AR NA SAOLTA SEO
Ceapadh an Fhinscéil
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Tchítear do Robert McMillen gur tanaí agus gur trédhearcach go leor de cheapadóireacht na féiniúlachta, ar neamhcead don taobh den teorainn a mbeidh tú.

Tá cara ag mo mhac arb as na hOileáin Fhilipíneacha é agus an tseachtain seo caite, thug sé ruaig suas go Caisleán Cromghlinne le go mbeadh sé páirteach sa deasghnáth a dhéanfadh saoránach de chuid na Ríochta Aontaithe é. Go dtí seo, tá chóir a bheith £5000 caite aige leis an ghradam sin a fháil (ach b’éigean do díol as clóichead Briotanach anuas air sin!)

Níorbh éigean dó an scrúdú um Saoránacht na Breataine a dhéanamh áfach. (Rinne mé féin é ar shuíomh idirlín an Guardian agus fuair mé amach go bhfuil mé níos GalldaBuckingham Palace, cor blimey. Go bhfios dom, níl a leithéid de scrúdú le déanamh ó dheas (ní maith linne, nordies, an Phoblacht a thabhairt air go dtí go mbeidh an gnó gan chríochnú críochnaithe) ach rith sé liom gur ceart scrúdú saoránachta a chur ar dhaoine a mhaíonn gur Éireannaigh an tuaiscirt/ tuaisceartaigh na hÉireann iad.

De réir mar a éiríonn leo, beidh a fhios againn cé acu is aontachtaithe Caitliceacha iad, nó aontachtaithe measartha nó gur náisiúnaigh iad a chreideann gurb ionann an rialtas ó dheas agus foireann The Sopranos agus gurbh fhearr leo suí ar an chlaí ar feadh tamaillín go bhfeicfidh siad aiséirí an Tíogair Cheiltigh, ní hamháin saor ach Gaelach chomh maith. Tá dóigh amháin le fáil amach cé acu. Mar shampla, an cheist spóirt.

Má fhiafraítear cé hé/cé hí (i bhfírinne is leor cé hé) an phearsa spóirt is fearr beo i dTuaisceart Éireann, má fhreagraítear gur Mickey Harte atá i gceist is tuaisceart náisiúnaíoch atá i gceist, gan aon agó.

Má fhreagraítear, Darren Clarke, aontachtach den eite Basil/John atá ann.

Má thugtar an freagra Rory McIlroy, is Caitliceach an chaisleain a thug an freagra. Sách simplí.

Ceisteanna i Réimsí Eile Saoil

Na Northern Irish, na hiománaithe ar an chlaí seo, an ansa leo The Late, Late Show nó Jonathan Ross? U2 nó Guns and Roses? Laethanta saoire i dTír Chonaill nó i bPort Rois? An abrann siad ‘TG Ceathair’ nó ‘TG Four’? (Maidir leis an teilifís de, cén fáth nach n-amharcann aon duine ó thuaidh ar Fair City? Ó thosaigh sé i 1989, cad chuige nár chuala oiread is duine amháin éinne ag fiafraí “Bhfaca tú Fair City aréir?")

An dtugann siad douze points d’Éirinn agus null points don Ríocht Aontaithe sa chomórtas Eoraifíse?

An dtugann siad Arm na Breataine nó An tArm ar, em, Arm na Breataine?

An bhfuil naoi nó sé chontae in Ultaibh?

Tá na mílte ceist againn ó thuaidh a léiríonn a bhfreagraí cén dearcadh polaitíochta atá ag duine, agus miondifríochtaí saíochta.

Mar shampla, ceist diúide mar “An bhfaca tú an cluiche mór inné?”

Ag brath ar an duine a bhfuil tú ag caint leis, caithfidh tú oibriú amach go fo-chomhfhiosach agus go hiontach gasta an bhfuiltear ag caint ar Manchester United in éadan Arsenal nó ar Thír Eoghain in éadan Bhaile Átha Cliath sa Chraobh.

Ceist eile a rith liom, iad sin ó dheas den teorainn ar fearr leo Eastenders, Manchester United, One Direction ná Ros na Rún, a gcumann áitiúil CLG agus Planxty, an “Northern Irish” atá iontu siúd? An cur síos cultúrtha nó cur síos polaitiúil atá i gceist?

An stuif dáiríre anois. Scríobh an fealsúnaí Francach Michel Foucault: “L’espace est fondamental dans tout exercice du pouvoir” (tá an spás i gcroílár gach gníomh cumhachta) agus “Is árthach don chumhacht shóisialta i gcónaí é an spás.”

An chiall atá leis seo, dar liom, ná go gcaithfidh teorainneacha tíreolaíochta a bheith ann más mian leat smacht a bheith agat ar spás/cheantar/thír/phobal. Sin an fáth gur tarraingíodh limistéar Stát na Sé Chontae “with a bland subordination of topography to self-interest.”

Feiceann Súil Ghlas Ula Ghlas

In alt thar a bheith spéisiúíl a scríobh Mary Burgess sa chéad Field Day Review i 2005, cuireann sí síos ar an dóigh ar oibrigh staraithe, státseirbhísigh agus tíreolaithe le ginealach ársa Briotanach a bhronnadh ar na Sé Chontae. Ní ró-ársa, ar ndóigh. B’éigean toiseacht leis na Plandálacha don chuid is mó ach ní raibh eagla orthu amharc níos sia siar le go mbeadh cuma níos nádúrtha ar an chríochdheighilt.


Mar shampla, scríobhann Burgess, léachtóir le Béarla in Ollscoil Notre Dame, ar chás na n-ulacha cúirte in Éirinn.
Mhaígh aontachtaithe go raibh difir idir séadchomharthaí an tuaiscirt agus séadchomharthaí an deiscirt agus scríobh beirt staraithe críochdheighilteacha, E Estyn Evans agus Oliver Davies, ó tharla an cineál céanna ulacha a bheith in Albain gur ón Bhreatain anoir a tháinig siad.

Níor aontaigh mac Éamon de Valera, Ruairidh, leo. Bhí na hulacha seo le fáil ar fud na hÉireann agus gur aniar a spréigh siad, a dúirt seisean.Tá an ghné pholaitiúil iontach soiléir san allagar seo.

Sin ráite, rinne cumadóirí finscéal bunaidh an Stáit ó thuaidh jab chomh maith sin is go bhfuil daoine anois ann atá sásta Northern Irish a thabhairt orthu féin mar fhéiniúlacht.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.