Ba ar mhaithe le hearnáil na cógaisíochta seachas cearta phobal na Gaeilge a mhol an Roinn Sláinte go n-athrófaí Treoir Eorpach dar le Breandán Delap.
Tá seanbhlas agus cur i gcéill an stáit i leith cur chun cinn na Gaeilge le sonrú go soiléir ins an dóigh ar cuireadh mianta tionscal na cógaisíochta chun tosaigh ar chearta phobal na Gaeilge le déanaí, óir tá sé admhaithe anois ag an Roinn Sláinte gurb iadsan a chur tús leis an phróiseas le treoir Eorpach a athrú ionas nach mbeadh dualgas ar chomhlachtaí leighis lipéidí i nGaeilge a chur ar chógais a dhíoltar in Éirinn. Tharla sé seo ag am nuair a bhí dúshlán faoin ábhar ar tí teacht os comhair na gcúirteanna.
’Sé cúlra an scéil seo ná gur thionscain iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Tomás Mac Ruairí athbhreithniú breithiúnach i 2011 le go gcuirfí i bhfeidhm treoir de chuid an Aontais Eorpaigh, ina raibh sé de dhualgas ar Éirinn agus ar gach ballstát eile lipéadú a dhéanamh i ngach teanga oifigiúil dá gcuid ar chógais agus ar na bileoga eolais a théann leo (Airteagal 63 de Threoir 2001/83/EC). Cuireadh deireadh leis an chás sin ar an 23 Eanáir i mbliana mar gur dúradh go ndearnadh leasú ar an treoir. De réir an leasaithe sin, ní bheidh ar bhallstáit ach lipéadú a dhéanamh i dteanga oifigiúil amháin de chuid an stáit. Chiallaigh sé sin i gcás na hÉireann nach raibh aon dualgas lipéadú i nGaeilge a chur ar chógais.
Baint As na Treorach
Ag eascairt as sin, rinne mé iarratas faoin Acht um Shaoráil Faisnéise le haghaidh taifid a bhain le hathrú na treorach. Diúltaíodh na cáipéisí uilig a chur ar fáil ar chúiseanna a bhain le ‘caidreamh idirnáisiúnta’ a dúradh. Ach nuair a cuireadh ceisteanna faoin ábhar chuig an Roinn Sláinte, admhaíodh gurb as an tír seo a tháinig an moladh chun an fhoclaíocht a athrú agus gur chuir siad cáipéis a bhain le leasú na treorach faoi bhráid mheitheal de chuid an Aontais Eorpaigh ar an 28 Feabhra 2012. Ghlac Parlaimint na hEorpa leis an athrú go luath ina dhiaidh sin. Foilsíodh an Treoir nua (2012/26/EU) - agus leasú na hÉireann curtha san áireamh ann - ar an 25 Deireadh Fómhair 2012. Bhí athbhreithniú breithiúnach Thomáis Mhic Ruairí fós ar na bacáin ag an am ach bhí an ghaoth bainte dá seolta ag an leasú seo.
Dúirt an Roinn nach raibh sé ariamh i gceist go mbeadh ar thíortha an Aontais Eorpaigh lipéadú a dhéanamh ar chógais i ngach teanga oifigiúil: “There has never been a requirement for medicines on the Irish market to be labelled in both the English and Irish languages.”
Ach tagann sé seo salach ar cháipéis chomhairliúcháin a d’ullmhaigh feidhmeannaigh na Roinne don Aire Sláinte, James Reilly, sula ndeachaigh sé i mbun a chuid cúraimí, inar dhúirt an Roinn Sláinte gur cuireadh in iúl daofa trí chomhairle dlí go raibh gá le lipéadú i nGaeilge agus i mBéarla faoi Threoir an Aontais Eorpaigh: “Legal advice received by the Department indicates that the relevant EU Directive requires labelling and packaging in Irish and English.”
Ar ndóigh, ní bheadh aon ghá leis an treoir a leasú murar cheap an Roinn Sláinte go raibh fadhb ag baint leis! Deir an Roinn, áfach, gur mhol siad go leasófaí an Treoir “in order to address this potential for misunderstanding of Art 63.”
An Finscéal ina Thátal
Ach cad a spreag i ndáiríre iad chun an treoir an leasú? Chuaigh an Roinn i gcomhairle le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, le Cumann Cógaiseoirí na hÉireann agus leis an eagraíocht a dhéanann ionadaíocht ar tháirgeoirí na gcógas, chun a fháil amach faoi na himpleachtaí a bheadh ann daofa dá mbeadh gá le lipéadú i mBéarla agus i nGaeilge. Ar ndóigh, tá leas dílsithe ag na heagraíochtaí sin uilig agus chuir siad cás láidir chun tosaigh in éadan lipéadú i nGeailge. Díol suntais domsa, áfach, nach ndeachaigh an Roinn Sláinte chun cainte leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ná go deimhin le haon eagraíocht Ghaeilge faoin cheist.
