AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Comóradh Céad Bliain Canberra
Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin

Ní in Éirinn amháin a bhíonn pobal na tíre in aghaidh a bpríomhchathair, mar is eol do Bhearnaí Ó Doibhlin go rómhaith, tharla go bhfuil sé ag cur faoi i gCanberra na hAstráile le blianta.

Íomhá
Loch Burley Griffin i gCanberra
(le John-Pierre Favre (ar Picasaweb)
Íomhá
Henri de Toulouse-Lautrec c. 1891
(le Maurice Guibert ar Vicipéid)
Íomhá
Crannóg na Cumarsáide, Sliabh na Duibhe, Canberra
(le Bidgee ar Vicipéid)
Íomhá
Áras úr an Rialtais, Canberra
(le Stewart Ross ar Picasaweb)

Chuir muid fúinn in Canberra, príomhchathair na hAstráile, bunáite ceathracha bliain ó shin agus is breá linn an chathair dheas seo. Bíodh is gur príomhchathair Canberra í, níl an clú céanna uirthi thar lear is atá ar chathracha móra eile na hAstráile, leithéidí Sydney agus Melbourne. Ní mó linn é ná cáithnín faoi fhiacail an easpa aitheantais seo, ach is crá croí amach is amach é an tarcaisne a thugann muintir eile na tíre dá bpríomhchathair go rialta (Eagrán 86, Meitheamh 2008). Is féidir, ámh, go dtiocfaidh feabhas éigin ar a híomhá i measc mhuintir na hAstráile i mbliana agus sraith imeachtaí ceiliúrtha ar siúl le céad bliain na cathrach boichte a chomóradh.

Ainmníodh Canberra go hoifigiúil ar 12 Márta, 1913, nuair a d’fhógair an Tiarna Mná Denham, bean chéile an Ard-Ghobharnóra an t-am sin, ainm na príomhchathrach. Is focal bundúchasach é Canberra agus bhí na húdaráis éiginnte faoin dóigh cheart é a fhuaimniú. Fágadh an cheist faoin mbantiarna agus chuir sise an bhéim ghutha ar chéad siolla an ainm ina fógairt. Sin an dóigh chaighdeánach chun í a rá dá bhíthin sin, cé go mbíonn sé de nós ag Astrálaigh áirithe an bhéim ghutha a chur ar an dara siolla.

Bíonn cóisir lá breithe ag muintir Canberra gach bliain ar Lá Canberra, an Luan is gaire don 12 Márta. Roghnaítear an lá sin ionas go mbíonn muintir na cathrach in ann an lá breithe a cheiliúradh sa dóigh fhíor-Astrálach: thar deireadh seachtaine fada! Déanta na fírinne, tapaíonn daoine go leor in Canberra an deis an deireadh seachtaine fada a chaitheamh ar chósta theas New South Wales, cúpla uair an chloig soir uainn, le héalú ó bhrú na cathrach agus ó bhrothall an fhómhair.

Tá Mealladh na nAstrálach Inti

Ní raibh an tréigean seo le feiceáil i mbliana, áfach, mar go bhfuil cóisir ar siúl ó cheann ceann na bliana le céad bliain na cathrach a cheiliúradh agus imeachtaí éagsúla go leor ann le freastal ar gach riachtanas. Ceapadh Robyn Archer, siamsóir mór le rá, ina stiúrthóir ealaíne ar an gcomóradh anuraidh agus leag sí síos a fís uaillmhianach don bhliain ag an am. Gheall sí go mbeadh páirt ag daoine idir óg agus aosta as gach réimse na sochaí le léargas cruinn a thabhairt ar an bpríomhchathair, ar a ról mar shuíomh an rialtais náisiúnta san áireamh. Gheall sí freisin go mbeadh imeachtaí faoi leith sna forais chultúrtha náisiúnta lárnach sa chomóradh. Nuair a foilsíodh clár na bliana (www.canberra100.com.au) ba ríléir go ndearna sí beart de réir briathair agus go mbainfí leas iomlán as cruthaíocht na cathrach sa bhliain chomórtha.

Cuireadh tús bríomhar leis an mbliain cheiliúrtha sna forais náisiúnta le taispeántas de shaothar Henri de Toulouse-Lautrec, an péintéir Francach iomráiteach, sa Dánlann Náisiúnta. Ní raibh a leithéid le feiceáil san Astráil cheana agus phlódaigh na mílte isteach go Canberra le freastal air. Beidh taispeántais den scoth sna forais eile le linn na bliana a mheallfaidh na mílte cuairteoirí eile chun na príomhchathrach.

an Chrannlann Náisiúnta, a osclaíodh i mí Feabhra, ar an tionscadal is mó agus is costasaí ar chlár na bliana. Tógadh an chrannlann ar shuíomh ina raibh plandáil chrainn giúise a dódh go talamh le linn na falscaí a bhuail an chathair deich mbliana ó shin (Eagrán 95, Márta 2009). Is mór an trua nach mairfimid fada go leor leis an chrannlann a fheiceáil lánfhásta, ach idir an dá linn is acmhainn taitneamhachta í a mheallann cuairteoirí as gach cearn den tír.

Scoth an Domhain san Iomaíocht

Gheall Archer go mbeadh spórt den chéad scoth lárnach ina clár agus cuir sí lena focal arís. Reáchtáladh Craobh Oscailte Gailf na mBan in Canberra i mí Feabhra den chéad uair riamh, cuirim i gcás. Thapaigh mé an deis ceithre lá a chaitheamh ag breathnú ar na mná a áirítear ar na galfairí is fearr ar domhan. Beidh cluichí spóirt idirnáisiúnta eile sa chathair níos déanaí i mbliana, cluiche rugbaí in éadan na Leon, an fhoireann chomhdhéanta as imreoirí de chuid na Breataine agus na hÉireann, san áireamh.

Ní minic a bhíonn an deis ag aon tír a príomhchathair a thógáil d’aon turas as an úr mar a tharla le Canberra, ach ní réitíonn leagan amach Canberra le muintir na tíre. Is cathair pleanáilte í Canberra agus is fuath leis na hAstrálaigh cathair chomh hordaithe. Tiocfaidh Astrálaigh ó chian agus ó chóngar i mbliana le seal a chaitheamh i gCanberra, cuid acu den chéaduair, fad is a fhreastalaíonn siad ar na himeachtaí éagsúla. Má tá taithí dhearfach acu, táim ag súil go rachaidh an chathair i gcion orthu agus go mbeidh na hAstrálaigh sin ar a laghad bródúil as a bpríomhchathair fhadfhulangach.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.