential basis to support the view that any relaxation of the ban on assisted suicide would be impossible to tailor to individual cases…’
Ach ní fíor sin i gcás Mrs Fleming amháin toisc gur aithin na breithimh go raibh sí i bponc fisiciúil uafásach agus go raibh a fear chéile sásta cabhrú léi (amháin) deireadh a chur lena fulaingt muna gcuirfeadh an DPP isteach air ex post facto. Muna rabhadar sásta fiú smaoineamh i leith eisceacht sainiúil don bhean seo amháin, ní léir in aon chur cad ba chúis leis na ráitis truamhéile seo a leanas uathu: ‘The Court appreciates, of course, that from Ms. Fleming’s perspective it seems unfair that she is condemned by the law and society to endure that which, for the rest of the able-bodied population, we could not endure and would not personally tolerate.’
Agus
‘The Court was both humbled and inspired by the courage and mental clarity demonstrated by the plaintiff...’
An Sainghearán
Úsáideann breithimh chónaidhme Mheiriceánacha dhá uirlis agus iad ag scagadh gearáin cosúil le gearán Mrs Fleming. Nuair a dhéanann duine achainí ar chúirt reacht éigin a chrosadh ina iomlán, tugtar ‘facial challenge’ nó “gearán ginearálta” ar sin agus cuirtear iachall ar an nduine a dhéanann an gearán a thaispeánt ná féidir an reacht sin a chur i bhfeidhm riamh gan dochar éigin a dhéanamh. Is annamh go n-éiríonn le gearán mar seo.
Ach tugann na breithimh cead do shaoránaigh gearán eile a dhéanamh, gearán níos pearsanta, agus seo an ‘as-applied challenge’, nó an ‘gearán feidhmiúil’. Dá bhféadfaí a léiriú do bhreithimh an tslí ina gcuireann dlí nó reacht isteach ortsa amháin, is féidir leo an fheidhm shainiúil sin amháin den reacht a thoirmeasc. Ní léir cad ina thaobh nach ndearna Kearns, Carney agus Hogan rud éigin cosúil le sin sa chás seo. Ní dhearna siad aon nasc idir an eisceacht speisialta sin a chabhródh le Mrs Fleming amháin agus na deacrachtaí ginearálta sin san Ísiltír.
Conas a chruthódh eisceacht do Mrs Fleming amháin na deachrachtaí sin, ach go háirithe nuair a d’adhmhaigh na breithimh gur cinneadh neamhspleách í cinneadh na mná céanna cabhair a lorg “in having a peaceful dignified death in the arms of her partner and with her children in attendance.”? Theip orthu líne chuí a tharraingt idir achainí Mrs Fleming agus staidreamh sin na Mór-Roinne. Theip orthu freisin aon aird a thabhairt ar bhreithiúnas cáiliúil John Paul Stevens, breitheamh a scríobh: ‘Life, particularly human life, is not commonly thought of as a merely physiological condition or function. Its sanctity is often thought to derive from the impossibility of any such reduction.’ (Cruzan v. Director, Missouri Department of Health, 497 U.S. 261 (1990)
Nach é sin bunchloch achainí Mrs Fleming agus idirdhealú á dhéanamh aici idir “naofacht” an tsaoil agus dígnit an bháis réamhbhearthaithe?
- Is scríbhneoir staire ó chathair Chorcaí John-Paul McCarthy.