Anuas ar sin, choimisiúnaigh an Roinn Sláinte Tuarascáil Neamhspleách ó shaineolaí ar an ábhar. Is í Ann McGee, Príomh-Chomhairleoir agus Stiúrthóir Bainistíochta an chomhlachta McGee Pharma International, an saineolaí neamhspleách a bhí i mbun na tuarascála seo. Is poitigéir cáilithe í a chaith blianta fada ag obair le Bord Leigheasra na hÉireann agus ag cur comhairle ar thionscal na cógaisíochta. Ní léir arís eile go ndeachaigh sí chun cainte le Roinn na Gaeltachta ná le heagrais Ghaeilge sular chuir sí a tuarascáil i dtoll a chéile.
’Sé an tátal atá le baint as an tuarascáil agus as próiseas comhairliúcháin na Roinne ná go gcosnódh sé idir €60,000 agus €80,000 in aghaidh an táirge mar chostas aonuaire bileoga eolais agus lipéidí as Gaeilge a chur ar na cógais. Lena chois sin, cosnódh sé €23,000 ar gach tairge in aghaidh na bliana. De réir figiúirí na Roinne, tá 6,320 cógas ar an mhargadh sa tír seo agus bheadh suim de €379m le híoc ag an tionscal i dtús ama chun an lipéadú Gaeilge a chur ar a gcuid táirgí agus €145m gach bliain ina dhiaidh sin. Mar thoradh ar na costais bhreise seo, mheas Ann McGee go mbainfí cógais áirithe, gur beag ráchairt atá orthu, de mhargadh na hÉireann. Bheadh ciallachais aige seo do chúram othair agus d’fhostaíocht i dtionscal na cógaisíochta. Tá an baol ann fosta nach mbeadh cógais úra ar fáil anseo ar chor ar bith. Mhaígh an tuarascáil: ‘None of these potential developments would be in the best interests of patient care or the economy of Ireland.’
Seafóid Ghlan, faoi €63m sa Bhliain
Tá sé doiligh dul in éadan na bpointí sin uilig má chreideann tú na figiúirí atá luaite ag an tionscal féin. Níl ann ach taobh amháin den scéal, áfach. An chéad uair eile a bheas tinneas cinn ort, tarraing amach an bhileog eolais sa bhosca anadin nó nurofen agus cífidh tú go bhfuil na treoracha tugtha in an iliomad teanga éagsúil. Ní léir domsa gur thit an tóin as géilleagar na dtíortha ina labhraítear na teangacha sin nó gur cuireadh beatha othair i mbaol dá bharr. Níor cheart ach an oiread na costais atá luaite ag an Roinn Sláinte a shlogadh gan chogaint. Ins an aighneacht a sheol an Cumann Cógaisíochta agus Cúram Leighis (IPHA) chuig an Roinn, cuirim i gcás, dúradh go gcosnódh sé €10,000 in aghaidh na bliana ar gach táirge, fóirsteanacht an téacs a fhéachaint, nó mar a thugann siad féin air, ‘user readability testing’. Tá cuma áiféiseach ar an fhigiúr sin. An bhfuil siad ag rá linn i ndáiríre go gcosnódh sé os cionn €63m sa bhliain téacsanna Gaeilge ar bhileoga eolais a thástáil lena chinntiú go dtuigfeadh an léitheoir an fhoclaíocht a úsáidtear?
Ar ndóigh thuigfeá cad tuige go mbeadh an Roinn Sláinte ag feidhmiú ar mhaithe le mianta an tionscal cógaisíochta ach cén fáth nár chuir Roinn na Gaeltachta a mhalairt de chás chun cinn? Gíog ná míog níor chualathas uathu ar an cheist seo agus ní léir go bhfaca siad aon chúram dóibh ann.
Tuigim go mbeidh go leor daoine ann a déarfaidh gur cur amú airgid a bheadh i mbileoga eolais agus lipéid i nGaeilge. Ní aontaím leis an tuairim sin ach thacóinn leis an tuiscint go gcuirtear teanga leochaileach i mbaol breise gach uair a mbrúitear amach ar an imeall í as réimse eile den allagar phoiblí. Más riachtanas é Béarla a bheith ar do thoil agat le bileoga eolais faoi tháirge leighis a léamh cén teachtaireacht a thugann sé sin faoi sheasamh agus faoi stádas na Gaeilge? Agus tá ceist níos leithne ag eascairt ó chás seo: cén mhaitheas stádas oifigiúil a bheith faighte ag an Ghaeilge mar theanga oibre de chuid na hEorpa má tá an rialtas féin i mbun socruithe faoi choim lena chinntiú gur beag an leas feidhmiúil a bheas aici?
Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.